Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Litir ó Úna Ní Fhaircheallaigh

Title
Litir ó Úna Ní Fhaircheallaigh
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Úna,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Litir ó Úna Ní Fhaircheallaigh.



A Chara,



Goidé an cinéal cainte é seo chím sa
“Chlaidheamh” le cúpla seachtmhain nó
bhfuil sibh as bhur gcéill ar fad?



An gcreideann duine ar bith agaibh
go mbéinn-se ar taobh muinntir óg
na tíre seo do chur isteach san arm
Shacsanach nó iad do chur fá smacht na
Sacsan? Má chreideann tá mearbhall
air. Táim-se díreach i n-a choinne sin
agus labhras go láidir i n-a choinne ar an
gcruinniughadh so a bhfuil sibh ag trácht
air. Thárla an cruinniughadh is na Trí
Liaga cúpla lá i ndiaidh fuagra Chitsener
do bheith is na páipéaraibh. Thaisbéan
mé an páipéar do na hÓglachaibh agus
d'iarras orra ar son Dé gan dul isteach
san arm, gur bheag a thuill Citsener
uainne i ndiaidh a ndearna sé i n-ár
gcoinne tamall ó shoin agus gur bheag
a thuill na Sacsanaigh uainne agus na
chaoi i n-a bhfuil an tir bhocht seo fa
láthair.



Dubhras fosta do bhfuil na hÓglaoich
uile do dhíth ar Éirinn féin agus gur chóir
dhóibh seachas gach ní do bheith dílis dí-se.



Rud eile adubhras agus deirim arís é
- nach ceart dúinn a leigint do thír
choimhthigheach eile brúghadh isteach orainn
nó sinn do chur fá chois. Ba cheart sean-
eolas a bheith againn ar a leithéid.
Maidir le bheith ag cainnt ar gur cheart
dúinn fáilte do chur roimh stáinséaraibh
ar bith ní sclábhuidheach go dtí é. Ní
chum saoireacht do thabhairt dúinn a
thiocfadh.



Ní abróchainn mar sin féin nach
gcreideann na daoine cheapas sin go
dtéidhfeadh sé chum tairbhe na hÉireann
dá dtuiteadh sin amach. Cead ag gach
duine a rogha smuaointe a bheith aige
i n-a thaoibh sin fhad is tá sé dílis d'Éirinn.
Acht ní fhuil sé ceaduigheach do dhuine ar
bith crut mí-cheart do chur ar an ní
adeirtear ar chruinniughadh. Is amaideach
mar fhogha é óir bhí na mílte daoine i
láthair agus cluas le héisteacht orra.



A fhad is atá daoine i n-ar measg
bhaineas pléisiúr as droch-mheas do
chaitheamh ar a gcomharsabaibh ní thig linn
bheith ag súil le beannacht Dé anuas ar
ar gcuid oibre.



Mise.
Úna Ní Fhaircheallaigh.
Gort a' Choirce.
6.ix,1914.



[Ní raibh aon tuairisg sa Chlaidheadh
ar an gcainnt a rinne Úna Ní Fhair-
cheallaigh. Na daoine a rinne tagairt
do'n chainnt sin níor innsigheadar céard
dubhradh. Tá adhbhar casaoide ag ar
gcaraid gur deineadh éagcóir uirthi
agus tá súil againn nach ndéanfar a
leithéid arís. F. an Ch.]

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services