Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht Aniar

Title
Teacht Aniar
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Teacht Aniar.



Cia aca do b'fhearr do'n Gaedhilg é do bheith d'fhiachaidh ar sgoláiríbh na
nIolsgoile i d'fhoghluim nó do bheith d'fhiachaibh ar sgoláiríbh na mbunsgol i
d'fhoghluim? Ní gádh mórán moille do dhéanamh leis an bhfreagra, agus adeirim
gan amhras go mb'fhearr i bhfad é do bheith d'fhiachaibh ar sgoláiríbh na mbunsgol ná
ar sgoláiríbh na hIolsgoile. Ná ceapadh éinne go bhfuilim ag deanamh beag-
is-fiú de obair na hIolsgoile. Ní'lim. Is maith is eol dom a thabhacht agus a
thairbhe. Acht is eol dom freisin ná bíonn ós ceann míle sgoláire san Iolsgoil
gach bliadhain agus go mbíonn os ceann chúig chéad míle i sna bunsgoileannaibh.



Is maith an rud an Iolsgoil do bheith i n-a cheart acht, bíodh go bhfuil, ní'l innte
acht uachtar nó barr tighe an Oideachais, agus cadé a mhaith barr an tighe do bheith
go daingean nuair atá an bun go haindeis? Bun tighe sin na bun-sgoileanna
agus caithfear an teach go léir do dhaingniú agus do chur ó bhaoghal, idir bun agus
barr, íochtar agus uachdar. Déinimís machtnamh ar an méid seo leis .i. ná féadfadh
an Ilsgoil amháin an Ghaedhilg do shábháil go deó, agus biodh a fhiadhnaise sin ar
an Laidin atá dá mhúineadh i ngach Iolsgoil ar thalamh an domhain nach mór acht
atá marbh mar ghnáth-theanga le míle bliadhain.



Cadé a chúis go bhfuil an oiread soin le rádh agam mar gheall ar an Iolsgoil
agus an gnó soin ar leath-taoibh le fada? Tá, gur cuimhin go maith liom an
fuadar fiúntach fórsamhail do bhí fá Ghaedhealibh nuair do bhí an cheist sin dhá pléidhe
agus an fonn do bhí ar mhuintir na hÉireann chum cabhuighthe leó, rud do dhein-
eadar go músgaltach, meanmach. Acht nuair is iad na bun-sgoileanna atá i
gceist is fó-dheacair an choitchiontach do spreagadh ná do mhúsgailt. Agus adeir-
im arís gur tabhachtaighe agus gur tairbhighe don Ghaedhilg iad na bunsgoileanna
ná na hIolsgoileanna, agus is taom tubaisteach ná tuigtear i n-a cheart é. Agus
dá dtugtí do bheadh an oiread céadna faghartha agus fothroim mar gheall air, agus
táth forasta leis. Ní gádh dhom a luadh annso cadé an íde thug an Bórd Náisiúnta
riamh ar an Ghaedhilg. Ní haon díoghbháil, amh, an méid seo im' dhiaidh do chur os
comhair léightheóirí an Chlaidhimh do'n chor so. Fiadhnaise é seo thug Muiris de-
Lúndra, oide sgoile, mar gheall ar Dhickie, cigire, ag an gCoimissiún do bhí ann,
le déanaighe. Ba mhaith liom é do chur i dtuigsint, an uair chéadna go bhfuil
cigirí eile chomh dona le Dickie ag obair do'n mBórd Náisiúnta.



Machtnaidh go maith ar an méid sin agus cuimhnigh gur toghadh an fear soin
mar árd-chigire tar éis na fiadhnaise úd agus tuigfir a bhfuil de bháidh ag an
mBórd leis an nGaedhilg. Ní dócha go bhfuil cine eile ar dhruim talmhan do
chuirfeadh suas le n-a leithéid. Ní dhéanfadh na Pólaigh é, agus nuair do bhí
roinnt de'n sílrach céadna mar chigiríbh sgoile ag na Bóraibh le deanaighe do
chuireadar chum siubhail go hobann iad. Seadh, agus ní theipfeadh ar mhuintir na
hÉireann acht oiread dámadh mhaith leó a gcomhacht do chur i ngníomh dairíribh.
Thugadar fá Cheist na hIolsgoile dáiríribh agus d'éirigh leó, acht ní féidir gur
bhain an iarracht úd an gus agus an ghaisce go léir asta. “Side sanntach
sárláidir” na focail is coitchionta sa sgéaluigheacht. Is maith an rud é an
“side” gan amhras, agus b'éidir go raibh fo-dhuine imeasg na nGaedheal fadó ná
raibh ann acht é. Acht an sean-chineadh nár ghéill is nár staon acht ag cosaint a
gcirt le seacht gcéad bliadhain anuas ní rabhadar agus nílid i dtaoibh le “sid
sárláidir.” Tá buan-tseasmhacht agus “Teacht Aniar ” aionnta, agus nuair
thuigfidh siad an cheist seo na Gaedhilge tréigfidh a dtaom dtromshuan.



Ní féidir le n-a lán aca é do thuigsint indiu mar tá a n-intleacht maol
dall ag an saobhtheagasg Gallda fuaireadar.



Badh iad na sgoileanna badh chionntach, agus anois tá seans againn ar iad
do Ghaedhlú dáiríribh feasda. Tá sé ráidhte go mbeidh sé de chead go luath ag na
bainisteoiribh an Ghaedhilg do bheith gá múineadh mar ghnáth-léigheann taobh istigh
do gháth-uairibh na sgoile, go mbeidh táillí foghanta le faghail as an obair, agus
go bhfuighbhthear ádhbhar léighinn éigin eile do ghearradh amach agus an Ghaedhealg
do chur i n-a áit. Ní gádh dhúinn dul ar ar nglúinibh chum buidheachas do ghabhail
mar gheall ar an méid sin. Ní'l leath an chirt dá fhagháil againn. Tá ceist na
Gaedhealtachta gan réidhteach fós.



Acht dá mbeadh na múinteoirí ábalta an obair do dhéanamh, d'fhéadfaí
acra agus tairbhe do bhaint as an socrú nua. Agus an chéad chéim chuige sin na
hoidí féin do mhúineadh agus d'ollmhú: agus do chuir Gaedhil Cheatharloch i niúl
dúinn cionnus is féidir é sin do dhéanamh, agus é do bheith dfhiachaibh ar Bhórd
an Ruiséalaigh íoc as. Tá naoi bpingne ag duine san uair le fagháil ó'n “Depart-
ment” as múineadh na Gaedhilge do oidíbh sgoile. Dá bhrigh sin ní ceart do
Ghaedhealaibh an t-airgead soin do leigint tharsta acht feidhm do bhaint as, i
n-ainm Dé, ar mhaithe leis an nGaedhilg.



Pádraig Ó Dálaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services