Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Barraidheacht Léighinn
Title
Barraidheacht Léighinn
Author(s)
Mac Maoláin, Seán,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Barraidheacht Léighinn. Dubhairt duine éiginteach i gClaidheamh na seachtmhaine seo thart gurb é díth an léighinn ba chionntach le muinntir na hÉireann bheith chomh luath-inntinneach i ngraithe náisiúntachta agus tá siad. Tchídhthear domh-sa nach bhfuil annsin ach cuid den fhírinne. Díth léighinn is cionntach leis gan amhras, ach ina dhiaidh sin thiocfadh le duine cuid mhaith de léigheann na sgoltach agus na nIolsgoltach bheith aige agus gan a bheith aon dath amháin níos seasmhaighe i ngraithe na tíre ná mar tá an mhuinntir nach bhfacaidh an taobh istigh de choláiste ariamh. Mur mbíonn an fhoghluim a thig as teagasg an Chonnartha ag duine is doiligh dó gan áird thabhairt ar bhuic mhór na baoth-chainnte nuair a thig fonn ort mealladh a bhaint asainn. Chonnaic mé an rud sin dá chruthughadh le goirid. Tháinig an cogadh mór an uair ba lugha a raibh dúil ag an choitchiantacht leis, ach má tháinig fein níor chuir sé sgannradh ar bith ar na Gaedhil chearta - na Gaedhil atá chomh “caol-inntinneach” 's gur ar Éirinn amháin a ghní siad an chéad smaoineadh nuair a thig athughadh mór ar bith a bhaineas leis na tíortha seo. Ní fhacaidh siad ins an cogadh ach an tír a bhfuil sé ag sárughadh ortha ceart dá dteangaidh fein a bhaint di agus tír mhór láidir eile ag gabhail i gcionn na gclaidheamh le chéile agus ní facthas dóibh gur ádhbhar buartha aca é. Dar leo fhéin, “Tá spiorad breagh ag tógáil cinn i nÉirinn le tamall agus b'fhéidir le Dia gurb é ár leas a thiocfadh as an mhaicín seo.” Sin é an smaoineadh a bhí ag gach aon Ghaedheal ar labhair mé ar an cheist leis, agus cé gur daoine foghlumtha cuid acu tá mo dhálta fein ar chuid eile aca - ní'l siad ar “an mhuinntir ólas an mhil.” Bhí na Gaedhil uilig ar aon smaoineadh amháin; ach, níor bh'é sin dálta na muinntire nach gcuireann suim i n-obair na Gaedhilge. Bhí gach cineál baramhla aca agus gan bharamhail chéadna ag beirt ar bith go dtí gur labhair an Réamonnach. Glacadh an Gearmánach bocht a bhfuair sé i n-a dhiaidh sin! Agus caidé ba chionntach leis? Díth spioraid náisiúnta ar bith! Bíodh suim ag muinntir na hÉireann ins an Ghaedhilg; tuigeadh siad gur tír léithe fhéin Éire agus gur dream leo fhéin na Gaedhil; teagasgthar dóibh caidé is náisiúntacht ann agus béidh deireadh le réim na hamaidighe agus le díth na náire i nÉirinn. Cinnte, tá duine nó beirt ann nach bhfuil sé de leithsgéal aca gur ain-eolas a thug ortha gabhail i leith Sheaghain Bhuidhe, agus nuair a smaoinigh mé ortha seo ba é an bharamhail a d'éirigh agam gur barraidheacht léighinn a chuir ar seachtán iad. Nuair a théid duine go han- domhain ins na leabharthaí móra is doiligh dó gan dearmad a dhéanadh ar a bheag nó a mhór dá na rudaí beaga d'fhoghluim sé ar dtús. Bhíodh sgéaltaí beaga ar sgoil againn agus ní fhéadaim gan smaoineadh go bhfuil dearmad glan déanta ag cuid dár gceannphuirt de cheann amháin aca go háirighthe .i. Sgéal an tSionnaigh agus an Ghabhair. I ndiaidh gabhail síos i bpoll domhain le deoch a bhaint as fuarán a bhí ar thóin an phuill bhí sé ag sárughadh ar an bheirt modhamhail seo shuas theacht aníos ar ais, ach níor fágadh mo shionnach breagh. Gheall sé do'n ghabhar bhocht shoineannta dá mbeadh seisean amuigh gur ghairid go mbéadh an gabhar sábháilte fosta. D'iarr sé ar an ghabhar a dhá chois tosigh a chur leis an bhruach go dearn sé féin dréimire de agus go dtáinig sé amach as an pholl slán sábháilte. D'iarr an gabhar bocht air tarrtháil a dhéanamh air ach ní dhearn mo chuilceach na críonnachta ach a sháith gáire faoi fhear na féasóige a chreid go dtiocfadh leis-sean maith a dhéanamh dó. B'fhéidir nach raibh fhios ag an ghabhar bhocht caidé an cinéal rógaire a bhí mar chomrádaidhe aige; ach ní bhéidh an leith- sgéal sin againne má fhágann an sionnach atá thall i Lonndain ins an pholl sinn indiaidh a bhfuil muid a thabhairt de chuidughadh dó le é shábháil. Seaghan Mac Maoláin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services