Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhar na hÉireann

Title
Comhar na hÉireann
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Comhar na hÉireann.



Ní haon chabhair dúinn a bheith a d'iarraidh
slacht le cóir do chur ar an dtír an fhaid do
bhíonn saothrughadh an tailimh dá dhearmhad
againn. Ar an dtiúscal soin tá ár seasamh
thar aon nidh eile. Tá cuid againn agus ba
leasc linn, ba náir linn, an saothar soin do
ghabhail ar láimh mar dh'eadh is nach leis an
dtiúscal soin do tógadh a dtáinig romhain
dá dteidhimís siar i gcéin go dtí an chéád
uair riamh do cuireadh an duine daona ar an
saoghal so nach le saothar an tailimh do
cuireadh é agus is leis an dtiúscal soin do
fuair sé a shlighe maireachtain go dtí go
ndeaghaidh an cineadh chomh mór soin i
líonmhaireacht agus nár bh'fhéidir 'soláthar le
hoireamhaint d'fhaghail as an dtalamh.



Acht galar an díomhaointis ag cur ar a
lán de mhuinntir na tíre seo agus ní háil leo
dul le hobair fén dtuaith agus a fhios ag an
saoghal gur b'í an obair sin an obair is uaisle
agus is fuláile do b'fhéidir d'fhaghail. Tá talamh
na hÉireann, nó furmhór de, ag brúchadh
le saidhbhreas. Talamh maith freagrach 'seadh
é don té a gheobhadh a shaothrughadh le chéile.
Is dóigh le n-a lán do mhuintir na tuaithe go
mbeidís toghtha go deo dá bhféadfaidís
imtheacht leo féin go baile mór éigin mar a
bhfaighidís lonughadh go seascair agus
a mbeatha do chaitheamh le cuideachtain. Ní
hoireann uaigneas na tuaithe dóibh. Acht
an té a fhéachann isteach sa scéal i gceart is
sa chaithair a gheibhtear an t-uaigneas - an
t-uaigneas mairbhtheach úd do threoruigheann
an t-anam ar bhóthar a aimhleasa. Is sa
tuaith a gheibhtear an saidhbhreas cóir a ghrúis-
igheann aigne an duine chun Dé agus do
chuireann i n-iumhail dó áilneacht an bheatha so.
Is sa tuaith d'fhoillsuightear mórdhacht is
ollchomhacht an Ríogh do thug A anam ar ár son.
Gach tráth den bhliadhain bíonn Sé go gnothach
fén dtuaith ag cur an saoghail i dtreo dúinn.
Agus féach gach uile nidh dár chruithigh Sé, tá
a thuil dá dhéanamh ionnta. Tá ceol na n-éan
dá chlos ins na spéarthaibh gach lá i rith an
earraigh anuas agus sa dubhluachar fein ní
sos dá cantan ó cheann ceann na bliadhna.
Tá an talamh ag tabhairt aníos uaidh gach
tabharthas ar fheabhas d'fonn ar gcothuighthe.
Ní gadh dhom an t-áireamh a dhéanamh níosa mó.
Sé chuirfeadh breaghthacht an tsaoghail seo i
gcomórtas le cumhangas na cathrach. Nach ar
Dia atá ár n-aghaidh: Má's eadh, tá Éire Mhór
againn chun ar mbeathadh do riaradh le cóir
innti. Tá gach cluain is cnoc is gleann innti
ag eitheamh linn chun dul ag saothar n-a
measc.



Ach ní neart go cur le chéile. Is measa
dhom mo chomharsan ná mo cháirde gaoil
adeireadh na sean iúnduirí. Is é chabhair
gach éinne a mhaireann gach éinne. Ní bhaineann
leis na mnáibh sa chomhar so acht gach a ngabhann
leis an dtig agus mór-thimcheall an tighe. Tá
reachtaireacht cearc is gnóthaí tighe fútha ar
fad agus is féidir leo cur go mór le tabhairt
isteach tíre acht na rudaí úd do riaradh le
ceart. Is fearr go mór agus is adsáidighe a
thiocfadh leo go léir é sin a dhéamh. Dá
raghaidís i gcomhar le n-a céile, cuir i gcás
dá bhféadfaidís maraghadh fé leith do chur ar
bun d'fhann ubh is éanlaithe, agus ceannuigh-
theóirí do sholáthar i nÉirinn agus thar sáile
dá gcuid earraí, do gheobhaidís an phingin is
aoirde as pé rud do bheadh le díol aca agus
ní bheadh an scéal mar atá sé anois. Gach
éinne ag déircínteacht ar an bhfear thall
chun cuid earraí do thógaint uaithi ar an rogha
airgid. Dá gcuirfeadh mná gach baile i
nÉirinn le chéile ar an gcuma soin badh
ghearr go mbeadh an lámh i n-uachtar aca ar
margaibh iasachta mar na hearraí a bhíonn aca,
idir im is uibhe is mar sin, bí féidir a sárughadh
d'fhagháil.



An duine atá ar bheagán tailimh agus go
mbíonn ar fhear an tighe a chuid do thuilleadh
ón a chomharsain is fuirist dá mhnaoi cur go
mór le n-a tabhairt isteach le haghaidh na
bliadhna acht na rudaí úd do riaradh le chéile.
Agus an tráth eirigheann an chlann chuici is
féidir léi an obair do leathanughadh agus an
bhreis do roinnt eatorra do réir mar a thagann
an chaoi aici chuige. Tá duine díobh soin ar
mhairthin anois duine shuas i Loch Charmain
Acra talaimh atá de sheilbh aici agus tá céad
go leith de theacht isteach aici dhá dhéanamh as
an mblúire sin talaimh. Is fearr go mór
an cothughadh agus an saoghal atá aici dá luigh-
ead a cuid talaimh ná a lán dá comharsanaibh
go bhfuil leath an bhaile de thalamh ag cuid aca
agus go mbíonn obair leath lae aca ar siubhal.



Cáit Ní Dhonnchadha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services