Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Barraidheacht Léighinn

Title
Barraidheacht Léighinn
Author(s)
Mac Maoláin, Seán,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Barraidheacht Léighinn.



Dubhairt duine éiginteach i gClaidheamh
na seachtmhaine seo thart gurb é díth an
léighinn ba chionntach le muinntir na
hÉireann bheith chomh luath-inntinneach i
ngraithe náisiúntachta agus tá siad.
Tchídhthear domh-sa nach bhfuil annsin ach
cuid den fhírinne. Díth léighinn is
cionntach leis gan amhras, ach ina dhiaidh
sin thiocfadh le duine cuid mhaith de
léigheann na sgoltach agus na nIolsgoltach
bheith aige agus gan a bheith aon dath
amháin níos seasmhaighe i ngraithe na tíre
ná mar tá an mhuinntir nach bhfacaidh an
taobh istigh de choláiste ariamh. Mur
mbíonn an fhoghluim a thig as teagasg an
Chonnartha ag duine is doiligh dó gan áird
thabhairt ar bhuic mhór na baoth-chainnte
nuair a thig fonn ort mealladh a bhaint
asainn. Chonnaic mé an rud sin dá
chruthughadh le goirid. Tháinig an cogadh
mór an uair ba lugha a raibh dúil ag an
choitchiantacht leis, ach má tháinig fein
níor chuir sé sgannradh ar bith ar na
Gaedhil chearta - na Gaedhil atá chomh
“caol-inntinneach” 's gur ar Éirinn
amháin a ghní siad an chéad smaoineadh
nuair a thig athughadh mór ar bith a bhaineas
leis na tíortha seo.



Ní fhacaidh siad ins an cogadh ach an tír
a bhfuil sé ag sárughadh ortha ceart dá
dteangaidh fein a bhaint di agus tír
mhór láidir eile ag gabhail i gcionn na
gclaidheamh le chéile agus ní facthas dóibh
gur ádhbhar buartha aca é. Dar leo fhéin,
“Tá spiorad breagh ag tógáil cinn i
nÉirinn le tamall agus b'fhéidir le Dia
gurb é ár leas a thiocfadh as an mhaicín
seo.” Sin é an smaoineadh a bhí ag gach
aon Ghaedheal ar labhair mé ar an cheist
leis, agus cé gur daoine foghlumtha
cuid acu tá mo dhálta fein ar chuid eile
aca - ní'l siad ar “an mhuinntir ólas an
mhil.”



Bhí na Gaedhil uilig ar aon smaoineadh
amháin; ach, níor bh'é sin dálta
na muinntire nach gcuireann suim
i n-obair na Gaedhilge. Bhí gach cineál
baramhla aca agus gan bharamhail
chéadna ag beirt ar bith go
dtí gur labhair an Réamonnach. Glacadh an
Gearmánach bocht a bhfuair sé i n-a
dhiaidh sin! Agus caidé ba chionntach
leis? Díth spioraid náisiúnta ar bith!
Bíodh suim ag muinntir na hÉireann ins
an Ghaedhilg; tuigeadh siad gur tír léithe
fhéin Éire agus gur dream leo fhéin
na Gaedhil; teagasgthar dóibh caidé is
náisiúntacht ann agus béidh deireadh le
réim na hamaidighe agus le díth na náire
i nÉirinn.



Cinnte, tá duine nó beirt ann nach
bhfuil sé de leithsgéal aca gur ain-eolas
a thug ortha gabhail i leith Sheaghain Bhuidhe,
agus nuair a smaoinigh mé ortha seo ba
é an bharamhail a d'éirigh agam gur
barraidheacht léighinn a chuir ar seachtán
iad. Nuair a théid duine go han-
domhain ins na leabharthaí móra is doiligh
dó gan dearmad a dhéanadh ar a bheag nó
a mhór dá na rudaí beaga d'fhoghluim sé
ar dtús. Bhíodh sgéaltaí beaga ar sgoil
againn agus ní fhéadaim gan smaoineadh
go bhfuil dearmad glan déanta ag cuid
dár gceannphuirt de cheann amháin aca
go háirighthe .i. Sgéal an tSionnaigh agus
an Ghabhair.



I ndiaidh gabhail síos i bpoll domhain le
deoch a bhaint as fuarán a bhí ar thóin an
phuill bhí sé ag sárughadh ar an bheirt
modhamhail seo shuas theacht aníos ar ais,
ach níor fágadh mo shionnach breagh. Gheall
sé do'n ghabhar bhocht shoineannta dá
mbeadh seisean amuigh gur ghairid go
mbéadh an gabhar sábháilte fosta. D'iarr
sé ar an ghabhar a dhá chois tosigh a chur
leis an bhruach go dearn sé féin dréimire
de agus go dtáinig sé amach as an pholl
slán sábháilte. D'iarr an gabhar bocht
air tarrtháil a dhéanamh air ach ní dhearn
mo chuilceach na críonnachta ach a sháith
gáire faoi fhear na féasóige a chreid go
dtiocfadh leis-sean maith a dhéanamh dó.
B'fhéidir nach raibh fhios ag an ghabhar
bhocht caidé an cinéal rógaire a bhí mar
chomrádaidhe aige; ach ní bhéidh an leith-
sgéal sin againne má fhágann an sionnach
atá thall i Lonndain ins an pholl sinn
indiaidh a bhfuil muid a thabhairt de
chuidughadh dó le é shábháil.



Seaghan Mac Maoláin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services