Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
We Are All English Now
Title
We Are All English Now
Author(s)
C.U.,
Pen Name
C.U.
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
We Are All English Now. Ní dóigh liom go luigheann sé ormsa freagra thabhairt ar thairringreacht “Chú Dalú,” fá an rud a thuitfeas amach ma bhuaidheann an Gearmáineach 'sa' chogadh. D'fhéadfainnse tairrgreacht do chumadh ar an taoibh eile dá mbudh mian liom é do bheadh comh hughdarásach céadna ach níl aon mhaith annsin, má thuigeann “Cú Dalú” cad iad na cánacha agus an daorsmacht chuirfear an Ghaedhealaibh má eirigheann le Gearmáineacha. B'fhéidir go dtig leis innse dúinn méad na gcánach agus méad na daorsmachta má eirigh- eann leis an drong eile. Ní sgríobhfainn freagra ar chor ar bith ach go tarraingeann sé isteach Lobáin agus tá rud éigin le rádh agam fá sin. Tá an-truaigh againn gur sgriosadh Lobháin nó go scriostar áit ar bith. Agus tá truaigh againn do na Belgae bochta gur tarraingeadh isteach sa chogadh iad ar chor ar bith ach nuair mhaidheann páipéir na hÉireann mar ghníd, gur éagcóir áithrid ar Éirinn an sgriosadh sin is neamh-ionraiceach an mhaise dóibh é. Sé adeir siad go bhfuil sean-cheangal eadar Éirinn agus Lobháin agus go raibh, b'fhéidir sgríbhinní Gaedhilge i dtaisge i leabharlainn ann fás agus gur dóigheadh iad ag na Gear- máineachaibh. Feuch anois an ceangal do bhí eadar Éirinn agus Lobháin. Bhí dream sagart cráibhtheach Gaedhealach i gConbheant i Lobháin san seiseadh aois déag, sagairt dílis foghlumtha do rinne mórán saothair ann: an sagart Mac Colgáin, an sagart Mac an Bháird, an bráthair Oirmhidheach Mícheál Ó Cléirigh agus a lán eile. Rinne siad obair litiordha a chuaidh chun tairbhe d'Éirinn i modh gur doiligh a luadh. Anois goidé thug ansiúd iad? Mar gur teilgeadh as an tír seo iad ar nós con allta, agus cia chuir an ruaig ortha? An é an Caesar nó a shinnsearaibh? Fágfaidh mé an cheist sin mar atá sé. Agus anois fá na sgríbhinní. Níl sé cinnte gur dóigheadh sgríbhinn ar bith ach má dóigheadh is cinnte nach dearna d'aon- ghnó é mar olcas orainne. Má dhóigh Gearmáineacha sgríbhinní Gheadhealacha i ndéine cogaidh ina bhfuil siad ag a gcosaint fein ar dhá dtrian muintire na hEorpa nach fíor é gur bhraonn siad a ndeich n-oiread sgríbhinní Gaedhilge orainne roimh ré. Nár chuartuigh siad agus nár lorg siad i ngach leabharlainn san Eúróip go bhfuair siad na sgríbhinnní Gaedhilge a bhí ionnta, agus nár bhronn siad orainne iad agus ar an tsaoghal i gcoitchionn, gur thóg siad cáil na nGaedheal as an dubh-cheo ina raibh sí. Ach cé an dream do dhóigh agus do bhádhaigh sean-leabhra na hÉireann tríd na haoisibh ní headh i lár cogaidh ach le rún go mbéadhmaois sinne i n-easbaidh na leabhar agus i n-aineolas smuainte ar sinnsear? Ta a lochta féin ar na Gearmáineachaibh is dóighthe. Agus ní'l mise ag iarraidh ar Ghaedhealaibh páirt do ghlacadh leobhtha ach deirim arís gur neamh-ionraiceach an gháir masluighthe atá páipéir na hÉireann ag tógbháil umpa. Bíodh ciall againn agus tabhramaois aire dár ngnó féin. C.U.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services