Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cad atá Uainn

Title
Cad atá Uainn
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cad atá Uainn.



Ar Árdfheis seo chugainn beidh orainn comhairle do dhéanamh fá'n
gceist is mó dá raibh riamh orainn a phléidhe. Fé'n am san, muna dtigidh
donas éigin gan coinne, beidh Acht Riaghaltais Éireann i bhfeidhm. Beidh
athrach nós sa tír agus caithfeamne leis athrach slighe a tharraing chugainn.
Is le daoinibh eile a bhéam i bpléidhe nó ag i bpáirt. Dar le n-a lán
daoine nach i bpléidhe le lucht comhachta a bhéam feasta ach go mbeifear
chomh dúthrachtach san i dtaobh na Gaedhilge nach gádh Connradh na Gaedhilge
a thuill. Cloistear a lán á rádh cheana féin ná fuil gádh leis an gConnradh
anois féin go bhfuil a ghnó déanta, an síol curtha agus go bhfuil cumainn
agus comhachtaí eile tar éis fás as an gConnradh so againn-ne a thabharfaidh
aire do'n ghnó a chuir an Connradh roimis a dhéanamh.



Ba shuaire an sgéal é a cheapadh go bhfuil an ceart ag na daoinibh seo,
atá chomh muinghíneach as an Riaghaltas Nua a bhéas i nÉirinn agus as na
cumainn agus as na comhachtaí d'fhás as an gConnradh ach is baoghal gur
gádh fós an aire agus an chúram i dtaobh na Gaedhilge pé duine bhéas i mbun
Riaghluighthe na tíre. Tar éis na cainnte go léir is beag an tuisgint atá
ag lucht na polaitidheachta i sgéal na Gaedhilge fós agus daoine iseadh lucht
polaitidheachta ná déanfaidh aon mhaith d'aon rud ach do rud nach féidir leo
dul uaidh.



Is cosamhail gur beag duine againn féin fós go bhfuil aon mhachtnamh
déanta aige ar cad a bhéam a iarraidh ar an Riaghaltas Éireannach. Tá
tuairim neamhdheimhnitheach againn go léir go mbeimíd ag iarraidh Oideachas
na tíre go léir d'athrú agus a Ghaedhealú ach thairis sin ní aon tuairim eile
ag an gcuid is mó againn. Acht tá céad rud eile ann ag déanamh ceataighe
do'n Ghaedhilg agus muna ndeintear a gcuid oibre sin a Gheadhealú is
suarach an brath bheith ag brath ar an sgoileanna. Tá Oifig an Phosta, tá
lucht Chostuim is Canach is Pension, tá na Póilí, tá lucht Árachais agus
Sláinte agus na mBórd, agus na gCoimisiún atá agus a bheas, is dócha, ag
stiúradh gnóthaí poiblidhe na tíre go fóill. Luath nó mall caithfeam iarraidh
ar an Riaghaltas so againn-ne na neithe sin chur ar aon dul leis an
Oideachas agus é dhéanamh dáiríribh ceart. I dtaobh na Páirliminte féin
ní bheidh aon fhonn orainn sgaoileadh leis sin ach chomh beag leis na Búird
a bheas fuithi. Ní bheidh Gaedhil sásta go mbeidh an Ghaedhilg, ar a laighead,
ar aon mhaol le teanga na Sasanach innti go gcuirfear gach cló oifigeamhail
sa nGaedhilg go dtabharfar Aiteasg an Rí as Gaedhilg.



Sin iad na haiscí a bheifear a iarraidh ar an Riaghaltas Nua má thagann
sé i gcrích. Caithfeam féin a admháil nach aiscí beaga iad. Ach is cuma
beag nó mór iad caithfear iad d'fhagháil luath nó mall. Ní mór dúinn
láithreach ár gcomhairle a chur le chéile agus an t-iarratas a cheapadh agus a
dhéanamh cruinn iomlán agus é bheith ullamh againn le cur ós comhair an
Riaghaltais Éireannaigh an chéad lá a gheobhaidh siad riarú gnóthaí na tíre
ar a lámhaibh.



Níl aon chomhairle ullamh againn i gcóir aon ní dá dtuitfidh amach i
n-imeacht an dá mí seo chugainn, 'n-a ionad san is amhlaidh go bhfuilimid
comh neamhshuimeamhail sin ná fuil leas na Gaedhilge ar ball ag cur aon
tinnis orainn. Is mithid dúinn corruighe nó is amhlaidh a bheidh seanchus ar
siubhal againn nuair a bheas an anachain déanta. An fhaid a bheidh aon dóigh
ann go gcuirfear Acht Riaghaltais Éireann i bhfeidhm ba cheart dúinn
ullmhachán a dhéanamh na chóir. Ba cheart dúinn, leis, athrach ullmhacháin a
dhéanamh do'n “b'fhéidir” eile atá sa sgéal. Níl ceachtar de'n dá
ullmhachán déanta againn; agus muna mbeidh agus muna gcríochnuightear é
ag an Árdfheis i gCilláirne um deire Iúil beidh neamh-áird orainn. Beidh
Hóm Rúil ar thaobh éigin um an dtaca san, ach pé taobh ar a mbeidh sé
caithfimid-ne corú eigin nua a chur ar an gcath.



Dála cúrsaí Oideachais ní mór dúinn indiu féin agus amáireach agus
gach lá feasta bheith ag cur ár sgéil i n-iúil. Tamall ó shin do bhitheas go
glórach gach duine dá iarraidh go gcuirfí deire leis an mBórd Náisiúnta.
Tá maolú mór ar an ngearán le déanaighe agus anois ní bheadh iongnadh ar
bith ar dhaoinibh dá mbeadh daoine á rádh gur cheart leigean do'n Bhórd go
fóil eile. Tá lucht cosanta ag an mBórd Náisiúnta anois mar a mbíodh
lucht a ghéar-cháinte cheana. An bhfuilimíd i dtreo chun an Bórd san a
sgaipeadh má bhíonn daoine eile sásta é d'fhágáil fé mar atá sé? Agus má
chuirtear deire leis cad a bhéas againn n-a áit? An mbeifear níos
dúthrachtaighe i dtaobh na Gaedhilge ná mar a bhítheas cheana. “Éireannaigh a
bheas i mbun Oideachais” adeir duine. Is dóigh gurab eadh, ach nach
Éireannaigh atá ar an mBórd Náisiúnta leis. Bheadh fearg ar gach duine
aca dá dtugtaí Sasanaigh ortha. Pé duine bhéas ann níl glór go leór dá
chur i n-iúl dó go gcaithfidh sé saothar a dhéanamh do'n Ghaedhilg ná dearna
aoinne i n-aon Bhord Oideachais cheana.



Sé bun agus barr an sgéil go bhfuilimid-ne anois gan fios ár
gcomhairle féin againn gan a fhios go cruinn againn cad atá uainn ná cad
iarrfaimíd ná cionnus a gheabham an ní iarrfam.



“An Seabhac.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services