Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tOireachtas
Title
An tOireachtas
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An tOireachtas. I lár Eoghantacht Loch Léin 'seadh bhéas Oireachtas na nGaedheal i mbliadhna. Is geall le filleadh na Féinne ar a bhfearann dhúthchais arís é, seo na sleachta i n-áitreabh a sínsear — i láthair a bhfearann agus a saoghal agus a mór-ghníomh. Áit is cuibhe ná bruach Locha Léin d'on Oireachtas níl i nÉirinn munab é Teamhair na Ríogh, nó Caiseal Mumhan nó Eamhain Mhacha. Is mór trácht ar Loch Linn-fhuar Léin i sgéalaidheacht na Gaedhilge. Ba mhinic ar a bhruach a bhíodh Fianna Éireann ag seilg agus ba mhinic sin ann báire mór agus cleasa lúth. Is ann tháinig Niamh Chinn Óir ar an stéid-each bhán nuair rug sí léi Oisín mac Fhinn go Tír na nÓg, agus nach thíos ann fós atá cuirn agus clogaid agus sleagha agus sgiatha agus seoda eile na Féinne — thíos fé'n uisge diamhair doimhin agus Bran ceol-bhinn ag déanamh faire agus foir-choimheadtha ortha. An raibh seilg ná turas mór riamh i nÉirinn nár ghaibh tré Chiarrraighe Luachra agus Eoghantacht Locha Léin agus na raibh “Éigse agus suadha Sléibh Luachra” iomráidhteach ar fuaid Éireann uile. Cia nár chualaidh trácht tar Mucros na nCraobh agus “Ros a' Chaisleáin mar a ngnáthuigheadh gasra tréan.” Cia gur fada Drumaí an Rois na dtost bainfear macalla as cliathánaibh mór-chnoc ann mí Iúil seo chugainn le drumaí Gaedheal agus le píobaí ceoil agus le gáir maoidhte na ngasra, nuair bhéas meirgí de mhaoth-shról ag foluamhain le gaoith os cionn sluaighte deagh-fhear agus deagh-bhan Éireann. Tá Inis Faithleann go ciúin anois i lár an Léin-Locha ach bíodh gur ciúin anois ní deacair dúinn a mheas an dordán salm agus an nuall sgoile ba chlos innte nuair a bhí manaigh Fionáin Naomhtha innte agus Leabhar Annála Ínse Faithleann dá chur go mall le chéile: agus níor dheacair dúinn a mheas Maolsuthain Ó Cearbhaill na shuidhe fé sgáth an chrainn úd thall agus Brian ó Mac Cinnéide ó Cheann Coradh na shuidhe le n-ais agus é dá theagasg agus dá chomhairliú ag a oide aosta. Agus níor dheacair dúinn Clann Charthaigh agus clann Donnchadha an Ghleanna agus Muircheartaigh Mainge agus Fáilbhe Fionn Uibh Ráthaigh agus Mac Giolla Cuda agus Ó Séagha agus Muintir Shúileabháin ó thaobh Inbhir Sgéine andeas a chur arís in ár n-aigne féin ag teacht agus ag filleadh ar chuaird ar Achadh Dá Eó agus Mainistir Mucrois agus Iarbhealaigh agus Inse Faithleann. Agus annso istigh insa bhaile seo Cille n-Áirne mar a bhfuil Tigh na mbráithre anois i nÁrd na gCaorach iseadh crochadh Piaras Firtéar, file agus fear cosanta a dhúthais agus an t-Easpog Baothlach agus beirt eile na dteannta. Is iomdha sin ceangal idir Eoghantacht Locha Léin agus stair ársa Éireann oir níl cnoc ná gleann ná mom ná machaire ó Dhá Chích Dhanann go Dún Lóich nach fuil sgéal ná dán nó iomrádh éigin na thaoibh i dteangain na Gaedhilge. Beidh Oireachtas mór i gCill Áirne — Oireachtas a chuirfidh árdú aigne agus mórtas croidhe ar Ghaedhealaibh. Tá sprid na sean-Ghaedheal uasal imeasg na gcnoc agus na ngleann agus na loch ann. Bhraithfeá ann an corruighe aigne agus an bíodhgadh do bhí nár sinsear. An tan do bhíodar Gaedhil nÉireann beo, bhraithfeá gur uasal Éire agus gur do Ghaedhil is dual í. “An Seabhac”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services