Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tOireachtas
Title
An tOireachtas
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An tOireachtas. Do bhí cruinniú puiblidhe i gCill Áirne tá seachtmhain ó shoin agus do thuit amach go rabhas-sa ann. Do bhí an t-ádh liom sa méid sin, mar badh mhéadú misnigh agus b'aoibhneas aigne do dhuine bheith ar an gcruinniú gcéadna. An tOireachtas so chugainn do bhí dhá fhógairt aca. B'éidir go raibh daoine i gCill Áirne nár thuig cad is Oireachtas ann; agus b'éidir na raibh. Acht má táid anois ann, iad féin is cionntach. Agus tuillid Gaedhil an baile sin árd-chreideamhaint ní hamháin mar gheall ar an gcruinniú acht mar gheall ar an obair go léir atá deanta aca i dtaoibh an Oireachtais. Do bhí daoine ar an gcruinniú ó gach aon dream ar an mbaile agus deallramh na duthrachta ortha go léir chum cabhruighthe leis an nGaedhilg. Sagart do bhí i gceannas, agus imeasg na sagart eile do bhí ann bhí beirt atá taréis obair mhaith do dhéanamh ar son an Oireachtais cheana féin .i. an tAthair D Ó Fionnúcháin agus an tAthair Pádraig Ó Cearbhaill. Thugas roinnt de sna Bráithribh fá ndeara ann leis agus cá bhfagfainn múinteóirí na mbun-sgoil? Ní fhéadfainn dearmad do dhéanamh ortha agus Pádraig Pléimeann agus Séamus Ó Súilleabháin ós comhair mo dhul amach. Do bhí fir dlighe ann agus fir leighis, lucht poilitidheacht agus Ógláigh. Do rinne Prodastúnach .i. Major Mac Giolla Coda óráid an-mhaith ann, chomh maith nach mór le horáid an Athar Ó Fionnúcháin a léighid amach liosta an airgid do bhí faighte aca. Do chuir an tEasbog leitir an deas go dtí rúnaidhe an Chruinnighthe leis, agus síntiús n-a teannta. Do mhol sé an obair agus adubhairt go raibh súil aige go n-eirgheochadh leis an Oireachtas. Tuigimse anois agus badh mhaith liom dá dtuigeadh gach éinne go bhfuil obair dhuthrachtach dá deanamh i gcomhair an Oireachtais i gCilláirne ní hamháin ag an Seabhac agus ag Seán Tóibín acht ag Gaedhealaibh an bhaile idir chléir agus phobal. Badh mhaith liom dá mbeadh ollmhú da réir dá déanamh ag Gaedhealaibh na hÉireann. Nuair a thiocfaidh Gaedhil go Cill Áirne ní bhéidh aithmhéala ortha, mar ní'l ball i nÉirinn, ní'l ball san Eoruip is aoibhne ná é. Do shaoileas féin ná féadfadh Tír na nÓg do bheith níos aoibhne, agus má's deise na flaithis ní haon iongna na sagairt do bheith a d'iarraidh sinn do chur ann. Do thug muintear an chruinnighthe úd cuireadh flaitheamhail fáilteach do Ghaedhealaibh Éireann teacht go dtí an tOireachtas i gCill Áirne. Ach ní aca soin amháin atá an cuireadh dá thabhairt. Tá na mairbh féin ghá thabhairt. Tá Piaras Feirritéar gha thabhairt agus Séafra Ó Donnchudha agus Aodhagán Ó Rathghaille agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin, agus mar fhreagradh ar a gcuireadh sin, aimsear an Oireachtais. “Beidh Gaedheala go truipeach go múinte go haorach, Is Féinnidhe na dúithche ar chiúnas Locha Léin theas. Beidh Gaedhealg dá sgrúdú n-a múraibh ag Éigsibh, Is Béarla na mbúr ndubh go cúthail fá néaltaibh.” Pádraig Ó Dálaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services