Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht Aniar
Title
Teacht Aniar
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Teacht Aniar. Cia aca do b'fhearr do'n Gaedhilg é do bheith d'fhiachaidh ar sgoláiríbh na nIolsgoile i d'fhoghluim nó do bheith d'fhiachaibh ar sgoláiríbh na mbunsgol i d'fhoghluim? Ní gádh mórán moille do dhéanamh leis an bhfreagra, agus adeirim gan amhras go mb'fhearr i bhfad é do bheith d'fhiachaibh ar sgoláiríbh na mbunsgol ná ar sgoláiríbh na hIolsgoile. Ná ceapadh éinne go bhfuilim ag deanamh beag- is-fiú de obair na hIolsgoile. Ní'lim. Is maith is eol dom a thabhacht agus a thairbhe. Acht is eol dom freisin ná bíonn ós ceann míle sgoláire san Iolsgoil gach bliadhain agus go mbíonn os ceann chúig chéad míle i sna bunsgoileannaibh. Is maith an rud an Iolsgoil do bheith i n-a cheart acht, bíodh go bhfuil, ní'l innte acht uachtar nó barr tighe an Oideachais, agus cadé a mhaith barr an tighe do bheith go daingean nuair atá an bun go haindeis? Bun tighe sin na bun-sgoileanna agus caithfear an teach go léir do dhaingniú agus do chur ó bhaoghal, idir bun agus barr, íochtar agus uachdar. Déinimís machtnamh ar an méid seo leis .i. ná féadfadh an Ilsgoil amháin an Ghaedhilg do shábháil go deó, agus biodh a fhiadhnaise sin ar an Laidin atá dá mhúineadh i ngach Iolsgoil ar thalamh an domhain nach mór acht atá marbh mar ghnáth-theanga le míle bliadhain. Cadé a chúis go bhfuil an oiread soin le rádh agam mar gheall ar an Iolsgoil agus an gnó soin ar leath-taoibh le fada? Tá, gur cuimhin go maith liom an fuadar fiúntach fórsamhail do bhí fá Ghaedhealibh nuair do bhí an cheist sin dhá pléidhe agus an fonn do bhí ar mhuintir na hÉireann chum cabhuighthe leó, rud do dhein- eadar go músgaltach, meanmach. Acht nuair is iad na bun-sgoileanna atá i gceist is fó-dheacair an choitchiontach do spreagadh ná do mhúsgailt. Agus adeir- im arís gur tabhachtaighe agus gur tairbhighe don Ghaedhilg iad na bunsgoileanna ná na hIolsgoileanna, agus is taom tubaisteach ná tuigtear i n-a cheart é. Agus dá dtugtí do bheadh an oiread céadna faghartha agus fothroim mar gheall air, agus táth forasta leis. Ní gádh dhom a luadh annso cadé an íde thug an Bórd Náisiúnta riamh ar an Ghaedhilg. Ní haon díoghbháil, amh, an méid seo im' dhiaidh do chur os comhair léightheóirí an Chlaidhimh do'n chor so. Fiadhnaise é seo thug Muiris de- Lúndra, oide sgoile, mar gheall ar Dhickie, cigire, ag an gCoimissiún do bhí ann, le déanaighe. Ba mhaith liom é do chur i dtuigsint, an uair chéadna go bhfuil cigirí eile chomh dona le Dickie ag obair do'n mBórd Náisiúnta. Machtnaidh go maith ar an méid sin agus cuimhnigh gur toghadh an fear soin mar árd-chigire tar éis na fiadhnaise úd agus tuigfir a bhfuil de bháidh ag an mBórd leis an nGaedhilg. Ní dócha go bhfuil cine eile ar dhruim talmhan do chuirfeadh suas le n-a leithéid. Ní dhéanfadh na Pólaigh é, agus nuair do bhí roinnt de'n sílrach céadna mar chigiríbh sgoile ag na Bóraibh le deanaighe do chuireadar chum siubhail go hobann iad. Seadh, agus ní theipfeadh ar mhuintir na hÉireann acht oiread dámadh mhaith leó a gcomhacht do chur i ngníomh dairíribh. Thugadar fá Cheist na hIolsgoile dáiríribh agus d'éirigh leó, acht ní féidir gur bhain an iarracht úd an gus agus an ghaisce go léir asta. “Side sanntach sárláidir” na focail is coitchionta sa sgéaluigheacht. Is maith an rud é an “side” gan amhras, agus b'éidir go raibh fo-dhuine imeasg na nGaedheal fadó ná raibh ann acht é. Acht an sean-chineadh nár ghéill is nár staon acht ag cosaint a gcirt le seacht gcéad bliadhain anuas ní rabhadar agus nílid i dtaoibh le “sid sárláidir.” Tá buan-tseasmhacht agus “Teacht Aniar ” aionnta, agus nuair thuigfidh siad an cheist seo na Gaedhilge tréigfidh a dtaom dtromshuan. Ní féidir le n-a lán aca é do thuigsint indiu mar tá a n-intleacht maol dall ag an saobhtheagasg Gallda fuaireadar. Badh iad na sgoileanna badh chionntach, agus anois tá seans againn ar iad do Ghaedhlú dáiríribh feasda. Tá sé ráidhte go mbeidh sé de chead go luath ag na bainisteoiribh an Ghaedhilg do bheith gá múineadh mar ghnáth-léigheann taobh istigh do gháth-uairibh na sgoile, go mbeidh táillí foghanta le faghail as an obair, agus go bhfuighbhthear ádhbhar léighinn éigin eile do ghearradh amach agus an Ghaedhealg do chur i n-a áit. Ní gádh dhúinn dul ar ar nglúinibh chum buidheachas do ghabhail mar gheall ar an méid sin. Ní'l leath an chirt dá fhagháil againn. Tá ceist na Gaedhealtachta gan réidhteach fós. Acht dá mbeadh na múinteoirí ábalta an obair do dhéanamh, d'fhéadfaí acra agus tairbhe do bhaint as an socrú nua. Agus an chéad chéim chuige sin na hoidí féin do mhúineadh agus d'ollmhú: agus do chuir Gaedhil Cheatharloch i niúl dúinn cionnus is féidir é sin do dhéanamh, agus é do bheith dfhiachaibh ar Bhórd an Ruiséalaigh íoc as. Tá naoi bpingne ag duine san uair le fagháil ó'n “Depart- ment” as múineadh na Gaedhilge do oidíbh sgoile. Dá bhrigh sin ní ceart do Ghaedhealaibh an t-airgead soin do leigint tharsta acht feidhm do bhaint as, i n-ainm Dé, ar mhaithe leis an nGaedhilg. Pádraig Ó Dálaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services