Sgéaluigheacht
Adubhairt Tomás Davis gurb' é an Sgéal i mbeadh cúrsaí saoghail agus
beatha na ndaoine le feicsint ar nós sgátháin ann an sórt litridheachta is
fearr. Do bhí sgéalta ár ndóthain againn 'sa Ghaedhilg, sgéalta
fiannaidheacht agus eachtraí, acht ní dhóibh siúd atáim ag tagairt. Ní'l
aonlocht agam dhá fhagháil ortha. Tá an Ghaedhealg go glan gleóidhte ionnta
agus is dócha gur oireadar do'n saoghal do bhí ann nuair do sgríobhadh iad.
Ní oirid do'n saoghal atá indiu ann. Do bhí an iomarca míorbhiuiltí
aimideacha agus roinnt díthchéille eile dá leithéid ionnta agus ní dhéanfadh
an sórt soin acht déistean do chur ar mhuintir an lae indiu. Is dócha go
ndéarfar go bhfuil na míorbhúiltí céadna, nó míorbhuiltí is measa ioná iad,
le fagháil i sean-leabhraibh na Gréige agus na Róimhe. Atá, acht b'fhearr
asta ná ionnta iad: agus, ar aon chuma, ní oireann siad anois. Sé rud
theastuigheas indiu ná sgéalta bhaineas leis an lá indiu, nó leis an saoghal
do bhí againn i nÉirinn taobh istigh de chéad nó de chúpla céad bliadhain
sgéalta do thaithneochadh linn chomh maith agus do thaithnigheann Knocknagow linn,
sgéalta i mbeadh an Ghaedhealg go snoithte, snasta, simplidhe ionnta, agus í
chomh Gaedhealach agus atá sí i nEachtra Bhodaigh an Chóta Lachtna nó i
dTorraidheacht Dhiarmada agus Ghráinne. Ní'l mórán de sna sgéaltaibh so
againn i nGaedhilg, nó ní raibh go dtí le fíor-dhéadhnaighe. Cadé an chúis ná
raibh? Sa cheathrahadh haois deag seadh do thosnuigheadh ar an sagas soin
litridheachta do sgríobhadh. Boccaccio do thosnuigh é, acht ní fuair sé
greim ar Iarthar na hEórpa go dtí aimsear Cervantes agus le Sage agus
Defoe .i. go dtí an seachtmhadh haois déag. Acht ó'n seachmhadh haois déag
anuas do chuaidh an saoghal go cruaidh ar mhuintir na hÉireann agus ar a
gcuid litridheachta. Do bhí taoisigh Gaedheal sgaipthe sgáinte ar fuaid na
hEórpa, agus
“An seantsliocht dil doilgheasach fann
I dtuathaibh Iargúil Éireann.”
D'fhág cuid de sna sgríobhnóiríbh
“Slán go bráth i bprós is i laoibh
le héigse suadh agus seanchaidh.”
Acht do bhí dream beag eile dream beag dílis duthrachdach dream
beag tairis tírghrádhach d'oibrigh rompa de ló agus d'oidhche fá chliaigh
agus fá leathtrom do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann. “Is ní
coitcheann soilléir fo'n uile dhomhan,” arsa Mícheal Ó Cléirigh, “ní gach
ionad i mbí uaisle no onóir in gach aimsir dá dtáinig riamh diaidh i ndiaidh
nach fuil ní is glormhaire agus is oirmhidnighe oróraighe ná fios seandachta na
seanughdar agus eolas na n-aireach agus na n-uasal do bhí ann isin aimsir
rompa do thabhairt dochum soluis ar doigh go mbeadh aitheantas agus eolas
ag gach droing i ndiaidh a cheile cionnus do chaitheadar a sinnsir a ré agus a
n-aimsear agus dia hoiread do bhíodar i dtighearnas a ndúithche, i ndignit,
[..] i ndiaidh, agus cread í an oidheadh fuaireadar.”
Í […] é fios seandachta na seanughdar do thabhairt chun
soluis gan amhras, agus eolas na n-aireach agus na n-uasal. Acht do bhí
daoine i nÉirinn seachas airigh agus uaisle, agus is beag dá n-oidhibh nó dá
n-imtheachtaighibh so atá le fagháil i gcroinicibh na hÉireann. Agus ba
thaitneamhaighe liomsa, ar aon chuma, eolas dfhagháil ar cionnus do chaith
muinntear na tuaithe a saoghail imeasg sléibhte is bánta is gleannta na
hÉireann, nó ar cionnus do chaith na taoisigh mhóra a saoghail ag troid is ag
achrann is ag claochadh a chéile, agus ag milleadh a dtíre dúthchais. Sin é
an rud a dhéanfadh an srot Sgéaluigheachta atá agamsa i m'aigne .i. an
rud do rinne Scott i nAlbain agus Liam Ó Coirealláin (nó William
Carleton) i nÉirinn Acht dar ndóigh is deacair an duine d'fhagháil chum a
leithéid sin do sgríobhadh. Sa chéad ait, an fear do dhéanfadh é, chaithfeadh sé
meabhair cinn agus intleacht ghéar do bheith aige chum na daoine do thuigsint
ó'n gcnámh go dtí an smior agus ó'n smior go dtí an smúsach.
Chaithfeadh sé bheith go cliste chum ceapadóireachta, agus níor mhór do bheith
ábalta ar bhreitheamhnas beacht do dhéanamh ar rudaibh go haibidh is go
haicionta. Muna bhfuil na tréithe sin ann .i. breitheamhnas cruinn agus
ceapadóireacht do dhéanamh, ní sgríobhfaidh sé aon sgéal ar foghnamh go deó,
agus b'fhearr do gan tabhairt faoi; agus má ghlacann sé mo chomhairle beidh
an méid seo mar shólás aige ná fuil aon rud ar thalamh an domhain is
fusad do dhuine do dhéanamh ná gan bacaint le leabhar do sgríobhadh.
Tá buaidh inchinn go maith gan amhras, acht tá rud eile ann agus ní
féidir aon rud do dhéanamh sa ghnó so gan é lil roinnt éigin léighinn.
Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a déarfadh nach gádh é, agus ná fuil
maith ar bith ann. Acht do chuirfinn i dtuigsint do na daoinibh seo ná fuil
morán maitheasa i n-uirlis gan faobhar, ná i gcearduidhe gan eolas a chéirde
aige. Tá a fhios agam go bhfuil an chuid tarcuisne ag baint leis an bhfocal
“sgoláire” acht na daoine is lugha meas ar an bhfocal atá eagla orm ná
fuil morán de'n sgoláireacht ag baint leo féin, agus dá bhrigh sin ní gádh
aon áird do thabhairt ortha.
Ar an dtaoibh eile ní dhéanfadh leigheann agus sgoláireacht an gnó go léir.
Tá eolas eile ann nach féidir d'fhagháil as an léigheann, eólas nach féidir
d'fhagháil ar aon tslighe acht ó chomhradh agus ó chaidreamh na ndaoine, eolas ná
fuil le fagháil acht i gcúrsaibh agus i n-imtheachtaibh an tsaoghail amháin. Acht
nuair do dhéanfaidh an t-ughdar óg so atá i gceist agam géar-sgrúdú ar
thréithibh na ndaoine tá sórt eagla orm ná beidh sé ró-shásta le toradh a
saothair. Agus is dócha go mbadh cheart a chur i dtuigsint dó roimh ré ná
bhfuil roinnt bliadhnta ó tugadh an t-ainm oirdhearc uasal úd .i. insula
[…] ar Éirinn iath-ghlas oileánaigh, tuigeadh sé i n-a aigne gurb í
Éire dá dhonacht í an chuid is feárr dhé.
Acht dáiríribh, an té go mbeadh fonn air litridheacht do dhéanamh níor
mhór dó dul isteach imeasg na nGadheal go comharsanta, carthannach,
caidreamhach agu an mbáire is ag an meitheal, ag an mbaisde is ag an
mbainis; agus dá mbeadh na téithe úd thuas ann, do dhéanfadh sé leabhartha
choimhéadfadh a ainm i n-áirde fhaid bheas “Gaedhil agus Gaedhealg i nÉirinn
beó.”
Pádraig Ó Dálaigh.