Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Droch-cháil agus Deagh-cháil
Title
Droch-cháil agus Deagh-cháil
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Droch-cháil agus Deagh-cháil. “An té go dtéigheann ainm na mochóirighe air ní miste dho codladh h-eadartha”; sin mar adeir an sean-fhocal é; ach tá ainm nach ainm mochóirghe a théigheann amach ar dhaoinibh gan iad a thuilleamh. Ní dheachaidh ainm mochóirghe riamh amach orainn-ne Gaedhil agus b'fhéidir nár thuilleamair go raghadh. Dá dtéigheadh féin ámh, níor bhréagaighe é ná a lán de cháil bhréagaigh eile aca curtha amach orainn. Ní bhacfam leis an gcáil atá ag daoinibh thar lear orainn droch- cháil iseadh í nach aon onóir dúinn. Níl de mheas i n-aon tír eile orainn ach droch- mheas. Meas orainn féin. Ach annso sa bhaile againn fein tá saghas éirghe anáirde beag orainn agus tá sé socair i nár naigne againn go bhfuil tréithe móra maithe ionnainn. Tréith aca san, go mór mór imeasg lucht na Gaedhilge, iseadh gur ana lucht leabhar agus litridheachta sinn. Bímíd ár moladh féin mar gheall ar an tréith sin. Ba mhaith dá mb'fhíor é ach ní chreidim-se go gur fíor. Creidim a mhalairt agus sin é nach lucht leabhar ná litridheachta dá dtrian de lucht na Gaedhilge, agus go mór mór ní lucht leabhar ná litridheacht Gaedhilge iad. Ní h-amhras é sin ach deimhin. Ochtar Fíréan. Tá gearan déanta ag Eagarthóír “Gadelica” ná rabhthas ag léigheadh ná ag ceannach “Gadelica” agus thug se figiúirí dhúinn. Ochtar as Coiste Gnótha 1912-13 adeir sé. Fágaim le hudhacht gur chuir san iongna orm, óir tá se ag dul dian orm ochtar a phiocadh amach as an seacht Choiste Gnótha san ar dhóigh liom a chuirfeadh aon tsuim i “Gadelica.” Seacht adeir sé as an Iolsgoil. Sin uimhir mhór muna bhfuil aoinne de lucht an Choiste Gnótha ar an seachtar san. An Sgéal Céadna. Ach is féidir a rádh gur páipéar do sgoláirí “Gadelica” agus nach do ghnóth-léitheóirí agus is fíor san a rádh: ach sé an sgéal céadna é i dtaobh na ngnáth leabhar a cuirtear amach. Is cuma cad é an sórt leabhair a cuirtear amach muna mbíonn an leabhar san ar an gclár ag bórd éigin Oideachais, bainfidh sé bliadhain nó dhá bhliadhain nó deich mbliadhna chun 1,000 cóib a dhíol. Sin é barr saothair Éireann uile chun Gaedhilg a léigheamh. Tá sé suarach go leor ag daoinibh a mhaoidheann gur lucht leabhar agus litridheacht iad. Ní h-aon tairbhe do dhuine é bheith mar leithsgéal aige nach aon mhaith aon leabhar Gaedhilge dá gcuirtear amach. Ní dhéanfadh a n-olcas aon deifir i dtaobh míle cóib dá mbeadh aon dúil sa léightheóireach ag an bpobal. Is é an sgéal go léir sa bhrigh dhuit aon leabhar Gaedhilge ná beidh ar an gclár ag bórd éigin des na bórdaibh Oideachais atá i nÉirinn, ní dhíolfaidh an leabhar san as é fhoillsiú. Agus ag tagairt do na bórdaibh sin, is iongnadh liom cad a mhebhruigh- eann dóibh cuid de na leabhraibh a ainmnighidh a chun ar an gclár i n-ao' chor. Ach sgaoilimís an sgéal san tharainn. Níl deire ráidhte fós i dtaoibh lucht na Gaedhilge. Lag-chongnamh. Tá dream daoine i Lonndain agus is tairbheach slachtmhar an obair atá déanta aca do'n Ghaedhilg. “Cumann na Sgríbheann Gaedhilge” atáim a rádh. Tá ceithre leabhra déag de leabhraibh maithe curtha amach aca. Ach má tá is beag an chabhair atá fachta aca ó Gheadhilgeoiribh Éireann. Idir a sé agus a seacht gcéad daoine agus leabharlanna atá mar lucht síntiús aca. Ó'n Eoraip agus Sasana agus Albain agus Americeaá iseadh breis agus leath aca san. As Éirinn do'n chuid eile timcheall trí chéad agus is fánach ainm Gaedhilgeóra ar an gcuid sin fein. Is náireach an sgéal é ach ní náirighe é na fírinneach ná tugann lucht na Gaedhilge seo 'gainn-ne aon chabhair do'n chumann úd, cé gur mór an seód agus an maoidheamh d'aon Ghaedhilgeoir na ceithre leabhra déag a chuir an cumann amach a bheith aige. Obair gan Slacht. Tá tuilleadh ceisnimh fós le deanamh agam ach ní ar an bpobal é, cé nach mar leith-sgéal do'n phobal é ach chomh beag. Lucht foillsighthe leabhar Gaedhilge ba dhóigh leat gur náire a bheadh ortha i dtaobh na n-earraidhe a bhíonn le díol aca. Tá “Claidheamh Soluis,” 21.12.13 annso agam agus táim tar éis é chuardach fé thrí féachain an bhfuil fógra ann ar aon leabhar Gaedhilge. Níl (ach leabhairín “Glór na hÓige” i gcóir na leanbh mbeag). Tá fógraí go leór ar leabhraibh Béarla agus ar pháipéaraibh Béarla ann, ámhthach. Do shiubhlófá Éire agus ní fheicfeá leabhar Ghaedhilge i n-aon fhuinneoig siopa. Agus ní oireamhnach a bhíd le cur i n-aon fhuinneoig. Ní bhíonn de chlúdach ar aon cheann aca ach clúdach buidhe nó clúdach gorm páipéir agus cló mí-thaitneamhach dubh. Col geise d'fhoillsightheoir iseadh pictiúir ar bith a chur ar leabhar agus is é choimhlíonann a gheasa muna mbagruighthear bruighean agus achrann air. Ní bhíonn leabhar Gaedhilge le fagháil ag aon Stad Traenach i nÉirinn, ná ní dócha gur hiarradh ortha fós iad a choimeád agus a dhíol. Idir an pboball agus na foilsightheóiribh tá litridheacht na Gaedhilge i dtreo mhaith. “An Seabhac.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services