Éadaighe Ban.
An Clóca.
Tamall ó shin bhíos ag dul chun Aifrinn ag
Léim Uí Dhonnabháin láimh le Sciobairín.
Bhí iongnamh orm an clóca Gaedhealach d'fheic-
sint dá chaitheamh sa cheantar sin fós. Thugas
fé ndeara gur ag na seanmhná is mó a chaithtear
é. 'Sé an clóca soin an t-aon éadach amháin
atá fanta againn. Tá seanchas foghanta ag
gabháil leis. An dream ban do chaitheadh í
tá furmhór díobh anois ar shlighe na fírinne.
Acht an fhaid do bhíodar abhus do thugadar
a saoghal fé chruadhas agus fe anbhroid.
An géarleanmhain d'fhuilingeadar is amlaidh
do dhein sé a n-árdach a holc agus a chraos
an tsaoghail. An t-aos ban do ghaibh leis an
gclóca sin is feidir dúinne feachaint siar
ar a gcúrsaí indiu le mórdháil tar meodhan.
Gach cruatan do rug ortha dhein sé iad do
ghlanadh ó uabhar agus ó urchóide. Bliadhain
nó dhó ó shoin do bhí giúistís ag éisteacht le
cúis áirithe dá pléidhe i dTigh na Cúirte i
gCorgaigh. Tháinig sean-bhean ó'n dtuaith i
n-áirde chun fiadhnaise a dhéanamh i láthair na
cúirte. An clóca do bhí dá chaitheamh aici.
An méid adubhairt sí do thug sí uaithi é chomh
modhmhail macánta soin gur ghríosaidh sé an
giúistís chun labhairt n-a diaidh. “Ní raibh aon
ghádh aici seo,” ar seisean “an leabhar do
thabhairt, agus 'sé truagh an scéil an clóca
breagh galánta soin agus an t-aos a chaitheadh
é do bheith ag dul ar ceal i nÉirinn. An t-aos
atá ag eirighe suas anois do chuimhneochaidís
ar rud na cuimhneochadh gabha ná céardaighe
uaireanta.” Acht ní chothóchadh na bréithre
na bráithre. Ní mó chuireadh comhairle an
ghnótha ar thaithighe mara gcabhruigheann ar
n-uaisle is lucht le héisteacht sa tí seo linn.
Agus ní fheicim aon tslighe go bhféadfadh mná
le comhacht is le gustal i nÉirinn a gcomh-
shiúracha do riaradh chun a leasadh níosa
bhfearr ná iad do chur bun ós cionn leis an
saomhnós éadaigh atá ar taithighe aca fé
láthair. Ba dheise go mór a thiocfadh le nár
mbantracht an clóca breagh galánta do chaith
a sean do thabhairt thar nais mar mhalairt ar
na cirteacha gallda a bhíonn umpa agus a
súile ar mhargaibh an domhain, d'fhonn gach
brille breaille níos dhéisteanaighe ná a
chéile d'fhághail mar adhbhar éadaigh.
Acht le gealadh lae saoirse na hÉireann
tá gach aon deallramh le hatharach céille
dúinn, agus nuair a bhéarfaidh an lá soin sinn
bíodh ar seasamh ar an gcuma gur impuigh
ár máithreacha iad féin. Tá an oighreacht soin
go léir nár gcóir-na má's fiú sinn dul n-a
sealbh.
Sid é áireamh an éadaigh nach fuláir a
d'fhághail chun an chlóca a dhéanamh:
Dhá shlait poplín i gcóir an chalaidh.
Slat lín éadaigh líneáil.
Dhá shlait go leith ribíní.
Cáit Ní Dhonnchadha.