Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéaluigheacht
Title
Sgéaluigheacht
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéaluigheacht Adubhairt Tomás Davis gurb' é an Sgéal i mbeadh cúrsaí saoghail agus beatha na ndaoine le feicsint ar nós sgátháin ann an sórt litridheachta is fearr. Do bhí sgéalta ár ndóthain againn 'sa Ghaedhilg, sgéalta fiannaidheacht agus eachtraí, acht ní dhóibh siúd atáim ag tagairt. Ní'l aonlocht agam dhá fhagháil ortha. Tá an Ghaedhealg go glan gleóidhte ionnta agus is dócha gur oireadar do'n saoghal do bhí ann nuair do sgríobhadh iad. Ní oirid do'n saoghal atá indiu ann. Do bhí an iomarca míorbhiuiltí aimideacha agus roinnt díthchéille eile dá leithéid ionnta agus ní dhéanfadh an sórt soin acht déistean do chur ar mhuintir an lae indiu. Is dócha go ndéarfar go bhfuil na míorbhúiltí céadna, nó míorbhuiltí is measa ioná iad, le fagháil i sean-leabhraibh na Gréige agus na Róimhe. Atá, acht b'fhearr asta ná ionnta iad: agus, ar aon chuma, ní oireann siad anois. Sé rud theastuigheas indiu ná sgéalta bhaineas leis an lá indiu, nó leis an saoghal do bhí againn i nÉirinn taobh istigh de chéad nó de chúpla céad bliadhain sgéalta do thaithneochadh linn chomh maith agus do thaithnigheann Knocknagow linn, sgéalta i mbeadh an Ghaedhealg go snoithte, snasta, simplidhe ionnta, agus í chomh Gaedhealach agus atá sí i nEachtra Bhodaigh an Chóta Lachtna nó i dTorraidheacht Dhiarmada agus Ghráinne. Ní'l mórán de sna sgéaltaibh so againn i nGaedhilg, nó ní raibh go dtí le fíor-dhéadhnaighe. Cadé an chúis ná raibh? Sa cheathrahadh haois deag seadh do thosnuigheadh ar an sagas soin litridheachta do sgríobhadh. Boccaccio do thosnuigh é, acht ní fuair sé greim ar Iarthar na hEórpa go dtí aimsear Cervantes agus le Sage agus Defoe .i. go dtí an seachtmhadh haois déag. Acht ó'n seachmhadh haois déag anuas do chuaidh an saoghal go cruaidh ar mhuintir na hÉireann agus ar a gcuid litridheachta. Do bhí taoisigh Gaedheal sgaipthe sgáinte ar fuaid na hEórpa, agus “An seantsliocht dil doilgheasach fann I dtuathaibh Iargúil Éireann.” D'fhág cuid de sna sgríobhnóiríbh “Slán go bráth i bprós is i laoibh le héigse suadh agus seanchaidh.” Acht do bhí dream beag eile dream beag dílis duthrachdach dream beag tairis tírghrádhach d'oibrigh rompa de ló agus d'oidhche fá chliaigh agus fá leathtrom do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann. “Is ní coitcheann soilléir fo'n uile dhomhan,” arsa Mícheal Ó Cléirigh, “ní gach ionad i mbí uaisle no onóir in gach aimsir dá dtáinig riamh diaidh i ndiaidh nach fuil ní is glormhaire agus is oirmhidnighe oróraighe ná fios seandachta na seanughdar agus eolas na n-aireach agus na n-uasal do bhí ann isin aimsir rompa do thabhairt dochum soluis ar doigh go mbeadh aitheantas agus eolas ag gach droing i ndiaidh a cheile cionnus do chaitheadar a sinnsir a ré agus a n-aimsear agus dia hoiread do bhíodar i dtighearnas a ndúithche, i ndignit, [..] i ndiaidh, agus cread í an oidheadh fuaireadar.” Í […] é fios seandachta na seanughdar do thabhairt chun soluis gan amhras, agus eolas na n-aireach agus na n-uasal. Acht do bhí daoine i nÉirinn seachas airigh agus uaisle, agus is beag dá n-oidhibh nó dá n-imtheachtaighibh so atá le fagháil i gcroinicibh na hÉireann. Agus ba thaitneamhaighe liomsa, ar aon chuma, eolas dfhagháil ar cionnus do chaith muinntear na tuaithe a saoghail imeasg sléibhte is bánta is gleannta na hÉireann, nó ar cionnus do chaith na taoisigh mhóra a saoghail ag troid is ag achrann is ag claochadh a chéile, agus ag milleadh a dtíre dúthchais. Sin é an rud a dhéanfadh an srot Sgéaluigheachta atá agamsa i m'aigne .i. an rud do rinne Scott i nAlbain agus Liam Ó Coirealláin (nó William Carleton) i nÉirinn Acht dar ndóigh is deacair an duine d'fhagháil chum a leithéid sin do sgríobhadh. Sa chéad ait, an fear do dhéanfadh é, chaithfeadh sé meabhair cinn agus intleacht ghéar do bheith aige chum na daoine do thuigsint ó'n gcnámh go dtí an smior agus ó'n smior go dtí an smúsach. Chaithfeadh sé bheith go cliste chum ceapadóireachta, agus níor mhór do bheith ábalta ar bhreitheamhnas beacht do dhéanamh ar rudaibh go haibidh is go haicionta. Muna bhfuil na tréithe sin ann .i. breitheamhnas cruinn agus ceapadóireacht do dhéanamh, ní sgríobhfaidh sé aon sgéal ar foghnamh go deó, agus b'fhearr do gan tabhairt faoi; agus má ghlacann sé mo chomhairle beidh an méid seo mar shólás aige ná fuil aon rud ar thalamh an domhain is fusad do dhuine do dhéanamh ná gan bacaint le leabhar do sgríobhadh. Tá buaidh inchinn go maith gan amhras, acht tá rud eile ann agus ní féidir aon rud do dhéanamh sa ghnó so gan é lil roinnt éigin léighinn. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a déarfadh nach gádh é, agus ná fuil maith ar bith ann. Acht do chuirfinn i dtuigsint do na daoinibh seo ná fuil morán maitheasa i n-uirlis gan faobhar, ná i gcearduidhe gan eolas a chéirde aige. Tá a fhios agam go bhfuil an chuid tarcuisne ag baint leis an bhfocal “sgoláire” acht na daoine is lugha meas ar an bhfocal atá eagla orm ná fuil morán de'n sgoláireacht ag baint leo féin, agus dá bhrigh sin ní gádh aon áird do thabhairt ortha. Ar an dtaoibh eile ní dhéanfadh leigheann agus sgoláireacht an gnó go léir. Tá eolas eile ann nach féidir d'fhagháil as an léigheann, eólas nach féidir d'fhagháil ar aon tslighe acht ó chomhradh agus ó chaidreamh na ndaoine, eolas ná fuil le fagháil acht i gcúrsaibh agus i n-imtheachtaibh an tsaoghail amháin. Acht nuair do dhéanfaidh an t-ughdar óg so atá i gceist agam géar-sgrúdú ar thréithibh na ndaoine tá sórt eagla orm ná beidh sé ró-shásta le toradh a saothair. Agus is dócha go mbadh cheart a chur i dtuigsint dó roimh ré ná bhfuil roinnt bliadhnta ó tugadh an t-ainm oirdhearc uasal úd .i. insula […] ar Éirinn iath-ghlas oileánaigh, tuigeadh sé i n-a aigne gurb í Éire dá dhonacht í an chuid is feárr dhé. Acht dáiríribh, an té go mbeadh fonn air litridheacht do dhéanamh níor mhór dó dul isteach imeasg na nGadheal go comharsanta, carthannach, caidreamhach agu an mbáire is ag an meitheal, ag an mbaisde is ag an mbainis; agus dá mbeadh na téithe úd thuas ann, do dhéanfadh sé leabhartha choimhéadfadh a ainm i n-áirde fhaid bheas “Gaedhil agus Gaedhealg i nÉirinn beó.” Pádraig Ó Dálaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services