Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tOireachtas

Title
An tOireachtas
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An tOireachtas.



I lár Eoghantacht Loch Léin 'seadh bhéas Oireachtas na nGaedheal i
mbliadhna. Is geall le filleadh na Féinne ar a bhfearann dhúthchais arís é,
seo na sleachta i n-áitreabh a sínsear — i láthair a bhfearann agus
a saoghal agus a mór-ghníomh. Áit is cuibhe ná bruach Locha Léin d'on
Oireachtas níl i nÉirinn munab é Teamhair na Ríogh, nó Caiseal Mumhan nó
Eamhain Mhacha. Is mór trácht ar Loch Linn-fhuar Léin i sgéalaidheacht na
Gaedhilge. Ba mhinic ar a bhruach a bhíodh Fianna Éireann ag seilg agus ba
mhinic sin ann báire mór agus cleasa lúth. Is ann tháinig Niamh Chinn Óir
ar an stéid-each bhán nuair rug sí léi Oisín mac Fhinn go Tír na nÓg, agus
nach thíos ann fós atá cuirn agus clogaid agus sleagha agus sgiatha agus
seoda eile na Féinne — thíos fé'n uisge diamhair doimhin agus Bran ceol-bhinn
ag déanamh faire agus foir-choimheadtha ortha. An raibh seilg ná turas mór
riamh i nÉirinn nár ghaibh tré Chiarrraighe Luachra agus Eoghantacht Locha Léin
agus na raibh “Éigse agus suadha Sléibh Luachra” iomráidhteach ar fuaid
Éireann uile. Cia nár chualaidh trácht tar Mucros na nCraobh agus
“Ros a' Chaisleáin mar a ngnáthuigheadh gasra tréan.”



Cia gur fada Drumaí an Rois na dtost bainfear macalla as cliathánaibh
mór-chnoc ann mí Iúil seo chugainn le drumaí Gaedheal agus le píobaí ceoil
agus le gáir maoidhte na ngasra, nuair bhéas meirgí de mhaoth-shról ag
foluamhain le gaoith os cionn sluaighte deagh-fhear agus deagh-bhan Éireann.



Tá Inis Faithleann go ciúin anois i lár an Léin-Locha ach bíodh gur ciúin
anois ní deacair dúinn a mheas an dordán salm agus an nuall sgoile ba
chlos innte nuair a bhí manaigh Fionáin Naomhtha innte agus Leabhar Annála
Ínse Faithleann dá chur go mall le chéile: agus níor dheacair dúinn a mheas
Maolsuthain Ó Cearbhaill na shuidhe fé sgáth an chrainn úd thall agus Brian
ó Mac Cinnéide ó Cheann Coradh na shuidhe le n-ais agus é dá theagasg
agus dá chomhairliú ag a oide aosta.



Agus níor dheacair dúinn Clann Charthaigh agus clann Donnchadha an
Ghleanna agus Muircheartaigh Mainge agus Fáilbhe Fionn Uibh Ráthaigh agus
Mac Giolla Cuda agus Ó Séagha agus Muintir Shúileabháin ó thaobh
Inbhir Sgéine andeas a chur arís in ár n-aigne féin ag teacht agus ag
filleadh ar chuaird ar Achadh Dá Eó agus Mainistir Mucrois agus Iarbhealaigh
agus Inse Faithleann.



Agus annso istigh insa bhaile seo Cille n-Áirne mar a bhfuil Tigh na
mbráithre anois i nÁrd na gCaorach iseadh crochadh Piaras Firtéar, file
agus fear cosanta a dhúthais agus an t-Easpog Baothlach agus beirt eile
na dteannta. Is iomdha sin ceangal idir Eoghantacht Locha Léin agus stair
ársa Éireann oir níl cnoc ná gleann ná mom ná machaire ó Dhá Chích Dhanann
go Dún Lóich nach fuil sgéal ná dán nó iomrádh éigin na thaoibh i dteangain
na Gaedhilge.



Beidh Oireachtas mór i gCill Áirne — Oireachtas a chuirfidh árdú aigne
agus mórtas croidhe ar Ghaedhealaibh. Tá sprid na sean-Ghaedheal uasal
imeasg na gcnoc agus na ngleann agus na loch ann. Bhraithfeá ann an
corruighe aigne agus an bíodhgadh do bhí nár sinsear.



An tan do bhíodar Gaedhil nÉireann beo, bhraithfeá gur uasal Éire
agus gur do Ghaedhil is dual í.



“An Seabhac”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services