Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Coláisdí Gaedhealacha
Title
Na Coláisdí Gaedhealacha
Author(s)
Lorga Liath-bhán,
Pen Name
Lorga Liath-bhán
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Coláisdí Gaedhealacha. Tá sgéala Aesop mar gheall ar an leomhan agus na tarbhuigheacha agus do chuimhnigheas air an lá fé dheire nuair a léigheas beagán tuairisgí i dtaobh na gColáisdí nGaedhealach. Thuig an leomhan conus a ghnó do dhéanamh go cliste agus do rinne sé é. B'fhéidir go bhfuil an Bórd Náisiúnta ar aigne a choimh-chliste de bheart dh'imirt anois d'fhonn teacht ar lainncis do chur ar na Coláisdí Gaedhealacha. Dá n-eirigheadh leis an mBórd san lucht na gColáisdí do chur i n-achrann 'na chéile agus iad do chimeád amhlaidh fada go leor bhí an chuid ba mhó de'n ghnó déanta acu go baileach. Níl aon chuma is fearr chun daoine muinteardha do chur i n-achrann 'na chéile ná dá gcuirtí síol an amhrais i gceart i n-ithir a n-intinne ar dtúis. Daoine maithe muinteardha is eadh a bhfurmhór so a bhfuil dlúthbhaint acu le na Coláisdí Gaedhealacha. Tá aithne ag a lán acu ar a chéile le fada. Tá fios ag gach duine acu go bhfuil meas ar an nGaedhilg ag an gcuid eile agus gur mar mhaithe leis an nGaedhilg bhíonn siad ag saothar. B'fhéidir go bhfuil roinnt acu leath-amhrasach mar gheall ar dhísleacht daoine áirighthe atá i bpáirt sa tsaothar so. Má's amhlaidh é ní hobair ró-chruaidh do'n Bhórd neartú leis an ngalar san agus an amhrasacht san do mhéadú. Ach tá tuille i bpáirt sa tsaothar agus ana-iontaoibh acu as a chéile ná ní chuirfidh ráflaí amach mar gheall ar a gcomh-oibritheóirí agus gan ionta ach fíora na fírinne agus bolg na bréige. Ní'l ach duine go bhfuil bóithriní déanta ag ál an amhrais 'na innchinn ná creidfeadh gur mó an spéis a chuireann na daoine is lugha go bhfuil iontaoibh aige asta atá ag obair ins na Coláisdí Gaedhealacha ina an nGaedhilg agus in gach rud do bhaineas léi ná mar a chuireann an Bórd Násiúnta inte agus ionta san. Cad chuige dá bhrigh sin go dtosnóchadh na Gaedhil ag gabhail stealla ar a chéile agus ag treasnuigheal a chéile agus ag baint ó chlú a chéile agus a fhios acu gur breagh leis an mBórd agus gur bhreagh le gach namhaid atá ag an nGaedhilg dá dtigeadh de bhárr na droch-oibre sin go raghadh de chómhacht na gColáisdí agus dá neamh-spleadhachas agus go neartóchadh sé greim an Bhúird ortha. Ba chóir go dtuigfidís gur b'é atá o'n mBórd ná tosnú ar an gcluiche arís féachaint a mbeadh an ciana agus an mádh mór acu féin agus dar ndóigh bheadh mar is fé na gcúram do roinnfí na cártaí. Dá mbeadh achrann ár ndóithin eadrainn anois bheadh leath- sgéal deas ag an mBórd chun tosnú ar an gcluiche arís. Ní bheidh an t-achrann ann amhthach, le congnamh Dé. Seasaigheadh na Gaedhil le chéile agus ná creididís ráflaí bréagacha, agus ná bídís ar lorg leath-sgéalta suaracha chun so nó súd do dhéanamh. Aon ní amháin eile atá ag déanamh díoghbhála, dar liom, agus is mór an nár a leitheid do bheith amhlaidh. Na céad-Choláisdí do cuireadh ar bun bhíodar chomh maith san gur cheap cuid dá lucht stiúrtha gur beart fealltach aon Choláisde eile do chur ar bun. Tá galar ann ar a dtugtar éad agus tháinig taom de ortha san agus tháinig sé chomh trom san ar chuid acu go bhfuil sé ortha fós agus tá an galar san ag neartú leis an amhras ngránda do fuair seilbh ionta agus ní fearrde dá n-intinn a dtoradh san araon. Dá mhéid Coláisdí atá againn tá ana chuid oidí fós sa duthaigh agus iad dall ar an nGaedhilg. Na bíodh éinne chomh mór san ar mearthal go n-abróchadh sé go bhfuil an iomad de na Coláisdíbh seo againn mar ní ná a ndóithin. Dá scuirtí leis an amhras agus leis an éad agus da nochtaí an fhírinne go muinteardha le chéile agus dhá gcabhruightí i gceart le chéile agus da gcuirtí fíor-ghrádh do'n Ghaedhilg roimh gach grádh agus roimh gach mían eile ní ag scaramhaint ó chéile a bheimís ná ag cabhrú leis an namhaid. Lorga Liath-bhán.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services