Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Áil-fhiadhantas Chiarraighe
Title
Áil-fhiadhantas Chiarraighe
Author(s)
Lorga Liath-bhán,
Pen Name
Lorga Liath-bhán
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Áil-fhiadhantas Chiarraighe. Bíonn daoine ag gearan ar an saoghal so agus a fághail locht ar nach mór bhfuil ann. Níl aon chiall acu san. Saoghal ana bhreagh 's eadh an saoghal so. Dá mbeadh sé aon phioc níosa bhreaghtha is ar éigin a bheadh aon dúil ins na Flaitheasaibh ag cuid againn. Bheadh Flaitheas a bhfus againn agus ní bheimis ag cuardach ar chonus aon Fhlaitheas eile do bhaint amach. Agus má's saoghal breagh an saoghal so, agus is eadh, is mór an méadú ar an ghnáth-bhreaghacht cuid de do chaitheamh annso i bhfiadhantas Chiarraighe. Ní fheadar a raibh mórán Samhra ó thosach an domhain chomh samhramhail annso leis an Samhra so, ach má bhí agus má fhágadar a rian ar shléibhte agus ar ghleannta Chiarraighe a chuireas an Samhra so ortha agus má gheineadar smaointe i gceannaibh na gCiarruigheach ar nós na smaointe seo atá ag borradh agus ag brughadh isteach agus ag rith ar a chéile am cheann-sa indiu, agus má sgaipeadar an oiread son de bhreaghacht agus d'áilneacht Pharathais i measg na mball-seasc go im' thimcheall sa 'sé an géarthruagh é nár chum agus nár cheap file nó éigeas éigin le 'na linn sin bláth-thuairisg beacht 'na thaobh a thiubharadh biadh dár meamhair agus deoch dár gcroidh agus a ghríosachadh na mílte Gaedheal chun gnímh agus chun gaisge le peann agus le claidheamh. Níl Ciarraighe ar fad chomh breágh san as deirim. Tá cuid de ná gheinfeadh árd-smaointe i n-aon cheann: ach má tá, tá tuille dhe ná féadfaí a bhreaghacht do shárú. I gcomhgar Chille hÁirne atáim gha rá so. Chuireas fúm shíos annsn ó chiainibh chun oibre. Ball deas grianach b'eadh é agus gan de ghlór im' aice ach a ndeideadh dhá éan bheaga a bhí ag freagairt a chéile go ceolmhar treasna stotha agus feithbheach a thagadh ar a chuaird féin ar lorg meala agus puirtín bog gaoithe a dhuiseoch sidhe um meadhon oidhche. D'fhan an Tóibíneach atá i bhfeidhil gnóthaí Oireachtais ag bun na leacan agus a pheann agus a phár féin aige mar chúram. Is ann a sgríobhann sé a lán d'á bhfuil le sgríobh aige. Sin é an t-oifig atá aige agus is áluinn aerach an t-oifig é. Is leathan é a dhoras agus ní baoghal go mbodharfaí aoinne é le cnagadh ná le cluigínteacht ó'n dtaobh amuigh de: lár na bhFlaitheas mar dhíon ós a chionn ann agus fionna-sgamaill as sgamaill le mar bhratacha órnáideacha ar crochadh ó'n díon san go talamh. Cuid d'á chúram do chuir sé orm-sa le déanamh go dtánag aníos an leaca cia dheanta ach mo mhairg mar nuair do rugas ar an bpeann níor fhéadas an rud dhéanamh d'ár cuireadh mar cúram orm. B'é an cúram é ná leitreacha a chun roinnt sagart agus chun lucht stiúraiththe bóithre iarainn féachaint a bhuighmis cabhair uatha sluaithte do chur chun Cill Áirne seachtmhain an Oireachtais. Níor fhéad an dá éan bheaga ná an puicín bog gaoithe ná na beacha san bhí ag iarraigh meala ní leigfidís dom aon ghnó de'n tsórd san do dhéanamh in aon chor andiu. Thagad fé mar a bheadh cogarnach uatha am spreagadh chun an peann do chur uaim agus chun tairbhe abhaint as an aoibhnes agus an áilneacht go léir am thimcheall agus os mo chionn. “Ná bac le bóithre iarainn ná le ná le gógraí do phobalaibh indiu” adeireadh an puirtín bog gaoithe liom ach “luigh siar annsan ar an bhfraoch go socair sasta agus leig dot shúilibh féach ar a bhfuil le feiscint ó bhun cnuic go barr, agus ó bharr chnuic go bun sgamall agus as san suas trí ghorm na spéire go geataí agus dúnta agus gairdíní na bhflaitheas.” Thug na héin fé ndeara, is dócha, go rabhas beag ar aigne an peann de chaitheamh uaim ar dtúis ach gur fhaisgeas mo mhéar arís air agus gur thomas sa dubh é agus ná tógfainn comhairle an phuirtín ghaoithe. “Nach truagh a thoisg,” arsa ceann acu. “Is truagh gan amhras ar san dara éan, “mar dar Fiolar na dTrí nGob ní bhainfeadh éinne le gnó pinn is páir i mball mar seo a leithéid seo de ló ach duine ná tuigfeadh cad is suaimhneas saoghail ann.” Níor fhéadas é sheasamh a thuille. Gráin a bhí agam ar bhóithre iarainn agus ar bhain leo. “Pé rud a déarfaidh an Tóibíneach tréig- fhead méid a cuireadh romham,” arsa mise, “agus luighfead le na mhalairt indiu ach go háirighthe. Bhain as liom suas an leaca, brat de ghlas-fhraoch féin chosaibh mo bhirtín am láimh dheas agus mo chaipín am láimh eile. Bhaineas amach plásóigín ar bharra cnocaibh iongna-radhairc le feicsint ó'n áit sin ach amháin nár thaithn liom cnocán ní b'aoirde do bheith chomh chomhgarach san dom toisg nár fhéadas cuille a fheicsint lastuaidh díom. Ach d'fhanas mar a raibh agam. Buaiceanna agus beanna móra, maola, garbha na sléibhte, agus cruacha as leacana leathana glasa, mhair as foilleacha fá chrannaibh glasa árda, as gleannta caola agus lochanna liatha cama bhí le feiscint agam. Chonac iad san agus tuille ná luaidhim agus is amhlaidh a bhí ná an iomad ar fad ann dom shúilibh le feiscint agus an urd le tuisgint agus le meadhadh ag am mheabhair d'á bhfeaca mo shúile ag iomad le sgrí agam peann d'ár thuig as d'ár mheadaidh mo mheamhair ach bhí fáth ag fear ríamh meidhir-mheisge do theacht air de dhruim a ndeachaidh áthas d'á chruidhe as d'á cheann as acht a chonac a shúile de bhreaghacht mhór-bheartach na thimcheall bhí an fáth san agam-sa an uair sin. Toradh an mheidhir do cheangal don phlásóígín sin mé ar feadh uair a' chluig. Annsan thanag brón orm mar gheall air gan pioc a bheith sgríobhtha agam, agus seo mé ag iarraidh leigheas fhagháil don bhrón san agus leith-sgéal do bheith agam nuair raghad ar n-ais go Cill Áirne. Táim ó lorg le leath-uair a chluig. “Bhuil na litreacha san sgríobhtha agat” arsa an Tóibíneach agus é ar seide annso os mo chionn. Ní thuigeann seisean an sgéal agam. Tuigeann sibh-se é. Dá dtuigeadh seisean ní mhaithfadh dom é toisg abhfuil do fhuadar fé. Maithfidh sibh-se dom é, agus maithfidh seisean liom é má thagan sibh-se do'n Oireachtas. A' dtiocfaidh sibh? Lorga Liath-bhán.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services