Droch-cháil agus Deagh-cháil.
“An té go dtéigheann ainm na mochóirighe air ní miste dho codladh
h-eadartha”; sin mar adeir an sean-fhocal é; ach tá ainm nach ainm mochóirghe
a théigheann amach ar dhaoinibh gan iad a thuilleamh. Ní dheachaidh ainm mochóirghe
riamh amach orainn-ne Gaedhil agus b'fhéidir nár thuilleamair go raghadh. Dá
dtéigheadh féin ámh, níor bhréagaighe é ná a lán de cháil bhréagaigh eile aca curtha
amach orainn. Ní bhacfam leis an gcáil atá ag daoinibh thar lear orainn droch-
cháil iseadh í nach aon onóir dúinn. Níl de mheas i n-aon tír eile orainn ach droch-
mheas.
Meas orainn féin.
Ach annso sa bhaile againn fein tá saghas éirghe anáirde beag orainn agus
tá sé socair i nár naigne againn go bhfuil tréithe móra maithe ionnainn. Tréith
aca san, go mór mór imeasg lucht na Gaedhilge, iseadh gur ana lucht leabhar
agus litridheachta sinn. Bímíd ár moladh féin mar gheall ar an tréith sin.
Ba mhaith dá mb'fhíor é ach ní chreidim-se go gur fíor. Creidim a mhalairt agus
sin é nach lucht leabhar ná litridheachta dá dtrian de lucht na Gaedhilge, agus
go mór mór ní lucht leabhar ná litridheacht Gaedhilge iad. Ní h-amhras é sin
ach deimhin.
Ochtar Fíréan.
Tá gearan déanta ag Eagarthóír “Gadelica” ná rabhthas ag léigheadh ná
ag ceannach “Gadelica” agus thug se figiúirí dhúinn. Ochtar as Coiste Gnótha
1912-13 adeir sé. Fágaim le hudhacht gur chuir san iongna orm, óir tá se ag
dul dian orm ochtar a phiocadh amach as an seacht Choiste Gnótha san ar dhóigh liom
a chuirfeadh aon tsuim i “Gadelica.” Seacht adeir sé as an Iolsgoil. Sin
uimhir mhór muna bhfuil aoinne de lucht an Choiste Gnótha ar an seachtar san.
An Sgéal Céadna.
Ach is féidir a rádh gur páipéar do sgoláirí “Gadelica” agus nach do
ghnóth-léitheóirí agus is fíor san a rádh: ach sé an sgéal céadna é i dtaobh na
ngnáth leabhar a cuirtear amach. Is cuma cad é an sórt leabhair a cuirtear
amach muna mbíonn an leabhar san ar an gclár ag bórd éigin Oideachais,
bainfidh sé bliadhain nó dhá bhliadhain nó deich mbliadhna chun 1,000 cóib a dhíol.
Sin é barr saothair Éireann uile chun Gaedhilg a léigheamh. Tá sé suarach
go leor ag daoinibh a mhaoidheann gur lucht leabhar agus litridheacht iad. Ní
h-aon tairbhe do dhuine é bheith mar leithsgéal aige nach aon mhaith aon leabhar
Gaedhilge dá gcuirtear amach. Ní dhéanfadh a n-olcas aon deifir i dtaobh míle
cóib dá mbeadh aon dúil sa léightheóireach ag an bpobal. Is é an sgéal go
léir sa bhrigh dhuit aon leabhar Gaedhilge ná beidh ar an gclár ag bórd éigin
des na bórdaibh Oideachais atá i nÉirinn, ní dhíolfaidh an leabhar san as é
fhoillsiú. Agus ag tagairt do na bórdaibh sin, is iongnadh liom cad a mhebhruigh-
eann dóibh cuid de na leabhraibh a ainmnighidh a chun ar an gclár i n-ao' chor.
Ach sgaoilimís an sgéal san tharainn. Níl deire ráidhte fós i dtaoibh lucht na
Gaedhilge.
Lag-chongnamh.
Tá dream daoine i Lonndain agus is tairbheach slachtmhar an obair atá
déanta aca do'n Ghaedhilg. “Cumann na Sgríbheann Gaedhilge” atáim a rádh.
Tá ceithre leabhra déag de leabhraibh maithe curtha amach aca. Ach má tá is beag an
chabhair atá fachta aca ó Gheadhilgeoiribh Éireann. Idir a sé agus a seacht gcéad
daoine agus leabharlanna atá mar lucht síntiús aca. Ó'n Eoraip agus Sasana
agus Albain agus Americeaá iseadh breis agus leath aca san. As Éirinn do'n
chuid eile timcheall trí chéad agus is fánach ainm Gaedhilgeóra ar an gcuid
sin fein. Is náireach an sgéal é ach ní náirighe é na fírinneach ná tugann lucht
na Gaedhilge seo 'gainn-ne aon chabhair do'n chumann úd, cé gur mór an seód
agus an maoidheamh d'aon Ghaedhilgeoir na ceithre leabhra déag a chuir an cumann
amach a bheith aige.
Obair gan Slacht.
Tá tuilleadh ceisnimh fós le deanamh agam ach ní ar an bpobal é, cé nach mar
leith-sgéal do'n phobal é ach chomh beag. Lucht foillsighthe leabhar Gaedhilge ba
dhóigh leat gur náire a bheadh ortha i dtaobh na n-earraidhe a bhíonn le díol aca.
Tá “Claidheamh Soluis,” 21.12.13 annso agam agus táim tar éis é chuardach fé
thrí féachain an bhfuil fógra ann ar aon leabhar Gaedhilge. Níl (ach leabhairín
“Glór na hÓige” i gcóir na leanbh mbeag). Tá fógraí go leór ar leabhraibh
Béarla agus ar pháipéaraibh Béarla ann, ámhthach. Do shiubhlófá Éire agus ní
fheicfeá leabhar Ghaedhilge i n-aon fhuinneoig siopa. Agus ní oireamhnach a bhíd
le cur i n-aon fhuinneoig. Ní bhíonn de chlúdach ar aon cheann aca ach clúdach
buidhe nó clúdach gorm páipéir agus cló mí-thaitneamhach dubh. Col geise
d'fhoillsightheoir iseadh pictiúir ar bith a chur ar leabhar agus is é choimhlíonann
a gheasa muna mbagruighthear bruighean agus achrann air. Ní bhíonn leabhar
Gaedhilge le fagháil ag aon Stad Traenach i nÉirinn, ná ní dócha gur hiarradh
ortha fós iad a choimeád agus a dhíol.
Idir an pboball agus na foilsightheóiribh tá litridheacht na Gaedhilge i dtreo
mhaith.
“An Seabhac.”