We Are All English Now.
Ní dóigh liom go luigheann sé ormsa
freagra thabhairt ar thairringreacht “Chú
Dalú,” fá an rud a thuitfeas amach ma
bhuaidheann an Gearmáineach 'sa' chogadh.
D'fhéadfainnse tairrgreacht do chumadh
ar an taoibh eile dá mbudh mian liom é
do bheadh comh hughdarásach céadna ach
níl aon mhaith annsin, má thuigeann “Cú
Dalú” cad iad na cánacha agus an
daorsmacht chuirfear an Ghaedhealaibh má
eirigheann le Gearmáineacha. B'fhéidir go
dtig leis innse dúinn méad na gcánach
agus méad na daorsmachta má eirigh-
eann leis an drong eile.
Ní sgríobhfainn freagra ar chor ar
bith ach go tarraingeann sé isteach
Lobáin agus tá rud éigin le rádh agam
fá sin. Tá an-truaigh againn gur
sgriosadh Lobháin nó go scriostar áit
ar bith. Agus tá truaigh againn do
na Belgae bochta gur tarraingeadh isteach
sa chogadh iad ar chor ar bith ach nuair
mhaidheann páipéir na hÉireann mar
ghníd, gur éagcóir áithrid ar Éirinn an
sgriosadh sin is neamh-ionraiceach an
mhaise dóibh é. Sé adeir siad go bhfuil
sean-cheangal eadar Éirinn agus
Lobháin agus go raibh, b'fhéidir sgríbhinní
Gaedhilge i dtaisge i leabharlainn ann
fás agus gur dóigheadh iad ag na Gear-
máineachaibh. Feuch anois an ceangal
do bhí eadar Éirinn agus Lobháin. Bhí
dream sagart cráibhtheach Gaedhealach i
gConbheant i Lobháin san seiseadh aois
déag, sagairt dílis foghlumtha do rinne
mórán saothair ann: an sagart Mac
Colgáin, an sagart Mac an Bháird, an
bráthair Oirmhidheach Mícheál Ó
Cléirigh agus a lán eile. Rinne siad
obair litiordha a chuaidh chun tairbhe
d'Éirinn i modh gur doiligh a luadh.
Anois goidé thug ansiúd iad? Mar
gur teilgeadh as an tír seo iad ar nós
con allta, agus cia chuir an ruaig ortha?
An é an Caesar nó a shinnsearaibh?
Fágfaidh mé an cheist sin mar atá sé.
Agus anois fá na sgríbhinní. Níl sé
cinnte gur dóigheadh sgríbhinn ar bith ach
má dóigheadh is cinnte nach dearna d'aon-
ghnó é mar olcas orainne. Má dhóigh
Gearmáineacha sgríbhinní Gheadhealacha i
ndéine cogaidh ina bhfuil siad ag a
gcosaint fein ar dhá dtrian muintire
na hEorpa nach fíor é gur bhraonn siad
a ndeich n-oiread sgríbhinní Gaedhilge
orainne roimh ré. Nár chuartuigh siad
agus nár lorg siad i ngach leabharlainn
san Eúróip go bhfuair siad na sgríbhinnní
Gaedhilge a bhí ionnta, agus nár bhronn
siad orainne iad agus ar an tsaoghal
i gcoitchionn, gur thóg siad cáil na
nGaedheal as an dubh-cheo ina raibh sí.
Ach cé an dream do dhóigh agus do
bhádhaigh sean-leabhra na hÉireann tríd
na haoisibh ní headh i lár cogaidh ach le
rún go mbéadhmaois sinne i n-easbaidh
na leabhar agus i n-aineolas smuainte
ar sinnsear?
Ta a lochta féin ar na Gearmáineachaibh
is dóighthe. Agus ní'l mise ag iarraidh ar
Ghaedhealaibh páirt do ghlacadh leobhtha
ach deirim arís gur neamh-ionraiceach an
gháir masluighthe atá páipéir na hÉireann
ag tógbháil umpa. Bíodh ciall againn
agus tabhramaois aire dár ngnó féin.
C.U.