Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Áil-fhiadhantas Chiarraighe

Teideal
Áil-fhiadhantas Chiarraighe
Údar
Lorga Liath-bhán,
Ainm Cleite
Lorga Liath-bhán
Dáta cumtha
1914
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Áil-fhiadhantas Chiarraighe.



Bíonn daoine ag gearan ar an saoghal so agus a fághail locht ar nach mór
bhfuil ann. Níl aon chiall acu san. Saoghal ana bhreagh 's eadh an saoghal
so. Dá mbeadh sé aon phioc níosa bhreaghtha is ar éigin a bheadh aon dúil ins na
Flaitheasaibh ag cuid againn. Bheadh Flaitheas a bhfus againn agus ní bheimis
ag cuardach ar chonus aon Fhlaitheas eile do bhaint amach. Agus má's saoghal
breagh an saoghal so, agus is eadh, is mór an méadú ar an ghnáth-bhreaghacht cuid
de do chaitheamh annso i bhfiadhantas Chiarraighe. Ní fheadar a raibh mórán Samhra
ó thosach an domhain chomh samhramhail annso leis an Samhra so, ach má bhí agus má
fhágadar a rian ar shléibhte agus ar ghleannta Chiarraighe a chuireas an Samhra
so ortha agus má gheineadar smaointe i gceannaibh na gCiarruigheach ar nós na
smaointe seo atá ag borradh agus ag brughadh isteach agus ag rith ar a chéile am
cheann-sa indiu, agus má sgaipeadar an oiread son de bhreaghacht agus d'áilneacht
Pharathais i measg na mball-seasc go im' thimcheall sa 'sé an géarthruagh é nár
chum agus nár cheap file nó éigeas éigin le 'na linn sin bláth-thuairisg beacht
'na thaobh a thiubharadh biadh dár meamhair agus deoch dár gcroidh agus a ghríosachadh
na mílte Gaedheal chun gnímh agus chun gaisge le peann agus le claidheamh.



Níl Ciarraighe ar fad chomh breágh san as deirim. Tá cuid de ná gheinfeadh
árd-smaointe i n-aon cheann: ach má tá, tá tuille dhe ná féadfaí a bhreaghacht
do shárú. I gcomhgar Chille hÁirne atáim gha rá so. Chuireas fúm shíos annsn
ó chiainibh chun oibre. Ball deas grianach b'eadh é agus gan de ghlór im' aice ach
a ndeideadh dhá éan bheaga a bhí ag freagairt a chéile go ceolmhar treasna stotha
agus feithbheach a thagadh ar a chuaird féin ar lorg meala agus puirtín bog gaoithe
a dhuiseoch sidhe um meadhon oidhche. D'fhan an Tóibíneach atá i bhfeidhil gnóthaí
Oireachtais ag bun na leacan agus a pheann agus a phár féin aige mar chúram.



Is ann a sgríobhann sé a lán d'á bhfuil le sgríobh aige. Sin é an t-oifig atá
aige agus is áluinn aerach an t-oifig é. Is leathan é a dhoras agus ní baoghal
go mbodharfaí aoinne é le cnagadh ná le cluigínteacht ó'n dtaobh amuigh de:
lár na bhFlaitheas mar dhíon ós a chionn ann agus fionna-sgamaill as sgamaill
le mar bhratacha órnáideacha ar crochadh ó'n díon san go talamh.



Cuid d'á chúram do chuir sé orm-sa le déanamh go dtánag aníos an leaca
cia dheanta ach mo mhairg mar nuair do rugas ar an bpeann níor fhéadas an
rud dhéanamh d'ár cuireadh mar cúram orm. B'é an cúram é ná leitreacha
a chun roinnt sagart agus chun lucht stiúraiththe bóithre iarainn féachaint a
bhuighmis cabhair uatha sluaithte do chur chun Cill Áirne seachtmhain an Oireachtais.
Níor fhéad an dá éan bheaga ná an puicín bog gaoithe ná na beacha san bhí ag
iarraigh meala ní leigfidís dom aon ghnó de'n tsórd san do dhéanamh in aon chor
andiu. Thagad fé mar a bheadh cogarnach uatha am spreagadh chun an peann
do chur uaim agus chun tairbhe abhaint as an aoibhnes agus an áilneacht go
léir am thimcheall agus os mo chionn. “Ná bac le bóithre iarainn ná le
ná le gógraí do phobalaibh indiu” adeireadh an puirtín bog gaoithe
liom ach “luigh siar annsan ar an bhfraoch go socair sasta agus leig dot shúilibh
féach ar a bhfuil le feiscint ó bhun cnuic go barr, agus ó bharr chnuic go
bun sgamall agus as san suas trí ghorm na spéire go geataí agus dúnta
agus gairdíní na bhflaitheas.” Thug na héin fé ndeara, is dócha, go rabhas
beag ar aigne an peann de chaitheamh uaim ar dtúis ach gur fhaisgeas mo
mhéar arís air agus gur thomas sa dubh é agus ná tógfainn comhairle an
phuirtín ghaoithe. “Nach truagh a thoisg,” arsa ceann acu. “Is truagh gan
amhras ar san dara éan, “mar dar Fiolar na dTrí nGob ní bhainfeadh éinne le
gnó pinn is páir i mball mar seo a leithéid seo de ló ach duine ná tuigfeadh cad
is suaimhneas saoghail ann.” Níor fhéadas é sheasamh a thuille. Gráin a bhí agam
ar bhóithre iarainn agus ar bhain leo. “Pé rud a déarfaidh an Tóibíneach tréig-
fhead méid a cuireadh romham,” arsa mise, “agus luighfead le na mhalairt
indiu ach go háirighthe.



Bhain as liom suas an leaca, brat de ghlas-fhraoch féin chosaibh mo bhirtín
am láimh dheas agus mo chaipín am láimh eile. Bhaineas amach plásóigín ar bharra
cnocaibh iongna-radhairc le feicsint ó'n áit sin ach amháin nár thaithn liom
cnocán ní b'aoirde do bheith chomh chomhgarach san dom toisg nár fhéadas
cuille a fheicsint lastuaidh díom. Ach d'fhanas mar a raibh agam. Buaiceanna
agus beanna móra, maola, garbha na sléibhte, agus cruacha as leacana leathana
glasa, mhair as foilleacha fá chrannaibh glasa árda, as gleannta caola
agus lochanna liatha cama bhí le feiscint agam. Chonac iad san agus tuille ná
luaidhim agus is amhlaidh a bhí ná an iomad ar fad ann dom shúilibh le feiscint
agus an urd le tuisgint agus le meadhadh ag am mheabhair d'á bhfeaca mo
shúile ag iomad le sgrí agam peann d'ár thuig as d'ár mheadaidh mo
mheamhair ach bhí fáth ag fear ríamh meidhir-mheisge do theacht air de dhruim a
ndeachaidh áthas d'á chruidhe as d'á cheann as acht a chonac a shúile de bhreaghacht
mhór-bheartach na thimcheall bhí an fáth san agam-sa an uair sin. Toradh an
mheidhir do cheangal don phlásóígín sin mé ar feadh uair a' chluig.
Annsan thanag brón orm mar gheall air gan pioc a bheith sgríobhtha agam, agus
seo mé ag iarraidh leigheas fhagháil don bhrón san agus leith-sgéal do bheith
agam nuair raghad ar n-ais go Cill Áirne.



Táim ó lorg le leath-uair a chluig. “Bhuil na litreacha san sgríobhtha
agat” arsa an Tóibíneach agus é ar seide annso os mo chionn. Ní thuigeann
seisean an sgéal agam. Tuigeann sibh-se é. Dá dtuigeadh seisean
ní mhaithfadh dom é toisg abhfuil do fhuadar fé. Maithfidh sibh-se dom é, agus
maithfidh seisean liom é má thagan sibh-se do'n Oireachtas. A' dtiocfaidh sibh?



Lorga Liath-bhán.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services