Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éadaighe Ban
Title
Éadaighe Ban
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éadaighe Ban. An Clóca. Tamall ó shin bhíos ag dul chun Aifrinn ag Léim Uí Dhonnabháin láimh le Sciobairín. Bhí iongnamh orm an clóca Gaedhealach d'fheic- sint dá chaitheamh sa cheantar sin fós. Thugas fé ndeara gur ag na seanmhná is mó a chaithtear é. 'Sé an clóca soin an t-aon éadach amháin atá fanta againn. Tá seanchas foghanta ag gabháil leis. An dream ban do chaitheadh í tá furmhór díobh anois ar shlighe na fírinne. Acht an fhaid do bhíodar abhus do thugadar a saoghal fé chruadhas agus fe anbhroid. An géarleanmhain d'fhuilingeadar is amlaidh do dhein sé a n-árdach a holc agus a chraos an tsaoghail. An t-aos ban do ghaibh leis an gclóca sin is feidir dúinne feachaint siar ar a gcúrsaí indiu le mórdháil tar meodhan. Gach cruatan do rug ortha dhein sé iad do ghlanadh ó uabhar agus ó urchóide. Bliadhain nó dhó ó shoin do bhí giúistís ag éisteacht le cúis áirithe dá pléidhe i dTigh na Cúirte i gCorgaigh. Tháinig sean-bhean ó'n dtuaith i n-áirde chun fiadhnaise a dhéanamh i láthair na cúirte. An clóca do bhí dá chaitheamh aici. An méid adubhairt sí do thug sí uaithi é chomh modhmhail macánta soin gur ghríosaidh sé an giúistís chun labhairt n-a diaidh. “Ní raibh aon ghádh aici seo,” ar seisean “an leabhar do thabhairt, agus 'sé truagh an scéil an clóca breagh galánta soin agus an t-aos a chaitheadh é do bheith ag dul ar ceal i nÉirinn. An t-aos atá ag eirighe suas anois do chuimhneochaidís ar rud na cuimhneochadh gabha ná céardaighe uaireanta.” Acht ní chothóchadh na bréithre na bráithre. Ní mó chuireadh comhairle an ghnótha ar thaithighe mara gcabhruigheann ar n-uaisle is lucht le héisteacht sa tí seo linn. Agus ní fheicim aon tslighe go bhféadfadh mná le comhacht is le gustal i nÉirinn a gcomh- shiúracha do riaradh chun a leasadh níosa bhfearr ná iad do chur bun ós cionn leis an saomhnós éadaigh atá ar taithighe aca fé láthair. Ba dheise go mór a thiocfadh le nár mbantracht an clóca breagh galánta do chaith a sean do thabhairt thar nais mar mhalairt ar na cirteacha gallda a bhíonn umpa agus a súile ar mhargaibh an domhain, d'fhonn gach brille breaille níos dhéisteanaighe ná a chéile d'fhághail mar adhbhar éadaigh. Acht le gealadh lae saoirse na hÉireann tá gach aon deallramh le hatharach céille dúinn, agus nuair a bhéarfaidh an lá soin sinn bíodh ar seasamh ar an gcuma gur impuigh ár máithreacha iad féin. Tá an oighreacht soin go léir nár gcóir-na má's fiú sinn dul n-a sealbh. Sid é áireamh an éadaigh nach fuláir a d'fhághail chun an chlóca a dhéanamh: Dhá shlait poplín i gcóir an chalaidh. Slat lín éadaigh líneáil. Dhá shlait go leith ribíní. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services