Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá an Argóna

Title
Lá an Argóna
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Lá an Argóna.



Má tá aon bhrigh ionainn cuirfeam in iuil don dream a bheidh i bhfeidhil
Riaghaltas Éireannach ar ball conus treo do chur ar gach a bhaineas le
teagasg náisiúnta. Ba mhithid dúinn bheith ag obair chuige sin. Ba mhithid
dúinn na rudaí dar linn ba chóir a dhéanamh do chur i n-eagar go cruinn
agus go ciallmhar, agus iad do bheith ullamh nuair a thiocfaidh an t-am:
agus fairis sin ba cheart dúinn slighe do bheith ceapaighthe againn ar conus
ab fhearr ár dtuairimí féin a chur i bhfeidhm an uair sin. Níl san déanta,
agus ní heol dom go bhfuil aon daoine gá dhéanamh. Ní dhéanfaidh sé an
gnó “rúin” do chur i bhfeidhm ag Áirdfheis agus iad do chur ag triall
ar lucht stiúrtha oideachais. Ní dhéanfaidh sé an gnó Gaedhilg do chur ghá
teagaisg ins na sgoileannaibh sa chuma 'na múintear anois í 'na lán acu.
Do luaidh “An Seabhac” san aisde do bhí sa Chlaidheamh(2.5.'14)
mórán rudaí do bhí ag marbhú na Gaedhilge. Tógfaidh sé tamall maith
teacht ar iad san go léir do leigheas, ach ba cheart do Gheadhealaibh bheith ag
ceapadh ar conus iad do leigheas.



Tá an seana-náisiún Gaedhealach brisde bearnach le fada. Níl againn
ach giobail de. Giobal dá theangain agus blúire dá cheol; slisne dá sheanchus
agus brúsgar dá bhéasacht. Beidh ar Ghaedhealaibh na blúiríní agus na giobail
agus na slisneacha san do chur i gceart le chéile arís — chomh ceart agus is
féidir a leithéid do dhéanamh anois. Beidh ar lucht riaghalta Éireann má
dhéanann an Connradh a ghnó go ceart cumann dó comhairle do chur ar bun
chuige sin — chun gach rud Gaedhealach do chur na áit féin arís — chun ceol
agus seanchus agus múine agus teanga Gaedheal do theagasg arís. B'é ab fhearr
dá mbeadh Bórd ar leithiligh chuige sin ann, acht tá an airead san Bórd ann cheana
go mb'fhéidir ná chuirfí ceann nua ar bun go fóill eile. Tá orainne,
ámhthach, aire do thabhairt.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services