Na Coláisdí Gaedhealacha.
Tá sgéala Aesop mar gheall ar an leomhan agus na tarbhuigheacha agus
do chuimhnigheas air an lá fé dheire nuair a léigheas beagán tuairisgí i dtaobh
na gColáisdí nGaedhealach. Thuig an leomhan conus a ghnó do dhéanamh go
cliste agus do rinne sé é. B'fhéidir go bhfuil an Bórd Náisiúnta ar aigne
a choimh-chliste de bheart dh'imirt anois d'fhonn teacht ar lainncis do chur ar na
Coláisdí Gaedhealacha. Dá n-eirigheadh leis an mBórd san lucht na gColáisdí
do chur i n-achrann 'na chéile agus iad do chimeád amhlaidh fada go leor bhí an
chuid ba mhó de'n ghnó déanta acu go baileach. Níl aon chuma is fearr chun daoine
muinteardha do chur i n-achrann 'na chéile ná dá gcuirtí síol an amhrais i gceart
i n-ithir a n-intinne ar dtúis.
Daoine maithe muinteardha is eadh a bhfurmhór so a bhfuil dlúthbhaint acu
le na Coláisdí Gaedhealacha. Tá aithne ag a lán acu ar a chéile le fada. Tá
fios ag gach duine acu go bhfuil meas ar an nGaedhilg ag an gcuid eile agus
gur mar mhaithe leis an nGaedhilg bhíonn siad ag saothar. B'fhéidir go bhfuil
roinnt acu leath-amhrasach mar gheall ar dhísleacht daoine áirighthe atá i bpáirt
sa tsaothar so. Má's amhlaidh é ní hobair ró-chruaidh do'n Bhórd neartú leis an
ngalar san agus an amhrasacht san do mhéadú. Ach tá tuille i bpáirt sa tsaothar
agus ana-iontaoibh acu as a chéile ná ní chuirfidh ráflaí amach mar gheall ar a
gcomh-oibritheóirí agus gan ionta ach fíora na fírinne agus bolg na bréige.
Ní'l ach duine go bhfuil bóithriní déanta ag ál an amhrais 'na innchinn ná
creidfeadh gur mó an spéis a chuireann na daoine is lugha go bhfuil iontaoibh aige
asta atá ag obair ins na Coláisdí Gaedhealacha ina an nGaedhilg agus in gach
rud do bhaineas léi ná mar a chuireann an Bórd Násiúnta inte agus ionta san.
Cad chuige dá bhrigh sin go dtosnóchadh na Gaedhil ag gabhail stealla ar a chéile
agus ag treasnuigheal a chéile agus ag baint ó chlú a chéile agus a fhios acu gur
breagh leis an mBórd agus gur bhreagh le gach namhaid atá ag an nGaedhilg dá
dtigeadh de bhárr na droch-oibre sin go raghadh de chómhacht na gColáisdí agus
dá neamh-spleadhachas agus go neartóchadh sé greim an Bhúird ortha. Ba chóir go
dtuigfidís gur b'é atá o'n mBórd ná tosnú ar an gcluiche arís féachaint a mbeadh
an ciana agus an mádh mór acu féin agus dar ndóigh bheadh mar is fé na gcúram
do roinnfí na cártaí. Dá mbeadh achrann ár ndóithin eadrainn anois bheadh leath-
sgéal deas ag an mBórd chun tosnú ar an gcluiche arís. Ní bheidh an t-achrann
ann amhthach, le congnamh Dé. Seasaigheadh na Gaedhil le chéile agus ná creididís
ráflaí bréagacha, agus ná bídís ar lorg leath-sgéalta suaracha chun so nó súd
do dhéanamh.
Aon ní amháin eile atá ag déanamh díoghbhála, dar liom, agus is mór an nár
a leitheid do bheith amhlaidh. Na céad-Choláisdí do cuireadh ar bun bhíodar chomh
maith san gur cheap cuid dá lucht stiúrtha gur beart fealltach aon Choláisde
eile do chur ar bun. Tá galar ann ar a dtugtar éad agus tháinig taom de
ortha san agus tháinig sé chomh trom san ar chuid acu go bhfuil sé ortha fós agus tá
an galar san ag neartú leis an amhras ngránda do fuair seilbh ionta agus ní
fearrde dá n-intinn a dtoradh san araon. Dá mhéid Coláisdí atá againn tá
ana chuid oidí fós sa duthaigh agus iad dall ar an nGaedhilg. Na bíodh éinne
chomh mór san ar mearthal go n-abróchadh sé go bhfuil an iomad de na Coláisdíbh
seo againn mar ní ná a ndóithin.
Dá scuirtí leis an amhras agus leis an éad agus da nochtaí an fhírinne go
muinteardha le chéile agus dhá gcabhruightí i gceart le chéile agus da gcuirtí
fíor-ghrádh do'n Ghaedhilg roimh gach grádh agus roimh gach mían eile ní ag scaramhaint
ó chéile a bheimís ná ag cabhrú leis an namhaid.
Lorga Liath-bhán.