Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teannam ar Aghaidh
Title
Teannam ar Aghaidh
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Teannam ar Aghaidh. Adubhradh cheana gur guth ar shliabh nó guth sa bhfásach í an Ghaedhilg, agus 'bé rud do sgriobhtar innti gur fíor-bheagán léigheas é. B'éidir gur fíor san i gcompráid leis an mbéarla, acht, má's fíor féin, atá taobh eile ar an sgéal. Má tá lucht na Gaedhilge do shaothrú ar bheagán buidhne tá sé de shólás ag lucht a sgríobhtha go bhfuilid ag labhairt le bláth na buidhne. Agus adéarrfad ós árd, gan sgáth gan eagla, gan spleádhachas do'n sgigire, gurb iad bláth na buidhne sin agus togha an tréada sin na léightheóirí tairise dílse seo againne. Nach mór an sásamh do dhuine smaoineamh i n-a aigne gur le taoisighibh an tsluaigh atá sé ag labhairt, agus má bhíonn ciall i n-a chomhairle, go dtreóróchaid a lucht leanamhna chum an chomhairle sin do dhéanamh. Rud eile, is dócha gur airgheamar go léir trácht ar an mbéas do bhíodh ag aithreachaibh agus máithreachaibh tá tamall ó shoin i nÉirinn .i. nuair do bhíodh aon rud fá leith le rádh aca agus gur mhaith leo é do cheilt ar na páisdibh, é do rádh i nGaedhilg. Ba dona mar bhéas é siúd gan amhras, agus níor mhaith liom aon aithris do dhéanamh air, acht ar aon chuma, is osgailte agus is soiléire do gheobhmáid ceisteanna do phléidhe eadrainn féin i nGaedhilg ná mar do gheobhmais i dteangain an fhir thall. Is cuimhin le cách an bhuidhean úd de uaislibh Gaedheal tháinig i gcomhdháil a chéile i dTigh an Cathrach i mBaile Átha Cliath i n-urraidh. “Comhdháil Tighe na Cathrach” thugtaí ortha, agus ba thogha agus rogha na nGaedheal iad. An Ghaedhealg isna bunsgoilibh ba dhaingean agus ba cúram dóibh. Tar éis an cheist do sgrúdú agus do sgagadh dóibh, d'aontuigh- eadar agus do chinneadar ar neithibh áirithe d'éileamh ar an “mBórd Náisiúnta,” mar budh é a dtuairim go ndéanfadh na neithe áirithe sin maitheas mór do'n Ghaedhilg isna sgoilibh. Árd-mhaor Bhaile Átha Cliath ba cheannurraidh ar an gcomhdháil, agus badh é do chuir an t-éileamh go dtí an Bórd. D'aontuigh an Bórd le cuid de, agus, an méid sin féin, dá gcuirtí i ngníomh é, do dhéanfadh sé tairbhe mór do'n Ghaedhilg. Acht do bhí tuilleadh airgid i gceist chum na múinteoirí d'íoc, agus dá bhrigh sin b'éigean an chóir nó an sgéim do chur go dtí lucht Chisde Shasana chum cead dfhagháil uatha. Ní'l aon mhuinghin agam as lucht Chisde Shasana, agus ní mór le rádh a bhfuil de mhuinghin agam as an mBórd Náisiúnta acht oiread. Adéarainn ná raibh mórán meanman isan iarratas do chuireadar isteach. Is dócha go raibh sé ar nós “cuma liom,” munar mheasa ioná san é. Nuair is fuar é an teachtaire is fuar é an freagra, agus badh é an freagra fuar do fuaireadar. Ní bheadh lucht an chisde sásta an bhreis airgid do chaitheamh ar an nGaedhilg, agus ní mó do ghlacfaidís tosgairí ó'n gComhdháil chum an chúis do mhíniú dhóibh. Is dócha gur feidir leo an cleas san d'imirt. Tá an chomhacht aca. Acht cad do bhí i gceist? Do bhí deich míle fichead púnt isan mbliadhain i gceist chum teanga náisiúin do shábháil. Agus sin iad na daoine atá tar éis trí chéad milliún púnt do ghoid agus do robáil ó'n náisiún chéadna sin le céad éigin bliadhain anuas. cionnus is féidir é dfhagháil? Ní dóigh liom go bhfuil aon tslighe is fearr ioná dul agus é do thógaint - an lámh láidir, dá mb'éidir é. Sin é an tslighe chun rudaí do chur i n-a luighe ar an Sasanach. Ní dócha gur féidir a leithéid sin do dhéanamh. Acht cad is féidir do dhéanamh? Anois, is beag duine de shliocht Ghaedheal i nÉirinn, ná ar fuaid an domhain, nó fuil i bhfábhar na Gaedhilge, agus nach é a mbaramhail gomadh cheart í do choimeád beó. Agus cadé a chúis gur eitigh Cisde Shasana iad? Tá, go gceapaid lucht Chisde Shasana ná fuil sa mbaramhail sin acht baramhail gan bhrigh gan ghníomh gan aon urchóid, “pious opinion” mar a dubhairt an té a dubhairt é. An bhfuil an ceart aca? Dar ndóigh atá a fhios agam go bhfuil mór-chuid daoine i nÉirinn atá go dian dílis dúthrachtach dáiríribh ar thaoibh na Gaedhilge. Acht atá a fhios agam freisin go bhfuil mór-chuid eile ann - an chuid is mó, is dóigh liom atá neamhshuimeamhail, leamh, lag-bhrígheach go leór i dtaoibh na Gaedhilge. Sé a mbaramhail so gan amhras gomadh cheart í do shábháil, acht ní leór baramhail. Ní hí an bharamhail dhéineas gníomh acht na daoine a mbíonn sí aca. Rud eile - atá dhá shórt baramhla i nÉirinn - baramhail ós árd agus baramhail ós íseal, agus ní hionann i gcomhnuidhe iad. A leithéid seo - comhairle ceantair do chuirfeadh rún láidir i bhfábhar na Gaedhilge ós comhair na Comhairle agus do dhéanfadh oráid i bhfad ní ba láidre ioná an rún, agus annsoin do raghadh go dtí an maighistir sgoile agus adéarfadh leis nár ghádh dó aon Ghaedhealg do mhúineadh dhá chlainn - ní rabhadar láidir a ndóthain, mar badh eadh. Is beag duine aca atá chomh cladhaireamhail claon leis an bhfear soin, acht is aindeis mar sgéal a leithéid do bheith beo ar aon chor. Atá a fhios go beacht ag lucht Chisde Shasana a leithéid a bheith ann, agus sin é a chúis go bhfuilid chomh daingean dána agus atáid i n-aghaidh na Gaedhilge. Anois sid é mar atá an sgéal - is beag Gaedheal beo amuigh nó i mbaile ná fuil báidh éigin aige ina chroidhe istigh leis an nGaedhilg. Tá cuid aca sprionnlaighthe, suarach gan amhras. Ní thuigid an cheist agus ceapaid ná fuil aon “mhaith” inti. Daoine saoghalda, tá a fhios agat. Acht de bhrigh gur daoine saoghalda iad níor mhaith leó teacht amach go puiblidhe i n-aghaidh na Gaedhilge. Anois isí an “aigne phuiblidhe” an uirlis is fearr atá againn chum an ghnótha so do chur chun cinn, agus do bheadh sé ceart againn í d'oibriú chomh h-acfuinneach agus tá ionainn. Tá a fhios ag lucht an Chlaidheamh do léigheamh cad tá ó'n gConnradh. Is cuimhin leó rúin na hÁrdfheise. Ba cheart do n-a Craobhachaibh iad súd do chur ós comhair gacha Comhaile ceantair agus conndae i nÉirinn, agus féachaint chuige go gcuirtear i bhfeidhm iad. Má thagann Hóm Rúl ba mhaith an rud na rúin úd do bheith i bhfeidhm roimh ré ag Comhairlibh áiteamhla na hÉireann. Rud eile n'fheadar an bhfuil míle tuismightheóir i nÉirinn do thógfadh a gclann ó n-a sgoilibh so ná fuil an Ghaedhealg dá múineadh ionnta? Má tá gheabhmaíd bheith ag cainnt go héireachtach le muintir an Bhúird agus le muintir an Chisde. Muna bhfuil is féidir seo súd a radh ná fuil 'sa chainnt go léir acht gaoth is glór is neamhní. Pádraig Ó Dálaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services