Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tOireachtas

Title
An tOireachtas
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An tOireachtas.



Do bhí cruinniú puiblidhe i gCill Áirne tá seachtmhain ó shoin agus do
thuit amach go rabhas-sa ann. Do bhí an t-ádh liom sa méid sin, mar badh
mhéadú misnigh agus b'aoibhneas aigne do dhuine bheith ar an gcruinniú
gcéadna. An tOireachtas so chugainn do bhí dhá fhógairt aca. B'éidir go
raibh daoine i gCill Áirne nár thuig cad is Oireachtas ann; agus b'éidir na
raibh. Acht má táid anois ann, iad féin is cionntach. Agus tuillid
Gaedhil an baile sin árd-chreideamhaint ní hamháin mar gheall ar an
gcruinniú acht mar gheall ar an obair go léir atá deanta aca i dtaoibh an
Oireachtais. Do bhí daoine ar an gcruinniú ó gach aon dream ar an
mbaile agus deallramh na duthrachta ortha go léir chum cabhruighthe leis an
nGaedhilg. Sagart do bhí i gceannas, agus imeasg na sagart eile do bhí ann
bhí beirt atá taréis obair mhaith do dhéanamh ar son an Oireachtais cheana
féin .i. an tAthair D Ó Fionnúcháin agus an tAthair Pádraig Ó Cearbhaill.
Thugas roinnt de sna Bráithribh fá ndeara ann leis agus cá bhfagfainn
múinteóirí na mbun-sgoil? Ní fhéadfainn dearmad do dhéanamh ortha agus
Pádraig Pléimeann agus Séamus Ó Súilleabháin ós comhair mo dhul amach.
Do bhí fir dlighe ann agus fir leighis, lucht poilitidheacht agus Ógláigh.
Do rinne Prodastúnach .i. Major Mac Giolla Coda óráid an-mhaith ann,
chomh maith nach mór le horáid an Athar Ó Fionnúcháin a léighid amach liosta
an airgid do bhí faighte aca. Do chuir an tEasbog leitir an deas go dtí
rúnaidhe an Chruinnighthe leis, agus síntiús n-a teannta. Do mhol sé an
obair agus adubhairt go raibh súil aige go n-eirgheochadh leis an Oireachtas.



Tuigimse anois agus badh mhaith liom dá dtuigeadh gach éinne go bhfuil
obair dhuthrachtach dá deanamh i gcomhair an Oireachtais i gCilláirne ní
hamháin ag an Seabhac agus ag Seán Tóibín acht ag Gaedhealaibh an bhaile idir
chléir agus phobal. Badh mhaith liom dá mbeadh ollmhú da réir dá déanamh
ag Gaedhealaibh na hÉireann.



Nuair a thiocfaidh Gaedhil go Cill Áirne ní bhéidh aithmhéala ortha,
mar ní'l ball i nÉirinn, ní'l ball san Eoruip is aoibhne ná é. Do
shaoileas féin ná féadfadh Tír na nÓg do bheith níos aoibhne, agus má's
deise na flaithis ní haon iongna na sagairt do bheith a d'iarraidh sinn do chur
ann. Do thug muintear an chruinnighthe úd cuireadh flaitheamhail fáilteach do
Ghaedhealaibh Éireann teacht go dtí an tOireachtas i gCill Áirne. Ach ní aca
soin amháin atá an cuireadh dá thabhairt. Tá na mairbh féin ghá thabhairt.
Tá Piaras Feirritéar gha thabhairt agus Séafra Ó Donnchudha agus
Aodhagán Ó Rathghaille agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin, agus mar fhreagradh
ar a gcuireadh sin, aimsear an Oireachtais.



“Beidh Gaedheala go truipeach go múinte go haorach,
Is Féinnidhe na dúithche ar chiúnas Locha Léin theas.
Beidh Gaedhealg dá sgrúdú n-a múraibh ag Éigsibh,
Is Béarla na mbúr ndubh go cúthail fá néaltaibh.”



Pádraig Ó Dálaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services