Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá an Argóna
Title
Lá an Argóna
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lá an Argóna. Má tá aon bhrigh ionainn cuirfeam in iuil don dream a bheidh i bhfeidhil Riaghaltas Éireannach ar ball conus treo do chur ar gach a bhaineas le teagasg náisiúnta. Ba mhithid dúinn bheith ag obair chuige sin. Ba mhithid dúinn na rudaí dar linn ba chóir a dhéanamh do chur i n-eagar go cruinn agus go ciallmhar, agus iad do bheith ullamh nuair a thiocfaidh an t-am: agus fairis sin ba cheart dúinn slighe do bheith ceapaighthe againn ar conus ab fhearr ár dtuairimí féin a chur i bhfeidhm an uair sin. Níl san déanta, agus ní heol dom go bhfuil aon daoine gá dhéanamh. Ní dhéanfaidh sé an gnó “rúin” do chur i bhfeidhm ag Áirdfheis agus iad do chur ag triall ar lucht stiúrtha oideachais. Ní dhéanfaidh sé an gnó Gaedhilg do chur ghá teagaisg ins na sgoileannaibh sa chuma 'na múintear anois í 'na lán acu. Do luaidh “An Seabhac” san aisde do bhí sa Chlaidheamh(2.5.'14) mórán rudaí do bhí ag marbhú na Gaedhilge. Tógfaidh sé tamall maith teacht ar iad san go léir do leigheas, ach ba cheart do Gheadhealaibh bheith ag ceapadh ar conus iad do leigheas. Tá an seana-náisiún Gaedhealach brisde bearnach le fada. Níl againn ach giobail de. Giobal dá theangain agus blúire dá cheol; slisne dá sheanchus agus brúsgar dá bhéasacht. Beidh ar Ghaedhealaibh na blúiríní agus na giobail agus na slisneacha san do chur i gceart le chéile arís — chomh ceart agus is féidir a leithéid do dhéanamh anois. Beidh ar lucht riaghalta Éireann má dhéanann an Connradh a ghnó go ceart cumann dó comhairle do chur ar bun chuige sin — chun gach rud Gaedhealach do chur na áit féin arís — chun ceol agus seanchus agus múine agus teanga Gaedheal do theagasg arís. B'é ab fhearr dá mbeadh Bórd ar leithiligh chuige sin ann, acht tá an airead san Bórd ann cheana go mb'fhéidir ná chuirfí ceann nua ar bun go fóill eile. Tá orainne, ámhthach, aire do thabhairt.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services