Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhar na hÉireann
Title
Comhar na hÉireann
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhar na hÉireann. Ní haon chabhair dúinn a bheith a d'iarraidh slacht le cóir do chur ar an dtír an fhaid do bhíonn saothrughadh an tailimh dá dhearmhad againn. Ar an dtiúscal soin tá ár seasamh thar aon nidh eile. Tá cuid againn agus ba leasc linn, ba náir linn, an saothar soin do ghabhail ar láimh mar dh'eadh is nach leis an dtiúscal soin do tógadh a dtáinig romhain dá dteidhimís siar i gcéin go dtí an chéád uair riamh do cuireadh an duine daona ar an saoghal so nach le saothar an tailimh do cuireadh é agus is leis an dtiúscal soin do fuair sé a shlighe maireachtain go dtí go ndeaghaidh an cineadh chomh mór soin i líonmhaireacht agus nár bh'fhéidir 'soláthar le hoireamhaint d'fhaghail as an dtalamh. Acht galar an díomhaointis ag cur ar a lán de mhuinntir na tíre seo agus ní háil leo dul le hobair fén dtuaith agus a fhios ag an saoghal gur b'í an obair sin an obair is uaisle agus is fuláile do b'fhéidir d'fhaghail. Tá talamh na hÉireann, nó furmhór de, ag brúchadh le saidhbhreas. Talamh maith freagrach 'seadh é don té a gheobhadh a shaothrughadh le chéile. Is dóigh le n-a lán do mhuintir na tuaithe go mbeidís toghtha go deo dá bhféadfaidís imtheacht leo féin go baile mór éigin mar a bhfaighidís lonughadh go seascair agus a mbeatha do chaitheamh le cuideachtain. Ní hoireann uaigneas na tuaithe dóibh. Acht an té a fhéachann isteach sa scéal i gceart is sa chaithair a gheibhtear an t-uaigneas - an t-uaigneas mairbhtheach úd do threoruigheann an t-anam ar bhóthar a aimhleasa. Is sa tuaith a gheibhtear an saidhbhreas cóir a ghrúis- igheann aigne an duine chun Dé agus do chuireann i n-iumhail dó áilneacht an bheatha so. Is sa tuaith d'fhoillsuightear mórdhacht is ollchomhacht an Ríogh do thug A anam ar ár son. Gach tráth den bhliadhain bíonn Sé go gnothach fén dtuaith ag cur an saoghail i dtreo dúinn. Agus féach gach uile nidh dár chruithigh Sé, tá a thuil dá dhéanamh ionnta. Tá ceol na n-éan dá chlos ins na spéarthaibh gach lá i rith an earraigh anuas agus sa dubhluachar fein ní sos dá cantan ó cheann ceann na bliadhna. Tá an talamh ag tabhairt aníos uaidh gach tabharthas ar fheabhas d'fonn ar gcothuighthe. Ní gadh dhom an t-áireamh a dhéanamh níosa mó. Sé chuirfeadh breaghthacht an tsaoghail seo i gcomórtas le cumhangas na cathrach. Nach ar Dia atá ár n-aghaidh: Má's eadh, tá Éire Mhór againn chun ar mbeathadh do riaradh le cóir innti. Tá gach cluain is cnoc is gleann innti ag eitheamh linn chun dul ag saothar n-a measc. Ach ní neart go cur le chéile. Is measa dhom mo chomharsan ná mo cháirde gaoil adeireadh na sean iúnduirí. Is é chabhair gach éinne a mhaireann gach éinne. Ní bhaineann leis na mnáibh sa chomhar so acht gach a ngabhann leis an dtig agus mór-thimcheall an tighe. Tá reachtaireacht cearc is gnóthaí tighe fútha ar fad agus is féidir leo cur go mór le tabhairt isteach tíre acht na rudaí úd do riaradh le ceart. Is fearr go mór agus is adsáidighe a thiocfadh leo go léir é sin a dhéamh. Dá raghaidís i gcomhar le n-a céile, cuir i gcás dá bhféadfaidís maraghadh fé leith do chur ar bun d'fhann ubh is éanlaithe, agus ceannuigh- theóirí do sholáthar i nÉirinn agus thar sáile dá gcuid earraí, do gheobhaidís an phingin is aoirde as pé rud do bheadh le díol aca agus ní bheadh an scéal mar atá sé anois. Gach éinne ag déircínteacht ar an bhfear thall chun cuid earraí do thógaint uaithi ar an rogha airgid. Dá gcuirfeadh mná gach baile i nÉirinn le chéile ar an gcuma soin badh ghearr go mbeadh an lámh i n-uachtar aca ar margaibh iasachta mar na hearraí a bhíonn aca, idir im is uibhe is mar sin, bí féidir a sárughadh d'fhagháil. An duine atá ar bheagán tailimh agus go mbíonn ar fhear an tighe a chuid do thuilleadh ón a chomharsain is fuirist dá mhnaoi cur go mór le n-a tabhairt isteach le haghaidh na bliadhna acht na rudaí úd do riaradh le chéile. Agus an tráth eirigheann an chlann chuici is féidir léi an obair do leathanughadh agus an bhreis do roinnt eatorra do réir mar a thagann an chaoi aici chuige. Tá duine díobh soin ar mhairthin anois duine shuas i Loch Charmain Acra talaimh atá de sheilbh aici agus tá céad go leith de theacht isteach aici dhá dhéanamh as an mblúire sin talaimh. Is fearr go mór an cothughadh agus an saoghal atá aici dá luigh- ead a cuid talaimh ná a lán dá comharsanaibh go bhfuil leath an bhaile de thalamh ag cuid aca agus go mbíonn obair leath lae aca ar siubhal. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services