Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Alphons Daudet agus Cuid dá Shaothar

Title
Alphons Daudet agus Cuid dá Shaothar
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Alphons Daudet agus Cuid dá Shaothar.



Seacht mbliadhna déag ó shoin um an dtaca so - an 16adh lá de Mhith na
Nodlag, 1897 - do cailleadh i bPáirís na Fraince duine des na scealuidhthe
ba thaitneamhaighe agus ba sho-léighte dá scríobh riamh i n-éin-teangain. I
Nimes, baile mór i n-aice Abhighnon sa Probhens seadh rugadh Alphóns Daudet
sa bhliaidhain 1840, agus mar sin ní raibh sé na shean-fhear fós nuair do
cailleadh é. Bhí sé ag breacadh páir ó n-a óige, ámhthach, agus cé ná raibh
aige an líomhthacht chéadna scríbhneóireachta a bhí ag Balzac, nó ag Zola, nó
atá ag Anatole France, d'fhág sé roinnt mhaith seod litridheachta 'na dhiaidh.
Galar éigin do bhain le cnámh an droma do mhairbh é, agus is 'mó d'ulaing sé
le sé bliadhna déag roimh a bhás. Nuair tháinig na pianta a bhí mar
chomhartha ar an ngalar air, ar dtúis, bhí sé ag obair ar “Sapho,” an t-aon leabhar
amháin da chuid saothair gur fádh do lucht mholta Daudet a leithsgéal do
ghabháil mar gheall air, agus an leabhar dá leabhraibh is fearr go bhfuil eolas
air annso, fóiríor! As soin go dtí lá a bháis, muna raibh sé ag fulaingt go
géar, ní raibh sé acht ag feitheamh leis an gcéad phian a chuirfeadh i n-iúil do
go raibh an pheannaidh uathbhásach i ndán dó. 'Na amhdeoin sin, do scríobh sé
roinnt mhaith leabhar idir 1881, an bhliadhain 'nar tháinig an galar air, agus
lá a bháis, agus má's fíor é nách féidir iad do chur i gcomórtas leis na
leabhraibh is fearr dár scríobh sé, mar sin féin, níl éin-cheann aca nach fiú
go maith é do léigheamh. Beidh thagairt agam do cheann aca, “L'Immortel,”
nís déigheannaighe.



Daudet agus Gosse.



Dá olcas an tinneas a bhí ar Daudet ar feadh na sé mbliadhain déag
úd, agus dá mhéid scannradh a bhí air roimh an mbás agus roimh a mbeadh le
fulaing aige, dár leis, nuair a bheadh an bás i ngiorracht do, níor bhain sé
de'n tsoineantacht ná de'n tagartacht do thug gach éinne do bhuail uime fé
ndeara air. Bhí sé i Londun Shasana dhá bhliadhain sar ar cailleadh é, agus
do casadh air ag dinéar éigin an scríbhneóir Sasanach, Dedmund Gosse, agus
tugann sé siúd cuntas dúinn ar an nós 'nar fhan neart na hóige i n-intinn
an tseanfhir bhoicht bhacaigh. Do labhair sé go gairid ar aimsir na meileón
do bhailiú 'na bhaile féin, i Nimes, agus chonnaic gach éinne a bhí ag éisteacht
leis an margadh beag bán, agus an coradh, idir ordha agus croidhearg agus
uithne bailighthe ann, agus bán-tsolas na maidne Probhensal ag lonnradh
ortha go léir. Ní cúntas dá gcluasaibh do dhein sé, adeir Grosse, acht
pictiúr dá súilibh, agus sin gan focal saibhreis do chur ann, nó gan iarracht
intinne a dhéanamh thar mar a theastóchadh ó dhuine eile chum comhráidh
choiteanta do dhéanamh le caraid.



Dhá bhliadhain 'ná dhiaidh sin, mar adubhairt cheana do chailleadh é, acht
tháinig an bás ar nós níos fearr ná mar a bhí coinne aige leis. Is amhlaidh a
bhí an scéalaidhe mór i dteannta a mhná agus a chloinne, tar éis an dinéir
d'ithe na gcuideachtain, Daudet fein chomh maith agus a bhí sé le tamall mhaith,
agus iad go léir go cainnteach, geal-gháiritheach, nuair do chuir sé glaodh as,
agus do thuit sé siar. Bhí an bás tagtha!



Cé gur Probhensal Daudet, ní hamháin do réir dhúthchais, acht 'na intinn
agus 'na mheon, is ibPáirís do chaith sé furmhór a shaoghail. Ní raibh sé acht
seacht mbliadhana deag d'aois, nuair do tháinig sé go dtí an Príomh-Chathair ar
dtúis, gan caraid gan airgead, acht sar a raibh bliadhain ar fhichid slán aige,
bhí a ainm fe clú mar fhile agus mar dhrámaidhe. Is annson do sgríobh sé an
dráma úd “L'Arlésienne,” gur chuir Bizet, fear cumtha cheoil “Carmen,”
ceol leis.



An Muileann.



Bhí Daudet sé bliadhna fichead d'aois, ámhthach, nuair do thosnuigh sé ar
an gcéad leabhar do chuir i measc prímh-scéaladighthe a aimsire fein é
d'fhoillsiú. “Lettres de Mon Moulin”(Litreacha ó m' Mhuileann) do
thug sé air, agus leabhar deas taithneamhach so-bhlasta 'seadh é. Is amhlaidh
do cheannaigh Daudet sean-mhuileann a bhí i ngleann abhann na Rhone, i
gceart lár an Phrobhens, agus do chuaidh sé chum comhnuidhthe ann i bhfad ós
na páipéir nuaidheachta , ós na caráistíbh, ceo na cathrach, mar a deireann sé
féin. Is ann do scríobh sé na “Litreacha,” i gcóir páipéir ar a dtugtaoi
“L'Évenement,” i rith na bliadhna 1886. Deineann sé tagairt ionta dos
na rudaibh a tharluigheann na thimcheall i measc “ces bons Provencaux.”
Cuireann sé síos ar na háiteachaibh 'na mbíonn sé ag ar na daoine go
mbíonn sé ag cainnt leo, agus is beag rud a chloiseann sé nó a chíonn sé
ná faghann sé adhbhar maith litre ann. 'Sa chead litir innseann sé dúinn
cionnus mar do tháinig sé chum comhnuidhthe go dtí an sean-mhuileann nuair a
bhí an oidhche tagtha, agus an scannradh do chuir sé ar na mílte choinín a bhí 'na
gcomhnuidhe ann le fada gan cur isteach ó éinne ortha, agus an saghas fáilte
do chuir an sean-cheann-chait a bhí ann le breis is fiche bliadhan roimis.
“D'fhéach sé orm,” ar seisean, “ar feadh noimid le n-a shúil chruinn, annson
do thosnuigh sé ar 'hú,' 'hú,' do rádh, agus scannradh air nuair nár aithin
sé mé, agus do chroith sé a sean-sciatháin a bhí bán le deannach; lucht an
dain-mhachtnaimh, agus an fhad-chuimhne, is leasc leo a nglanadh féin i gcomh-
nuidhe. . .Is cum é! É féin, agus a aghaidh ghruamdha, agus a shúile
ag síor-dhúnadh agus ag oscailt, b'fhearr liom é ná a mhalairt de
thunóntaidhe, agus 'sé chéad rud a dheinim ná cur le n-a leas. Fágaim fé
an chuid uachtair de'n mhuileann, agus cead isteach tríd an bpoll sa cheann,
agus coimeádaim dom fein an chuid íochtair, seomraí beag bánaiththe, chomh
híseal, chomh cuasach, le baidtigh mhaintistreach.”




Is 'mó rud eile atá sa leabhar so - cur síos ar an nós 'na dtugtar na
tréada abhaile ós na sléibhtibh i gcóir an gheimhridh, cúntas ar oidhche do chait
sé i dtigh soluis éigin, “Le Phare des Sanguinaires,” scéal grinn ar an
gcuma 'nar dhein sagart paróiste Cugugnan daoine naomhtha dá phobal go
léir, fáithscéil, trácht ar Mhistral, an file mór Probhensal a bhí 'na chomhnuidhe
an t-am son i n-aice do mhuileann Dardet, &srl.



Ceann des na chéad Litreacha seadh “Les Secret de Maitre Cornille.”
Innnstear dúinn innti scéal an tsean-mhuilneora ná ghéillfeadh do'n nó nuadh
mheilte do tháinig isteach sa tír, nuair do chuir cumann éigin ó Páirís
muileann gail ag obair ar bhóthar Tarascon, agus an cleas do cheap sé chum
a chur 'na luighe ar a chomharsain go raibh a mhuileann ag obair fós, agus
cionnus mar do fuarthas an fhírinne amach i n-am tráth, nuair a bhí an sean
fhear bocht beagnach i ndeire na hanma le hocras agus le fuacht agus le
cruadhtan an tsaoghail. Sceilín beag deas seadh é, go bhfuil na deora agus
an gáire an-chomhgarach dhá chéile ann, fé mar atáid siad 'na lán dar scríobh
Daudet.



An Ruidín Beag
Ain ceann dos na tréithibh is mó atá le tabhairt fé ndeara .i. Le Petit
Chose (An Ruidín Beag”), leis, an t-aon scéal fada amháin do scríobh
sé i dtúis a shaoghail. A scéal féin 'seadh é, a fhurmhór, go háirithe, agus
scéal a dhearbhráthar, Ernes Daudet. Buachaill beag 'seadh le Petit
Chose, buachaill beag leiche ná fuil i n-ainm é féin do chosaint ar an saoghal
agus a chaithfidh é do thrial mar sin féin. Tá greann sa leabhar acht is treise
ar an dtruaighmhéile ann ná ar an ngreann. 'Sé in leabhar so do thuill do
Alphóns Daudet an ainm, “Dickens na Fraince,” ainm do chuir déistin air
féin, mar ba bheag leis Sasana, a teanga agus lucht a láimhseála, agus do
dheis sé comhrac aoinfhir le fear a chuir amuich air gur dhein sé aithris ar
scríbhneóiríbh an Bhéarla. Chum na fírinne a rádh, is beag eolas i néanchor
do bhí aige ar litridheach an Bhéarla, acht mar sin fein, tá cosamhlacht idir é
féin agus Dickens, go mór-mór san leabhar so. Tá na cleasa céadna aca
araon. Is mar a chéile an tslighe atá aca chum pictiúir bhig do dheanamh de
fhuinn a scéalta, agus a lochda do theasbáint dúinn chomh soiléir le n-a
dtréithibh ionmholta, acht é go léir do dhéanamh chomh cneasta grádhmhar son
ná bíonn 'fhios againn ciaca na deagh-thréithe nó droch-thréithe is mó a
thuilleann dóibh an báidh a bhíonn againn leo. Tá a fhios againn go mbíonn grádh
ag Dickens d'á fhuirinn féin, agus go mbíonn truagh aige dóibh nuair bhíonn
an brón i ndán dóibh, agus áthas air nuair thagann aimsear an tsonais arís,
agus tá sé 'na chumas an léiththeoir do chur ar an aigne chéadna mar gheall
ortha. Sin é údhálta Daudet, leis, agus ní hamháin ins an scéal so, 'n-a
bhfuil sé níos fusa do, b'fhéidir, bheith ar aon intinn le lucht a leabhair, ó's é
fein agus a mhuinntear a bhí mar dheismireachta aige, acht tá an rud céadna
le rádh mar gheall ar Tartarin, Jack, Lés Rois en Exile, L'Immortel, ba
leasc liom a luadh go léir.



Tá súil agam go mbeidh caoi agam uair eile, le cead an fhir eagair,
tagairt do dhéanamh dos na leabhraibh-seo agus do chuid eile de shaothar
Daurdet ná fuil chomh mór son fe chlú.



Máire Ní Chinnéide.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services