Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle gan Iarraidh
Title
Comhairle gan Iarraidh
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle gan Iarraidh. Níl aon rud is saoráidighe a thagann chum daoine ná comhairle a leasa do thabhairt do dhaoinibh eile, agus ní'l aon rud is fusa do sna daoinibh eile do dhéanamh ná gan aon áird do thabhairt ar an gcomhairle sin. Is minic do thuiteann sé amach freisin gur gádh i bhfad níos mó céille agus stuama chum tairbhe bhaint as deagh-chomhairle ná mar is gádh chum an deagh-chomhairle do thabhairt. Sin é mo dhalta-sa, bíodh ná fhuil mórán le rádh annso agam ar bhfiú é deagh-chomhairle do thabhairt air. Is amhlaidh atá an sgéal go bhfuil an-spéis agam i ngnó na leabhar, agus go bhfuil dlúth-bhaint agam leis an taoibh sin de ghnóthaibh an Chonnartha. Agus de bharr an dlúthbhainte sin do chíthear dom ná fuil a ndóthain de sna leabhraibh cearta dhá bhfagháil ag “Clódhanna,” .i. leabhra foghanta oireamhnacha a mbeadh brígh chomh maith le briathraibh ionnta, eolas agus éirim ionnta, ciall agus cuideachta ionta. Agus badh mór an congnamh do'n obair seo atá idir lámhaibh againne é, nó d'aon obair eile dá leithéid, dá mbeadh leabhra spriocamhla, snasta againn chum an mheanma do mhéadú agus an intleacht d'aibiú. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Thomás Davis agus ar a lucht comhaimsire. Acht ní dócha go mbeidhmíd i bhfad gan duine éigin a adéarfaidh gur breágh bog a thagann caint chuamsa .i. chum duine nár sgríobh aon leabhar riamh. Tá fáilte roimhe agus bíodh an méid seo im' dhiaidh mar fhreagra air .i. gur dheallraighe go minic breath neamh-chlaon neamh-pháirteach d'fhagháil ar leabhraibh agus ar lucht a ndéanta ó dhuine nach ughdar leabhar, má bhíonn tuigsint ar an ngnó aige, ná ó dhuine atá ag gabháil leis an gcéird. Cad tá uainn? Má abraim 'litridheacht' tá daoine ann adéarfaidh “béarlachas,” agus daoine adéarfaidh “laidneachas,” agus daoine eile thiubhras “sgoláire” orm. Acht dá ndéarainn “léigheann” badh laidhneachas é leis, agus ar aon chuma ní dhéanfadh sé an gnó go beacht, ná an focal “foghluim” acht oiread. Acht tuigeann lucht léighinn leath-fhocail, agus tuigeann lucht léighte an Chlaidhimh cad do chialluigheann an briathar beannuighthe sin “litridheacht” i gcoitchinne. Anois an bhfuil litridheacht uainn i nGaedhilg indiu? Dar ndóigh tá, agus tá go daingean. Agus cad chuige nó cadé a chúis go bhfuil litridheacht uainn i nGaedhilg indiu? Chum na daoine do chur ag léigheamh na Gaedhilge, agus, mar thoradh air sin, chum an Ghaedhilg do choimeád beó. Tá trí neithe nach mór do dhéanamh chum teanga do chimeád beó sa saoghal atá indiu ann, .i. í do labhairt, í do sgríobhadh, agus í do léigheamh. An dara ní aca so atá i gceist againne do'n chor so. Tá cuid mhaith litridheachta againn i nGaedhilg cheana féin, agus is truagh gan í go léir fá chló acht dó beadh féin ní dhéanfadh sé an gnó. Stair agus dinnseanchas agus ginealaigh is mó atá innti, agus leis an tsean-amisir is mó bhaineann sí. Tá an Ghaedhealg go maith innti gan amhras acht ní leor san. Sa litridheacht bheas buan ní mór “greann is gaois i gcaoinbhriathraibh” agus tá a fhios againn gur sgríobhadh roinnt mhaith díthchéille sa nGaedhilg. Agus tuigimís freisin ná féadfadh an Ghaedhealg féin díthchéille agus ráiméis do choiméad beó. Dá bhrígh sin, ní ceart smaointiú agus ciall agus réasún do dhearmad agus an aire go léir do thabhairt do choraibh cainte. Baineann an dá rud go dlúth le chéile, agus caithfear an aire cheadna do thabhairt dóibh araon. Adeir daoine go bhfuil an iomarca filidheachta againn i nGaedhilg. Acht an bhfuil? Ní dóigh liom féin go bhfuil ar aon chor. B'éidir go bhfuil an iomarca rannuigheachta nó an iomarca bhéarsuigheachta againn, acht ní hionann san agus a rádh go bhfuil an iomarca filidheachta againn. Tá deifir mór eatorra. Ní hionann fuaim agus filidheacht. Tá fhios agam gur furas locht d'fhagháil ar rudaibh, acht measaim go raibh an iomarca riaghalach ag baint leis an Dán Díreach, agus go raibh na filí bochta craptha céasta ag “nuimir ceathramhan, cinteacht shiolla, uaim, comhardadh, rinn, áirdrinn, uaithne, ceann agus urlann.” Acht i gceann tamaill do shaoradar iad féin ó ghéar-bhroid na riaghlacha, agus tá filidheacht Eoghain Rua mar shompla againn. Do bhí ceol sa bhfilidheacht sin gan amhras, agus fuaim na bhfocal bhfaobhrach, acht teastuigheann rudaí eile seachas ceól agus fuaim. Teastuigheann smaointe, agus is deacair na smaointe do thuismiú gan caidreamh éigin do bheith ag duine le sna hughdaraibh is fearr. Ní hiad na Sasanaigh atá i m'aigne anois agam acht na Gréagaigh agus na Rómhánaigh .i. Hesiod, Callimchus, Catullus, Theocritus, &rl., gan trácht ar na hughdaraibh móra atá iomráidhte ar fuaid an domhain. Munar féidir le duine na hughdair sin do léigheamh sa nGréigis nó sa Laidin gheabhaidh sé iad dfhághail i mBéarla, agus muna mbeidh an snas aige beidh na smaointe aige, agus déanfaidh sin an aigne d'fhairsingiú. Acht ní hí an fhilidheacht is géire theasduigheas ó mhuintir Chlódhanna. Ní dóigh liom go mbíonn an tóir chéadna ag daoinibh ar fhilidheacht agus bhíonn aca ar phrós, go háirithe ar sgéaltaibh bhaineas leis an lá indiu. Tá sgríobhnoirí againn cheana féin atá go haicillidhe chum sgéal do cheapadh. Tá an “Seabhac” againn, agus Pádraig Ó Conaire agus Peadar Mag Fhionnnlaoich agus Séamus Ó Searcaigh, &rl., acht teasduigheann tuille, agus chum an tuillidh atáim. Anois atá cuid mhaith daoine a dtagann an Ghaedhealg go breaghdha, réidh, acionta chuca, agus a bhfuil féith an sgéaluidhe ionnta dá mbeadh a fhios aca é. Badh chóir dá leitheidibh iarracht do dhéanamh, acht i dtosach bara, badh cheart dóibh roinnt stuidéir do dhéanamh ar an gcéird, mar atá céird ann agus céird neamh-choitchionta. Do bheadh sé ceart aca feachaint cionnus snaidhm an sgéil do dhéanamh, agus is iad sgéaluidhthe na Fraince agus Aimerioca na maighistrí is fearr chum san do mhúineadh. Ní'l mórán maitheasa sna Sasanaighibh chum na céirde sin, agus ní gádh bacaint leó. Annsoin nuair bheidh fios na céirde ag duine tugadh sé slighthte an tsaoghail fá ndeara go géar grinn agus sgríobhfaidh sé rud éigin foghanta. Pádraig Ó Dálaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services