Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Alphons Daudet agus Cuid dá Shaothar
Title
Alphons Daudet agus Cuid dá Shaothar
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Alphons Daudet agus Cuid dá Shaothar. Seacht mbliadhna déag ó shoin um an dtaca so - an 16adh lá de Mhith na Nodlag, 1897 - do cailleadh i bPáirís na Fraince duine des na scealuidhthe ba thaitneamhaighe agus ba sho-léighte dá scríobh riamh i n-éin-teangain. I Nimes, baile mór i n-aice Abhighnon sa Probhens seadh rugadh Alphóns Daudet sa bhliaidhain 1840, agus mar sin ní raibh sé na shean-fhear fós nuair do cailleadh é. Bhí sé ag breacadh páir ó n-a óige, ámhthach, agus cé ná raibh aige an líomhthacht chéadna scríbhneóireachta a bhí ag Balzac, nó ag Zola, nó atá ag Anatole France, d'fhág sé roinnt mhaith seod litridheachta 'na dhiaidh. Galar éigin do bhain le cnámh an droma do mhairbh é, agus is 'mó d'ulaing sé le sé bliadhna déag roimh a bhás. Nuair tháinig na pianta a bhí mar chomhartha ar an ngalar air, ar dtúis, bhí sé ag obair ar “Sapho,” an t-aon leabhar amháin da chuid saothair gur fádh do lucht mholta Daudet a leithsgéal do ghabháil mar gheall air, agus an leabhar dá leabhraibh is fearr go bhfuil eolas air annso, fóiríor! As soin go dtí lá a bháis, muna raibh sé ag fulaingt go géar, ní raibh sé acht ag feitheamh leis an gcéad phian a chuirfeadh i n-iúil do go raibh an pheannaidh uathbhásach i ndán dó. 'Na amhdeoin sin, do scríobh sé roinnt mhaith leabhar idir 1881, an bhliadhain 'nar tháinig an galar air, agus lá a bháis, agus má's fíor é nách féidir iad do chur i gcomórtas leis na leabhraibh is fearr dár scríobh sé, mar sin féin, níl éin-cheann aca nach fiú go maith é do léigheamh. Beidh thagairt agam do cheann aca, “L'Immortel,” nís déigheannaighe. Daudet agus Gosse. Dá olcas an tinneas a bhí ar Daudet ar feadh na sé mbliadhain déag úd, agus dá mhéid scannradh a bhí air roimh an mbás agus roimh a mbeadh le fulaing aige, dár leis, nuair a bheadh an bás i ngiorracht do, níor bhain sé de'n tsoineantacht ná de'n tagartacht do thug gach éinne do bhuail uime fé ndeara air. Bhí sé i Londun Shasana dhá bhliadhain sar ar cailleadh é, agus do casadh air ag dinéar éigin an scríbhneóir Sasanach, Dedmund Gosse, agus tugann sé siúd cuntas dúinn ar an nós 'nar fhan neart na hóige i n-intinn an tseanfhir bhoicht bhacaigh. Do labhair sé go gairid ar aimsir na meileón do bhailiú 'na bhaile féin, i Nimes, agus chonnaic gach éinne a bhí ag éisteacht leis an margadh beag bán, agus an coradh, idir ordha agus croidhearg agus uithne bailighthe ann, agus bán-tsolas na maidne Probhensal ag lonnradh ortha go léir. Ní cúntas dá gcluasaibh do dhein sé, adeir Grosse, acht pictiúr dá súilibh, agus sin gan focal saibhreis do chur ann, nó gan iarracht intinne a dhéanamh thar mar a theastóchadh ó dhuine eile chum comhráidh choiteanta do dhéanamh le caraid. Dhá bhliadhain 'ná dhiaidh sin, mar adubhairt cheana do chailleadh é, acht tháinig an bás ar nós níos fearr ná mar a bhí coinne aige leis. Is amhlaidh a bhí an scéalaidhe mór i dteannta a mhná agus a chloinne, tar éis an dinéir d'ithe na gcuideachtain, Daudet fein chomh maith agus a bhí sé le tamall mhaith, agus iad go léir go cainnteach, geal-gháiritheach, nuair do chuir sé glaodh as, agus do thuit sé siar. Bhí an bás tagtha! Cé gur Probhensal Daudet, ní hamháin do réir dhúthchais, acht 'na intinn agus 'na mheon, is ibPáirís do chaith sé furmhór a shaoghail. Ní raibh sé acht seacht mbliadhana deag d'aois, nuair do tháinig sé go dtí an Príomh-Chathair ar dtúis, gan caraid gan airgead, acht sar a raibh bliadhain ar fhichid slán aige, bhí a ainm fe clú mar fhile agus mar dhrámaidhe. Is annson do sgríobh sé an dráma úd “L'Arlésienne,” gur chuir Bizet, fear cumtha cheoil “Carmen,” ceol leis. An Muileann. Bhí Daudet sé bliadhna fichead d'aois, ámhthach, nuair do thosnuigh sé ar an gcéad leabhar do chuir i measc prímh-scéaladighthe a aimsire fein é d'fhoillsiú. “Lettres de Mon Moulin”(Litreacha ó m' Mhuileann) do thug sé air, agus leabhar deas taithneamhach so-bhlasta 'seadh é. Is amhlaidh do cheannaigh Daudet sean-mhuileann a bhí i ngleann abhann na Rhone, i gceart lár an Phrobhens, agus do chuaidh sé chum comhnuidhthe ann i bhfad ós na páipéir nuaidheachta , ós na caráistíbh, ceo na cathrach, mar a deireann sé féin. Is ann do scríobh sé na “Litreacha,” i gcóir páipéir ar a dtugtaoi “L'Évenement,” i rith na bliadhna 1886. Deineann sé tagairt ionta dos na rudaibh a tharluigheann na thimcheall i measc “ces bons Provencaux.” Cuireann sé síos ar na háiteachaibh 'na mbíonn sé ag ar na daoine go mbíonn sé ag cainnt leo, agus is beag rud a chloiseann sé nó a chíonn sé ná faghann sé adhbhar maith litre ann. 'Sa chead litir innseann sé dúinn cionnus mar do tháinig sé chum comhnuidhthe go dtí an sean-mhuileann nuair a bhí an oidhche tagtha, agus an scannradh do chuir sé ar na mílte choinín a bhí 'na gcomhnuidhe ann le fada gan cur isteach ó éinne ortha, agus an saghas fáilte do chuir an sean-cheann-chait a bhí ann le breis is fiche bliadhan roimis. “D'fhéach sé orm,” ar seisean, “ar feadh noimid le n-a shúil chruinn, annson do thosnuigh sé ar 'hú,' 'hú,' do rádh, agus scannradh air nuair nár aithin sé mé, agus do chroith sé a sean-sciatháin a bhí bán le deannach; lucht an dain-mhachtnaimh, agus an fhad-chuimhne, is leasc leo a nglanadh féin i gcomh- nuidhe. . .Is cum é! É féin, agus a aghaidh ghruamdha, agus a shúile ag síor-dhúnadh agus ag oscailt, b'fhearr liom é ná a mhalairt de thunóntaidhe, agus 'sé chéad rud a dheinim ná cur le n-a leas. Fágaim fé an chuid uachtair de'n mhuileann, agus cead isteach tríd an bpoll sa cheann, agus coimeádaim dom fein an chuid íochtair, seomraí beag bánaiththe, chomh híseal, chomh cuasach, le baidtigh mhaintistreach.” Is 'mó rud eile atá sa leabhar so - cur síos ar an nós 'na dtugtar na tréada abhaile ós na sléibhtibh i gcóir an gheimhridh, cúntas ar oidhche do chait sé i dtigh soluis éigin, “Le Phare des Sanguinaires,” scéal grinn ar an gcuma 'nar dhein sagart paróiste Cugugnan daoine naomhtha dá phobal go léir, fáithscéil, trácht ar Mhistral, an file mór Probhensal a bhí 'na chomhnuidhe an t-am son i n-aice do mhuileann Dardet, &srl. Ceann des na chéad Litreacha seadh “Les Secret de Maitre Cornille.” Innnstear dúinn innti scéal an tsean-mhuilneora ná ghéillfeadh do'n nó nuadh mheilte do tháinig isteach sa tír, nuair do chuir cumann éigin ó Páirís muileann gail ag obair ar bhóthar Tarascon, agus an cleas do cheap sé chum a chur 'na luighe ar a chomharsain go raibh a mhuileann ag obair fós, agus cionnus mar do fuarthas an fhírinne amach i n-am tráth, nuair a bhí an sean fhear bocht beagnach i ndeire na hanma le hocras agus le fuacht agus le cruadhtan an tsaoghail. Sceilín beag deas seadh é, go bhfuil na deora agus an gáire an-chomhgarach dhá chéile ann, fé mar atáid siad 'na lán dar scríobh Daudet. An Ruidín Beag Ain ceann dos na tréithibh is mó atá le tabhairt fé ndeara .i. Le Petit Chose (An Ruidín Beag”), leis, an t-aon scéal fada amháin do scríobh sé i dtúis a shaoghail. A scéal féin 'seadh é, a fhurmhór, go háirithe, agus scéal a dhearbhráthar, Ernes Daudet. Buachaill beag 'seadh le Petit Chose, buachaill beag leiche ná fuil i n-ainm é féin do chosaint ar an saoghal agus a chaithfidh é do thrial mar sin féin. Tá greann sa leabhar acht is treise ar an dtruaighmhéile ann ná ar an ngreann. 'Sé in leabhar so do thuill do Alphóns Daudet an ainm, “Dickens na Fraince,” ainm do chuir déistin air féin, mar ba bheag leis Sasana, a teanga agus lucht a láimhseála, agus do dheis sé comhrac aoinfhir le fear a chuir amuich air gur dhein sé aithris ar scríbhneóiríbh an Bhéarla. Chum na fírinne a rádh, is beag eolas i néanchor do bhí aige ar litridheach an Bhéarla, acht mar sin fein, tá cosamhlacht idir é féin agus Dickens, go mór-mór san leabhar so. Tá na cleasa céadna aca araon. Is mar a chéile an tslighe atá aca chum pictiúir bhig do dheanamh de fhuinn a scéalta, agus a lochda do theasbáint dúinn chomh soiléir le n-a dtréithibh ionmholta, acht é go léir do dhéanamh chomh cneasta grádhmhar son ná bíonn 'fhios againn ciaca na deagh-thréithe nó droch-thréithe is mó a thuilleann dóibh an báidh a bhíonn againn leo. Tá a fhios againn go mbíonn grádh ag Dickens d'á fhuirinn féin, agus go mbíonn truagh aige dóibh nuair bhíonn an brón i ndán dóibh, agus áthas air nuair thagann aimsear an tsonais arís, agus tá sé 'na chumas an léiththeoir do chur ar an aigne chéadna mar gheall ortha. Sin é údhálta Daudet, leis, agus ní hamháin ins an scéal so, 'n-a bhfuil sé níos fusa do, b'fhéidir, bheith ar aon intinn le lucht a leabhair, ó's é fein agus a mhuinntear a bhí mar dheismireachta aige, acht tá an rud céadna le rádh mar gheall ar Tartarin, Jack, Lés Rois en Exile, L'Immortel, ba leasc liom a luadh go léir. Tá súil agam go mbeidh caoi agam uair eile, le cead an fhir eagair, tagairt do dhéanamh dos na leabhraibh-seo agus do chuid eile de shaothar Daurdet ná fuil chomh mór son fe chlú. Máire Ní Chinnéide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services