Comhairle gan Iarraidh.
Níl aon rud is saoráidighe a thagann chum daoine ná comhairle
a leasa do thabhairt do dhaoinibh eile, agus ní'l aon rud is fusa do sna
daoinibh eile do dhéanamh ná gan aon áird do thabhairt ar an gcomhairle sin.
Is minic do thuiteann sé amach freisin gur gádh i bhfad níos mó céille agus
stuama chum tairbhe bhaint as deagh-chomhairle ná mar is gádh chum an
deagh-chomhairle do thabhairt. Sin é mo dhalta-sa, bíodh ná fhuil mórán le rádh
annso agam ar bhfiú é deagh-chomhairle do thabhairt air. Is amhlaidh atá an
sgéal go bhfuil an-spéis agam i ngnó na leabhar, agus go bhfuil dlúth-bhaint
agam leis an taoibh sin de ghnóthaibh an Chonnartha. Agus de bharr an
dlúthbhainte sin do chíthear dom ná fuil a ndóthain de sna leabhraibh cearta
dhá bhfagháil ag “Clódhanna,” .i. leabhra foghanta oireamhnacha a mbeadh brígh
chomh maith le briathraibh ionnta, eolas agus éirim ionnta, ciall agus
cuideachta ionta. Agus badh mór an congnamh do'n obair seo atá idir
lámhaibh againne é, nó d'aon obair eile dá leithéid, dá mbeadh leabhra
spriocamhla, snasta againn chum an mheanma do mhéadú agus an intleacht
d'aibiú. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Thomás Davis agus ar a lucht comhaimsire.
Acht ní dócha go mbeidhmíd i bhfad gan duine éigin a adéarfaidh gur breágh
bog a thagann caint chuamsa .i. chum duine nár sgríobh aon leabhar riamh.
Tá fáilte roimhe agus bíodh an méid seo im' dhiaidh mar fhreagra air .i.
gur dheallraighe go minic breath neamh-chlaon neamh-pháirteach d'fhagháil ar
leabhraibh agus ar lucht a ndéanta ó dhuine nach ughdar leabhar, má bhíonn
tuigsint ar an ngnó aige, ná ó dhuine atá ag gabháil leis an gcéird.
Cad tá uainn? Má abraim 'litridheacht' tá daoine ann adéarfaidh
“béarlachas,” agus daoine adéarfaidh “laidneachas,” agus daoine eile
thiubhras “sgoláire” orm. Acht dá ndéarainn “léigheann” badh laidhneachas
é leis, agus ar aon chuma ní dhéanfadh sé an gnó go beacht, ná an focal
“foghluim” acht oiread. Acht tuigeann lucht léighinn leath-fhocail, agus
tuigeann lucht léighte an Chlaidhimh cad do chialluigheann an briathar
beannuighthe sin “litridheacht” i gcoitchinne. Anois an bhfuil litridheacht
uainn i nGaedhilg indiu? Dar ndóigh tá, agus tá go daingean. Agus cad
chuige nó cadé a chúis go bhfuil litridheacht uainn i nGaedhilg indiu? Chum
na daoine do chur ag léigheamh na Gaedhilge, agus, mar thoradh air sin, chum
an Ghaedhilg do choimeád beó. Tá trí neithe nach mór do dhéanamh chum
teanga do chimeád beó sa saoghal atá indiu ann, .i. í do labhairt, í do
sgríobhadh, agus í do léigheamh. An dara ní aca so atá i gceist againne
do'n chor so. Tá cuid mhaith litridheachta againn i nGaedhilg cheana féin,
agus is truagh gan í go léir fá chló acht dó beadh féin ní dhéanfadh sé an
gnó. Stair agus dinnseanchas agus ginealaigh is mó atá innti, agus leis
an tsean-amisir is mó bhaineann sí. Tá an Ghaedhealg go maith innti gan
amhras acht ní leor san. Sa litridheacht bheas buan ní mór “greann is
gaois i gcaoinbhriathraibh” agus tá a fhios againn gur sgríobhadh roinnt mhaith
díthchéille sa nGaedhilg. Agus tuigimís freisin ná féadfadh an Ghaedhealg
féin díthchéille agus ráiméis do choiméad beó. Dá bhrígh sin, ní ceart
smaointiú agus ciall agus réasún do dhearmad agus an aire go léir do
thabhairt do choraibh cainte. Baineann an dá rud go dlúth le chéile, agus
caithfear an aire cheadna do thabhairt dóibh araon.
Adeir daoine go bhfuil an iomarca filidheachta againn i nGaedhilg. Acht
an bhfuil? Ní dóigh liom féin go bhfuil ar aon chor. B'éidir go bhfuil
an iomarca rannuigheachta nó an iomarca bhéarsuigheachta againn, acht ní
hionann san agus a rádh go bhfuil an iomarca filidheachta againn. Tá
deifir mór eatorra. Ní hionann fuaim agus filidheacht. Tá fhios agam
gur furas locht d'fhagháil ar rudaibh, acht measaim go raibh an iomarca
riaghalach ag baint leis an Dán Díreach, agus go raibh na filí bochta craptha
céasta ag “nuimir ceathramhan, cinteacht shiolla, uaim, comhardadh, rinn,
áirdrinn, uaithne, ceann agus urlann.” Acht i gceann tamaill do
shaoradar iad féin ó ghéar-bhroid na riaghlacha, agus tá filidheacht Eoghain
Rua mar shompla againn. Do bhí ceol sa bhfilidheacht sin gan amhras, agus
fuaim na bhfocal bhfaobhrach, acht teastuigheann rudaí eile seachas ceól agus
fuaim. Teastuigheann smaointe, agus is deacair na smaointe do thuismiú
gan caidreamh éigin do bheith ag duine le sna hughdaraibh is fearr.
Ní hiad na Sasanaigh atá i m'aigne anois agam acht na Gréagaigh
agus na Rómhánaigh .i. Hesiod, Callimchus, Catullus, Theocritus, &rl.,
gan trácht ar na hughdaraibh móra atá iomráidhte ar fuaid an domhain.
Munar féidir le duine na hughdair sin do léigheamh sa nGréigis nó sa
Laidin gheabhaidh sé iad dfhághail i mBéarla, agus muna mbeidh an snas aige
beidh na smaointe aige, agus déanfaidh sin an aigne d'fhairsingiú. Acht
ní hí an fhilidheacht is géire theasduigheas ó mhuintir Chlódhanna. Ní dóigh
liom go mbíonn an tóir chéadna ag daoinibh ar fhilidheacht agus bhíonn aca
ar phrós, go háirithe ar sgéaltaibh bhaineas leis an lá indiu. Tá sgríobhnoirí
againn cheana féin atá go haicillidhe chum sgéal do cheapadh. Tá an
“Seabhac” againn, agus Pádraig Ó Conaire agus Peadar Mag Fhionnnlaoich
agus Séamus Ó Searcaigh, &rl., acht teasduigheann tuille, agus chum an
tuillidh atáim. Anois atá cuid mhaith daoine a dtagann an Ghaedhealg go
breaghdha, réidh, acionta chuca, agus a bhfuil féith an sgéaluidhe ionnta dá
mbeadh a fhios aca é. Badh chóir dá leitheidibh iarracht do dhéanamh, acht i
dtosach bara, badh cheart dóibh roinnt stuidéir do dhéanamh ar an gcéird,
mar atá céird ann agus céird neamh-choitchionta. Do bheadh sé ceart aca
feachaint cionnus snaidhm an sgéil do dhéanamh, agus is iad sgéaluidhthe na
Fraince agus Aimerioca na maighistrí is fearr chum san do mhúineadh.
Ní'l mórán maitheasa sna Sasanaighibh chum na céirde sin, agus ní gádh
bacaint leó. Annsoin nuair bheidh fios na céirde ag duine tugadh sé
slighthte an tsaoghail fá ndeara go géar grinn agus sgríobhfaidh sé rud éigin
foghanta.
Pádraig Ó Dálaigh.