Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cad atá Uainn
Title
Cad atá Uainn
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cad atá Uainn. Ar Árdfheis seo chugainn beidh orainn comhairle do dhéanamh fá'n gceist is mó dá raibh riamh orainn a phléidhe. Fé'n am san, muna dtigidh donas éigin gan coinne, beidh Acht Riaghaltais Éireann i bhfeidhm. Beidh athrach nós sa tír agus caithfeamne leis athrach slighe a tharraing chugainn. Is le daoinibh eile a bhéam i bpléidhe nó ag i bpáirt. Dar le n-a lán daoine nach i bpléidhe le lucht comhachta a bhéam feasta ach go mbeifear chomh dúthrachtach san i dtaobh na Gaedhilge nach gádh Connradh na Gaedhilge a thuill. Cloistear a lán á rádh cheana féin ná fuil gádh leis an gConnradh anois féin go bhfuil a ghnó déanta, an síol curtha agus go bhfuil cumainn agus comhachtaí eile tar éis fás as an gConnradh so againn-ne a thabharfaidh aire do'n ghnó a chuir an Connradh roimis a dhéanamh. Ba shuaire an sgéal é a cheapadh go bhfuil an ceart ag na daoinibh seo, atá chomh muinghíneach as an Riaghaltas Nua a bhéas i nÉirinn agus as na cumainn agus as na comhachtaí d'fhás as an gConnradh ach is baoghal gur gádh fós an aire agus an chúram i dtaobh na Gaedhilge pé duine bhéas i mbun Riaghluighthe na tíre. Tar éis na cainnte go léir is beag an tuisgint atá ag lucht na polaitidheachta i sgéal na Gaedhilge fós agus daoine iseadh lucht polaitidheachta ná déanfaidh aon mhaith d'aon rud ach do rud nach féidir leo dul uaidh. Is cosamhail gur beag duine againn féin fós go bhfuil aon mhachtnamh déanta aige ar cad a bhéam a iarraidh ar an Riaghaltas Éireannach. Tá tuairim neamhdheimhnitheach againn go léir go mbeimíd ag iarraidh Oideachas na tíre go léir d'athrú agus a Ghaedhealú ach thairis sin ní aon tuairim eile ag an gcuid is mó againn. Acht tá céad rud eile ann ag déanamh ceataighe do'n Ghaedhilg agus muna ndeintear a gcuid oibre sin a Gheadhealú is suarach an brath bheith ag brath ar an sgoileanna. Tá Oifig an Phosta, tá lucht Chostuim is Canach is Pension, tá na Póilí, tá lucht Árachais agus Sláinte agus na mBórd, agus na gCoimisiún atá agus a bheas, is dócha, ag stiúradh gnóthaí poiblidhe na tíre go fóill. Luath nó mall caithfeam iarraidh ar an Riaghaltas so againn-ne na neithe sin chur ar aon dul leis an Oideachas agus é dhéanamh dáiríribh ceart. I dtaobh na Páirliminte féin ní bheidh aon fhonn orainn sgaoileadh leis sin ach chomh beag leis na Búird a bheas fuithi. Ní bheidh Gaedhil sásta go mbeidh an Ghaedhilg, ar a laighead, ar aon mhaol le teanga na Sasanach innti go gcuirfear gach cló oifigeamhail sa nGaedhilg go dtabharfar Aiteasg an Rí as Gaedhilg. Sin iad na haiscí a bheifear a iarraidh ar an Riaghaltas Nua má thagann sé i gcrích. Caithfeam féin a admháil nach aiscí beaga iad. Ach is cuma beag nó mór iad caithfear iad d'fhagháil luath nó mall. Ní mór dúinn láithreach ár gcomhairle a chur le chéile agus an t-iarratas a cheapadh agus a dhéanamh cruinn iomlán agus é bheith ullamh againn le cur ós comhair an Riaghaltais Éireannaigh an chéad lá a gheobhaidh siad riarú gnóthaí na tíre ar a lámhaibh. Níl aon chomhairle ullamh againn i gcóir aon ní dá dtuitfidh amach i n-imeacht an dá mí seo chugainn, 'n-a ionad san is amhlaidh go bhfuilimid comh neamhshuimeamhail sin ná fuil leas na Gaedhilge ar ball ag cur aon tinnis orainn. Is mithid dúinn corruighe nó is amhlaidh a bheidh seanchus ar siubhal againn nuair a bheas an anachain déanta. An fhaid a bheidh aon dóigh ann go gcuirfear Acht Riaghaltais Éireann i bhfeidhm ba cheart dúinn ullmhachán a dhéanamh na chóir. Ba cheart dúinn, leis, athrach ullmhacháin a dhéanamh do'n “b'fhéidir” eile atá sa sgéal. Níl ceachtar de'n dá ullmhachán déanta againn; agus muna mbeidh agus muna gcríochnuightear é ag an Árdfheis i gCilláirne um deire Iúil beidh neamh-áird orainn. Beidh Hóm Rúil ar thaobh éigin um an dtaca san, ach pé taobh ar a mbeidh sé caithfimid-ne corú eigin nua a chur ar an gcath. Dála cúrsaí Oideachais ní mór dúinn indiu féin agus amáireach agus gach lá feasta bheith ag cur ár sgéil i n-iúil. Tamall ó shin do bhitheas go glórach gach duine dá iarraidh go gcuirfí deire leis an mBórd Náisiúnta. Tá maolú mór ar an ngearán le déanaighe agus anois ní bheadh iongnadh ar bith ar dhaoinibh dá mbeadh daoine á rádh gur cheart leigean do'n Bhórd go fóil eile. Tá lucht cosanta ag an mBórd Náisiúnta anois mar a mbíodh lucht a ghéar-cháinte cheana. An bhfuilimíd i dtreo chun an Bórd san a sgaipeadh má bhíonn daoine eile sásta é d'fhágáil fé mar atá sé? Agus má chuirtear deire leis cad a bhéas againn n-a áit? An mbeifear níos dúthrachtaighe i dtaobh na Gaedhilge ná mar a bhítheas cheana. “Éireannaigh a bheas i mbun Oideachais” adeir duine. Is dóigh gurab eadh, ach nach Éireannaigh atá ar an mBórd Náisiúnta leis. Bheadh fearg ar gach duine aca dá dtugtaí Sasanaigh ortha. Pé duine bhéas ann níl glór go leór dá chur i n-iúl dó go gcaithfidh sé saothar a dhéanamh do'n Ghaedhilg ná dearna aoinne i n-aon Bhord Oideachais cheana. Sé bun agus barr an sgéil go bhfuilimid-ne anois gan fios ár gcomhairle féin againn gan a fhios go cruinn againn cad atá uainn ná cad iarrfaimíd ná cionnus a gheabham an ní iarrfam. “An Seabhac.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services