Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-fhocla
Title
Sean-fhocla
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sean-fhocla. IV. Pós ar an chárn-aoiligh ach díol do bhó abhfad ó'n bhaile. I. Bhí cliú mór ar m'athair mar fhear déanta cleamhnas. Ní feasach damh an raibh an cliú tuillte aige nó nach raibh, ach ghlacfadh sé leis go rí-mhaith nuair bhíodh daoine 'gá mhaoidheamh air é. “Phós mé cuid mhaith buachaillí le mo linn,” ar seisean oidhche amháin linn, “ach níor casadh orm riamh fear ba dhoiligh pósadh 'ná mo dhuine mhuinteardha féin, Pádraig Mac Fhionnlaoich. Chá raibh sé ró-óg nuair a smaoinigh sé ar phósadh. Ní chuireadh sé mórán geimhreadh thairis leis an deich is daichead do chríochnú. Agus bhí triúr dearbhrathar ní ba shine ná é féin 'sa toigh. Muintear na hairce bhearadh a gcomhursanna ortha bhíodar chomh sean-nósach sin. Ar an adhbhar sin chá raibh mórán misnigh agam nuair tháinig Pádraig fhaid liom oidhche amháin cúpla lá roimh an Chargais agus d'iarr orm gabhail leis do chuartú mná. “An bhfuil braon maith uisge beatha le fághail agat, a Phádraig?” arsa mise. “Bhí dúbláil agam aréir, agus thug mé leath-ghalúin dé liom.” “Maith an fear! Bíodh geal go mbéidh bean bhreagh agam duit sul a bhéas an leath- ghalúin caithte.” “Cá rachas muid?” arsa Pádraig. “Tá dhá inghin ag Eoghan a' Gallchobhair thall annsiúd agus bhéaramaoid an cheurd ruaig chucasan.” “Tá mé sásta go leor,” arsa Pádraig, “ach char casadh orm iad ariamh.” (Tá fhios agaibh nár chomhnuigh Pádraig ins an pharáisde seo agus nach raibh aithne ró-mhaith aige ar bhunadh na háite seo.) “ach chuala mé go bhfuil siad beadaidhe go maith.” “Na bac le n-a mbeadaidheachta, a Phádraig! Tá aithne mhaith ag Eoghan ormsa agus ní chuirfidh sé amach sinn, ar sgor ar bith.” Anonn linn toigh Eoghain. Chuir sé fáilte romhainn agus bhí an bheirt chailín agus a máthair 'na suidhe cois na teineadh. Bhí eagla orm féin nach nglacfadh na cailíní nó ceachtar aca le Pádraig agus go mbeadh níos fuide le siubhal againn agus mar sin char chaith mé barraidheacht aimsire ag bualadh timchioll an duis ach rinne mé go díreach ar an tomóig in a raibh an girrfhiadh. “Seo buachaill óg,” arsa mise ag sméideadh mo chinn le Pádraig, “a thug leis mé dh'iarraidh do inghne, a Eoghain” arsa mise. “Bhí Eoghan beagán mall 'sa chainnt agus ó tháinig mé ró-thobann air char fhreagair sé ar dtús; ach thoisigh a aghaidh d'oibriughadh. Mheasfeá gur bhuail taom de'n ghalar chreathach leis. Nuair a fuair sé a anál leis ins an deireadh b'iad na focla “Dia as Muire Linn!” do tháinig leis agus sin go sgioptha. Ach chuir sean-Róise .i. bean an toighe a súla tríd an bheirt againn agus í chomh socair suaimhneach le breitheamh 'na suidhe sa chúirt. “Cár fhág tú an buachaill óg, a Mhichil?” ar sise, agus thuig mé ó n-a glór go maith gur ag sgige do bhí sí. “Ní gnáthach duitse bheith caoch, a Róise,’ arsa mise, “nach bhfeiceann tú an duine uasal seo atá le mo thaoibh? Duine muinteardha damh é as a leithéid seo d'áit. Is minic a chuala sé trácht ar d'ingheanaibh agus tháinig sé anocht d'iarraidh ninghne is sise le n-a pósadh,” arsa mise, ag amharc go dana ar shean-Róise. “Is iongantach liom,” ar sí, “nach í an cailín is óige atá sé ag á hiarraidh!” Labhair sí an méid seo go geur agus go tiugh ach stop sí annsin agus labhair ní ba réidhe. “Gabhaim maitheamhnas,” ar sí, “a fheara, ach tá cailíní s'againne ró-óg le pósadh go fóil. Chár smaoinigh siad ar a leithéid.” Budh cheart damh rádh gur imithigh an bheirt cailín as an chisteanach dá luathas d'fhosgail mé mo bhéal ar an cheist agus chan fhacamar ní ba mhó iad. “Ní misde dóbhtha smuaineadh ar a leithéid,” arsa mise. “Tá feirm mhaith talmhan ag mo charaid agus stoc láidir uirthi. Tá triúr dearbhráthar aige níos sine 'na é féin atá na n-oibrithe maithe.” “Caithfidh sé go bhfuil gearr-chuid aoise aca eatortha,” arsa bean-a-toighe go searbh, “agus go bhfuil iall aca mura bhfuil obair ionnta.” “Chuir an rádh seo fearg orm féin agus bhí mé a smuaineadh ar fhreagair nuair labhair Eoghan go séimh macánta, ag tabhairt súile ar a mhnaoi san am cheudna.” “Chan fhuil gar dhuit, a Mhichil, gabhail níos fuide leis an sgeul. Cha rachadh mo chailíní go dtí an duthaigh sin ar chor ar bith. Acht támaoid buidheach díot agus iad d'iarraidh. Ná tuitimís amach fa dtaoibh de.” Bhí seo réasúnta go leor agus thuig mé ó'n dóigh a labhair Eoghan nach raibh gar a bheith ag cainnt. “Támaoid sásta leis an fhreagair sin” arsa mise “agus ní bhacfaidh muid leis an chleamhnas níos mó, ach tá braon beag biotáilte linn annseo agus má tá cead againn budh mhaith liom fein mo bhéal a fhliuchadh.” Tugadh an cead dúinn agus d'ólamar gloine araon amháin ach an tsean- bhean ach d'éirigh sise fein níos modhamhla linn sul ar imthigheamar agus thairg tae dúinn ach ghabhamar ar leithsgéal mar bhí ar n-obair le déanamh againn fós. Nuair bhíomar ar an bhealach mhór arís, arsa mise le Pádraig, “ní'l ach inghean amháin ag Domhnall na mBan agus ní'l sí chomh hóg leobhtha seo. Siúd thall a theach a bhfuil an solus ann. Tá grabhar maith airgid ag Domhnall agus is dóigh liom go bhfuighbhe Eilis an chuid is mó de mar tá an fheirm ag ghabhail chuig an mhac agus chán fhuil oighre eile ag Domhnall nuair a stiúcfaidh sé féin.” “Tá go maith,” arsa Pádraig, agus rinneamar díreach ar thoigh Dhomhnaill. Bhí Domhnall istigh agus Eilis ag déanamh an bhrocháin fá choinne an tsuipéir. Bhí Eilis fá thuairim daichead bliadhan d'aois. Cailín breagh láidir do bhí innti ach cha raibh sí ró-ghraoidheamhail riamh. In a toigh féin is measa an chuma do bhí uirthi. Bhí sí dubh agus beagan garbh fá na malaibh agus fá na leicnibh. Ní mó ná go rabhamar ‘nár suide agus na píopaí dearg againn nuair shín Pádraig spág dá spágaibh anall chugam agus thug speichín ar mo lorgain damh. D'amharc mé ar agus dhruid sé a leth-shúil liom, chroith a cheann go bagarach agus chuir carr air féin. Thuig mé go maith goidé bhí cearr agus ar ball beag nuair fuair sé aiméar orm chogar sé in mo chluais, “ná bac le hEilis.” Leigeamar orainn annsin nar theastuigh uainn acht tuit de'n phíopa agus sinn ar ar dturas go háit éigin eile agus nuair do bhí píopa tabac caithte againn d'fhágamar an teach agus ar shiubhal linn.” “Goidé tháinig ort, a Phádraig?’ arsa mise. “An donas ort!” arsa sé “goidé thug ort mé thabhairt annsin? Chá phosfainn an cailín sin dá mbeadh trí chéad punta aici. Tá sí chomh sean le speadóig agus chomh miofuair le gráinneóig. An bhfaca tú an fhéasóg atá uirthi?” Dheamhan ribe féasóige do bhí ar an chailín mhacánta agus bhí sí seal bliadhan ní b'óige ná é féin, ach cha raibh aon mhaith a bheith ag cainnt leis agus thuig mé anois go mbeadh m'obair gearrtha amach agam agus bean fhagháil dó an oidhche sin má bhí sé chomh dóshásta agus chomh beadaidhe sin. “Tá aithne agam ar chailín a d'fhóirfeadh i gceart duit inghean Sheumais an tSléibhe ach tá teach Sheumais giota maith as seo. Tuairim is míle go leith agus ta drobh bhealach le gabhail ann. Tá casán tríd an phortach ach ní mó na go bhfeudfamaois an casán do leanmhain ar shiubhal oidhche agus chan fhuil eolas ró-mhaith ag ceachdar againn air.” “Goidé an seort cailín í?” arsa Pádraig go hamhrasach. “Tá cúigear cailín ag Seumas agus sin a bhfuil de theaghlach aige agus ta fhios agam go maith nach mbeadh aon díombáidh aige do'n té thógadh ceann aca uaidh. Is breagh na cailíní iad ach tá barraidheacht aca i n-aon toigh amháin agus mar tá an teach cuid mhaith ar leath-taoibh is beag buachaill théid an fhaid sin agus is annamh eirigheann siad amach. Tugaim fá deara fosda go mbíonn faitchíos ar bhuachaillibh briseadh ar sgat cailín mar sin siúd is gur fearr sicí as áilín nó sicín aonránach. Má théidhmíd ann sí an cailín is sine a chaithfeas muid iarraidh gan brusgar a dhéanamh do'n sguaine.” “Goidé'n seort cailín í, agus goidé 'n aois atá uirthi?” “Tá sí amach is isteach fá'n deich is fiche agus dá mbéinn ag piocadh mná as an chúigear is í bheadh liom. Cailín macánta, modhamhail, gnaoidheamhaol atá innti.” “Siubhlamaois!” arsa Pádraig, agus thionntuigh sé ar a sháil. “Go socair, a dhuine” arsa mise, “caith- fimid na chnuic do shlacadh orainn féin, agus char mhaith liomsa iad d'aimsiú gan deoch do bheith againn.” “Is túisge deoch nó sgéal,” arsa Pádraig agus tharraing sé amach buidéal agus bhí deoch againn. Bhuaileamar trasna na bpáirceanna annsin go dtáinig muid ar an chasán agus leanamar an casán chomh maith is d'fheudamar. Ach is iomdha poll agus díog do bhí ann. Bhí an salachar ar ar gcuid éadaigh, agus glugán an uisge i n-ar mbrógaibh an t-am a rangamar teach Sheumais. Bhí an teaghlach uilig istigh mar b'annamh dobhtha bogadh amach de shiúbhal oidhche bhí an casán chomh fada agus chomh hanasta sin. Bhí teine bhreagh mhónadh ar an teallach agus
cuma shuailcmhar ar ghach uile dhuine. Cha rabhmar abhfad ‘nár shuidhe gur chuir mé i n-umhal do Sheumas fáth ar dturais, — bhí mé ag iarraidh a inghine do'n bhuachaill mhacánta seo do bhí liom. Chuir Seamas roinnt cheasteann fá dtaoibh dé agus bhí sé sásta do'n chleamhnas daichead púnta do bhí ceaptha aige thabhiert do ghach duine dá ingeanacha, dubhair sé, agus mheas mé fein gur leor dó sin ná chá raibh aige ach móinteán mór fheirm. Thug Pádraig an buidéal amach agus d'ólamar bolgam maith, sé sin, na fir, mar ní bhlaisfeadh na cailíní deor. Rinne siadsan an tae agus bhí gach uile rud ag gabhail ar aghaidh go maith nuair chogar Pádraig mo chluais nuair fuair sé fhaill orm, “an cailín bán atá in mo cheann, bíodh fhios agat.” “An diabhal,” arsa mise ar ais leis. Bhí an cailín a b'óige an cailín bán: tuairim is fiche bliadhain d'aois do bhí uirthi. B'í an cailín a ba ghraoidheamhla díobhtha í gan amhrus, ach chá raibh innti ach páisde agus peata nach bpósfadh fear ciallmhar. “Bhí Pádraig ar bhog-mheisce fá'n am seo agus é go meidhreach. Bhog sé a chathaoir i n-aice leis an chailín bhán agus chuir spraic uirthi. Dhruid sise amach uaidh agus las a gruaidh. Bhog séisean a chathaoir arís agus thug gach uile dhuine fá deara é. Labhair Seumas: “Is í Brighid an giorsach is sine,” ar sé ag sméideadh a chinn le Brighid agus í ag nigheadh soitheach an tae. D'amharc Pádraig uirthi go mall agus leig leamh-gháire as. “Is cuma liom-sa chiaca is sine nó is óige ach sí an cailín bán mo thaisge.” “Chroith Seumas a ghuailne go mí-shásta.” “Ag deanamh grinn atá tú a dhuine mhacánta. Tá ceachdar aca ó go leor agat- sa.” “Bhí a fhios agam anois go raibh an t-im thríd an bhrochán ach thug mé iarraidh ar fhearg Sheumais do mhaolú.” “Chan fhuil ann ach greann, a Sheumais. Sí Brighid a tháinig muid dh'iarraidh, ar ndóighe.” Chuir Pádraig cluas air féin. Annsin thionntuigh sé thart orainn go dána. “Má seadh,” ar seisean, “chan fhaca mé an cailín bán go dtí anocht. Is í mo ghrádh í agus cha phósaim ach í.” “Agus dar brigh m'fhocal chá phósann tú ise, a dhuine, dí-mhúinte. Má sé sin an cineál duine thug tú leat, a Mhichil, dho iarraidh leathola do dheunamh ar mo ingheanachaibh ní mór mo bhuidheachas duit, agus ná déanaidh moill in mo theach-sa.” Rinne mé mo dhíchioll síothcháin agus eadarsgain do dheunamh eadar an bheirt aca ach cha raibh gar domh ann. Bhí siad mí-réasúnta ar ghach taoibh agus bhí beagan ólta aca agus chá raibh gar a bheith leobhtha. D'fhágamar an teach gan mhairg gan bheannacht.” “Goidé an diabhal a tháinig ort, a Phádraig. Nach raibh Brighid óg go leor duit gan a bheith ag brath ar bhábóig na gruaige báine?” “A Mhichil,” ar sé, “tá Brighid chomh buidhe le cois lachan agus an bhfaca tú na súla atá ag an mhnaoi eile.” “Chan fhaca mé a súla,’ arsa mise go tur agus chár labhramar focal eile go rabhamar ar an bhealach mór arís.” Bhí am go leor agam sa meabhrú ar an chasán agus dubhairt mé im' aigne féin nach rachainn le Pádraig arís i n-aon teach a raibh sgaifte cailín. Go dearbhtha bhí mé ag cailleadh meisnigh fán am seo go n-eireochadh liom ar chor ar bith ach tháinig beagán diabhlaidheacht in mo cheann agus smuainigh me ar inghean an Mháirnéalaigh. Tuile. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services