Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teannam ar Aghaidh

Title
Teannam ar Aghaidh
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Teannam ar Aghaidh.



Adubhradh cheana gur guth ar shliabh nó guth sa bhfásach í an Ghaedhilg,
agus 'bé rud do sgriobhtar innti gur fíor-bheagán léigheas é. B'éidir
gur fíor san i gcompráid leis an mbéarla, acht, má's fíor féin, atá
taobh eile ar an sgéal. Má tá lucht na Gaedhilge do shaothrú ar bheagán
buidhne tá sé de shólás ag lucht a sgríobhtha go bhfuilid ag labhairt le bláth
na buidhne. Agus adéarrfad ós árd, gan sgáth gan eagla, gan spleádhachas
do'n sgigire, gurb iad bláth na buidhne sin agus togha an tréada sin na
léightheóirí tairise dílse seo againne. Nach mór an sásamh do dhuine
smaoineamh i n-a aigne gur le taoisighibh an tsluaigh atá sé ag labhairt,
agus má bhíonn ciall i n-a chomhairle, go dtreóróchaid a lucht leanamhna chum
an chomhairle sin do dhéanamh. Rud eile, is dócha gur airgheamar go léir
trácht ar an mbéas do bhíodh ag aithreachaibh agus máithreachaibh tá tamall ó
shoin i nÉirinn .i. nuair do bhíodh aon rud fá leith le rádh aca
agus gur mhaith leo é do cheilt ar na páisdibh, é do rádh i nGaedhilg.
Ba dona mar bhéas é siúd gan amhras, agus níor mhaith liom aon aithris
do dhéanamh air, acht ar aon chuma, is osgailte agus is soiléire do
gheobhmáid ceisteanna do phléidhe eadrainn féin i nGaedhilg ná mar do
gheobhmais i dteangain an fhir thall.



Is cuimhin le cách an bhuidhean úd de uaislibh Gaedheal tháinig i
gcomhdháil a chéile i dTigh an Cathrach i mBaile Átha Cliath i n-urraidh.
“Comhdháil Tighe na Cathrach” thugtaí ortha, agus ba thogha agus rogha na
nGaedheal iad. An Ghaedhealg isna bunsgoilibh ba dhaingean agus ba cúram
dóibh. Tar éis an cheist do sgrúdú agus do sgagadh dóibh, d'aontuigh-
eadar agus do chinneadar ar neithibh áirithe d'éileamh ar an “mBórd
Náisiúnta,” mar budh é a dtuairim go ndéanfadh na neithe áirithe sin
maitheas mór do'n Ghaedhilg isna sgoilibh. Árd-mhaor Bhaile Átha Cliath ba
cheannurraidh ar an gcomhdháil, agus badh é do chuir an t-éileamh go dtí an
Bórd. D'aontuigh an Bórd le cuid de, agus, an méid sin féin, dá
gcuirtí i ngníomh é, do dhéanfadh sé tairbhe mór do'n Ghaedhilg. Acht do
bhí tuilleadh airgid i gceist chum na múinteoirí d'íoc, agus dá bhrigh sin
b'éigean an chóir nó an sgéim do chur go dtí lucht Chisde Shasana chum
cead dfhagháil uatha. Ní'l aon mhuinghin agam as lucht Chisde Shasana, agus
ní mór le rádh a bhfuil de mhuinghin agam as an mBórd Náisiúnta acht
oiread. Adéarainn ná raibh mórán meanman isan iarratas do chuireadar
isteach. Is dócha go raibh sé ar nós “cuma liom,” munar mheasa ioná san
é. Nuair is fuar é an teachtaire is fuar é an freagra, agus badh é an
freagra fuar do fuaireadar. Ní bheadh lucht an chisde sásta an bhreis
airgid do chaitheamh ar an nGaedhilg, agus ní mó do ghlacfaidís tosgairí
ó'n gComhdháil chum an chúis do mhíniú dhóibh. Is dócha gur feidir leo an
cleas san d'imirt. Tá an chomhacht aca. Acht cad do bhí i gceist? Do
bhí deich míle fichead púnt isan mbliadhain i gceist chum teanga náisiúin do
shábháil. Agus sin iad na daoine atá tar éis trí chéad milliún púnt do
ghoid agus do robáil ó'n náisiún chéadna sin le céad éigin bliadhain anuas.
cionnus is féidir é dfhagháil? Ní dóigh liom go bhfuil aon tslighe is fearr
ioná dul agus é do thógaint - an lámh láidir, dá mb'éidir é. Sin é an
tslighe chun rudaí do chur i n-a luighe ar an Sasanach.



Ní dócha gur féidir a leithéid sin do dhéanamh. Acht cad is féidir do
dhéanamh? Anois, is beag duine de shliocht Ghaedheal i nÉirinn, ná ar fuaid
an domhain, nó fuil i bhfábhar na Gaedhilge, agus nach é a mbaramhail gomadh
cheart í do choimeád beó. Agus cadé a chúis gur eitigh Cisde Shasana
iad? Tá, go gceapaid lucht Chisde Shasana ná fuil sa mbaramhail sin
acht baramhail gan bhrigh gan ghníomh gan aon urchóid, “pious opinion”
mar a dubhairt an té a dubhairt é. An bhfuil an ceart aca? Dar ndóigh
atá a fhios agam go bhfuil mór-chuid daoine i nÉirinn atá go
dian dílis dúthrachtach dáiríribh ar thaoibh na Gaedhilge. Acht atá a fhios
agam freisin go bhfuil mór-chuid eile ann - an chuid is mó, is dóigh liom
atá neamhshuimeamhail, leamh, lag-bhrígheach go leór i dtaoibh na Gaedhilge.
Sé a mbaramhail so gan amhras gomadh cheart í do shábháil, acht ní leór
baramhail. Ní hí an bharamhail dhéineas gníomh acht na daoine a mbíonn sí
aca. Rud eile - atá dhá shórt baramhla i nÉirinn - baramhail ós árd agus
baramhail ós íseal, agus ní hionann i gcomhnuidhe iad. A leithéid seo -
comhairle ceantair do chuirfeadh rún láidir i bhfábhar na Gaedhilge ós
comhair na Comhairle agus do dhéanfadh oráid i bhfad ní ba láidre ioná
an rún, agus annsoin do raghadh go dtí an maighistir sgoile agus
adéarfadh leis nár ghádh dó aon Ghaedhealg do mhúineadh dhá chlainn - ní
rabhadar láidir a ndóthain, mar badh eadh. Is beag duine aca atá chomh
cladhaireamhail claon leis an bhfear soin, acht is aindeis mar sgéal a
leithéid do bheith beo ar aon chor. Atá a fhios go beacht ag lucht Chisde
Shasana a leithéid a bheith ann, agus sin é a chúis go bhfuilid chomh daingean
dána agus atáid i n-aghaidh na Gaedhilge. Anois sid é mar atá an
sgéal - is beag Gaedheal beo amuigh nó i mbaile ná fuil báidh éigin aige
ina chroidhe istigh leis an nGaedhilg. Tá cuid aca sprionnlaighthe, suarach
gan amhras. Ní thuigid an cheist agus ceapaid ná fuil aon “mhaith”
inti. Daoine saoghalda, tá a fhios agat. Acht de bhrigh gur
daoine saoghalda iad níor mhaith leó teacht amach go puiblidhe i
n-aghaidh na Gaedhilge. Anois isí an “aigne phuiblidhe” an uirlis is
fearr atá againn chum an ghnótha so do chur chun cinn, agus do bheadh sé
ceart againn í d'oibriú chomh h-acfuinneach agus tá ionainn. Tá a fhios
ag lucht an Chlaidheamh do léigheamh cad tá ó'n gConnradh. Is cuimhin leó
rúin na hÁrdfheise. Ba cheart do n-a Craobhachaibh iad súd do chur ós
comhair gacha Comhaile ceantair agus conndae i nÉirinn, agus féachaint
chuige go gcuirtear i bhfeidhm iad. Má thagann Hóm Rúl ba mhaith an
rud na rúin úd do bheith i bhfeidhm roimh ré ag Comhairlibh áiteamhla na
hÉireann. Rud eile n'fheadar an bhfuil míle tuismightheóir i nÉirinn do
thógfadh a gclann ó n-a sgoilibh so ná fuil an Ghaedhealg dá múineadh
ionnta? Má tá gheabhmaíd bheith ag cainnt go héireachtach le muintir an
Bhúird agus le muintir an Chisde. Muna bhfuil is féidir seo súd a radh
ná fuil 'sa chainnt go léir acht gaoth is glór is neamhní.



Pádraig Ó Dálaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services