Sean-fhocla.
IV.
Pós ar an chárn-aoiligh ach díol do
bhó abhfad ó'n bhaile.
I.
Bhí cliú mór ar m'athair mar fhear déanta
cleamhnas. Ní feasach damh an raibh an cliú
tuillte aige nó nach raibh, ach ghlacfadh sé
leis go rí-mhaith nuair bhíodh daoine 'gá
mhaoidheamh air é.
“Phós mé cuid mhaith buachaillí le mo linn,”
ar seisean oidhche amháin linn, “ach níor casadh
orm riamh fear ba dhoiligh pósadh 'ná mo dhuine
mhuinteardha féin, Pádraig Mac Fhionnlaoich.
Chá raibh sé ró-óg nuair a smaoinigh sé ar
phósadh. Ní chuireadh sé mórán geimhreadh
thairis leis an deich is daichead do chríochnú.
Agus bhí triúr dearbhrathar ní ba shine ná
é féin 'sa toigh. Muintear na hairce
bhearadh a gcomhursanna ortha bhíodar chomh
sean-nósach sin. Ar an adhbhar sin chá raibh
mórán misnigh agam nuair tháinig Pádraig
fhaid liom oidhche amháin cúpla lá roimh an
Chargais agus d'iarr orm gabhail leis do
chuartú mná.
“An bhfuil braon maith uisge beatha le
fághail agat, a Phádraig?” arsa mise.
“Bhí dúbláil agam aréir, agus thug mé
leath-ghalúin dé liom.”
“Maith an fear! Bíodh geal go mbéidh
bean bhreagh agam duit sul a bhéas an leath-
ghalúin caithte.”
“Cá rachas muid?” arsa Pádraig.
“Tá dhá inghin ag Eoghan a' Gallchobhair
thall annsiúd agus bhéaramaoid an cheurd
ruaig chucasan.”
“Tá mé sásta go leor,” arsa Pádraig,
“ach char casadh orm iad ariamh.” (Tá fhios
agaibh nár chomhnuigh Pádraig ins an pharáisde
seo agus nach raibh aithne ró-mhaith aige ar
bhunadh na háite seo.) “ach chuala mé go bhfuil
siad beadaidhe go maith.”
“Na bac le n-a mbeadaidheachta, a Phádraig!
Tá aithne mhaith ag Eoghan ormsa agus ní
chuirfidh sé amach sinn, ar sgor ar bith.”
Anonn linn toigh Eoghain. Chuir sé
fáilte romhainn agus bhí an bheirt chailín agus
a máthair 'na suidhe cois na teineadh.
Bhí eagla orm féin nach nglacfadh na
cailíní nó ceachtar aca le Pádraig agus go
mbeadh níos fuide le siubhal againn agus
mar sin char chaith mé barraidheacht aimsire ag
bualadh timchioll an duis ach rinne mé go
díreach ar an tomóig in a raibh an girrfhiadh.
“Seo buachaill óg,” arsa mise ag sméideadh
mo chinn le Pádraig, “a thug leis mé
dh'iarraidh do inghne, a Eoghain” arsa mise.
“Bhí Eoghan beagán mall 'sa chainnt
agus ó tháinig mé ró-thobann air char
fhreagair sé ar dtús; ach thoisigh a aghaidh
d'oibriughadh. Mheasfeá gur bhuail taom de'n
ghalar chreathach leis. Nuair a fuair sé a anál
leis ins an deireadh b'iad na focla “Dia
as Muire Linn!” do tháinig leis agus sin
go sgioptha. Ach chuir sean-Róise .i. bean an
toighe a súla tríd an bheirt againn agus í
chomh socair suaimhneach le breitheamh 'na
suidhe sa chúirt.
“Cár fhág tú an buachaill óg, a Mhichil?”
ar sise, agus thuig mé ó n-a glór go maith
gur ag sgige do bhí sí.
“Ní gnáthach duitse bheith caoch, a Róise,’
arsa mise, “nach bhfeiceann tú an duine uasal
seo atá le mo thaoibh? Duine muinteardha
damh é as a leithéid seo d'áit. Is minic a
chuala sé trácht ar d'ingheanaibh agus tháinig
sé anocht d'iarraidh ninghne is sise le n-a
pósadh,” arsa mise, ag amharc go dana ar
shean-Róise.
“Is iongantach liom,” ar sí, “nach í an
cailín is óige atá sé ag á hiarraidh!”
Labhair sí an méid seo go geur agus go
tiugh ach stop sí annsin agus labhair ní ba
réidhe. “Gabhaim maitheamhnas,” ar sí, “a
fheara, ach tá cailíní s'againne ró-óg le
pósadh go fóil. Chár smaoinigh siad ar a
leithéid.”
Budh cheart damh rádh gur imithigh an
bheirt cailín as an chisteanach dá luathas
d'fhosgail mé mo bhéal ar an cheist agus
chan fhacamar ní ba mhó iad.
“Ní misde dóbhtha smuaineadh ar a
leithéid,” arsa mise. “Tá feirm mhaith talmhan
ag mo charaid agus stoc láidir uirthi. Tá
triúr dearbhráthar aige níos sine 'na é
féin atá na n-oibrithe maithe.”
“Caithfidh sé go bhfuil gearr-chuid
aoise aca eatortha,” arsa bean-a-toighe go
searbh, “agus go bhfuil iall aca mura
bhfuil obair ionnta.”
“Chuir an rádh seo fearg orm féin agus
bhí mé a smuaineadh ar fhreagair nuair labhair
Eoghan go séimh macánta, ag tabhairt súile
ar a mhnaoi san am cheudna.”
“Chan fhuil gar dhuit, a Mhichil, gabhail níos
fuide leis an sgeul. Cha rachadh mo chailíní go
dtí an duthaigh sin ar chor ar bith. Acht támaoid
buidheach díot agus iad d'iarraidh. Ná
tuitimís amach fa dtaoibh de.”
Bhí seo réasúnta go leor agus thuig
mé ó'n dóigh a labhair Eoghan nach raibh gar
a bheith ag cainnt.
“Támaoid sásta leis an fhreagair sin”
arsa mise “agus ní bhacfaidh muid leis an
chleamhnas níos mó, ach tá braon beag
biotáilte linn annseo agus má tá cead
againn budh mhaith liom fein mo bhéal a
fhliuchadh.” Tugadh an cead dúinn agus
d'ólamar gloine araon amháin ach an tsean-
bhean ach d'éirigh sise fein níos modhamhla
linn sul ar imthigheamar agus thairg tae
dúinn ach ghabhamar ar leithsgéal mar bhí ar
n-obair le déanamh againn fós.
Nuair bhíomar ar an bhealach mhór arís,
arsa mise le Pádraig, “ní'l ach inghean amháin
ag Domhnall na mBan agus ní'l sí chomh hóg
leobhtha seo. Siúd thall a theach a bhfuil an
solus ann. Tá grabhar maith airgid ag
Domhnall agus is dóigh liom go bhfuighbhe Eilis
an chuid is mó de mar tá an fheirm ag ghabhail
chuig an mhac agus chán fhuil oighre eile ag
Domhnall nuair a stiúcfaidh sé féin.”
“Tá go maith,” arsa Pádraig, agus
rinneamar díreach ar thoigh Dhomhnaill.
Bhí Domhnall istigh agus Eilis ag
déanamh an bhrocháin fá choinne an tsuipéir.
Bhí Eilis fá thuairim daichead bliadhan d'aois.
Cailín breagh láidir do bhí innti ach cha raibh
sí ró-ghraoidheamhail riamh. In a toigh féin
is measa an chuma do bhí uirthi. Bhí sí dubh
agus beagan garbh fá na malaibh agus fá
na leicnibh. Ní mó ná go rabhamar ‘nár
suide agus na píopaí dearg againn nuair
shín Pádraig spág dá spágaibh anall chugam
agus thug speichín ar mo lorgain damh. D'amharc
mé ar agus dhruid sé a leth-shúil liom,
chroith a cheann go bagarach agus chuir carr air
féin. Thuig mé go maith goidé bhí cearr agus
ar ball beag nuair fuair sé aiméar orm
chogar sé in mo chluais, “ná bac le hEilis.”
Leigeamar orainn annsin nar theastuigh
uainn acht tuit de'n phíopa agus sinn ar ar
dturas go háit éigin eile agus nuair do bhí
píopa tabac caithte againn d'fhágamar an
teach agus ar shiubhal linn.”
“Goidé tháinig ort, a Phádraig?’ arsa
mise.
“An donas ort!” arsa sé “goidé thug
ort mé thabhairt annsin? Chá phosfainn an
cailín sin dá mbeadh trí chéad punta aici.
Tá sí chomh sean le speadóig agus chomh
miofuair le gráinneóig. An bhfaca tú an
fhéasóg atá uirthi?”
Dheamhan ribe féasóige do bhí ar an
chailín mhacánta agus bhí sí seal bliadhan ní
b'óige ná é féin, ach cha raibh aon mhaith a bheith
ag cainnt leis agus thuig mé anois go mbeadh
m'obair gearrtha amach agam agus bean
fhagháil dó an oidhche sin má bhí sé chomh
dóshásta agus chomh beadaidhe sin.
“Tá aithne agam ar chailín a d'fhóirfeadh
i gceart duit inghean Sheumais an tSléibhe ach
tá teach Sheumais giota maith as seo. Tuairim is
míle go leith agus ta drobh bhealach le gabhail
ann. Tá casán tríd an phortach ach ní mó na
go bhfeudfamaois an casán do leanmhain ar
shiubhal oidhche agus chan fhuil eolas ró-mhaith
ag ceachdar againn air.”
“Goidé an seort cailín í?” arsa Pádraig
go hamhrasach.
“Tá cúigear cailín ag Seumas agus sin
a bhfuil de theaghlach aige agus ta fhios agam
go maith nach mbeadh aon díombáidh aige do'n
té thógadh ceann aca uaidh. Is breagh na
cailíní iad ach tá barraidheacht aca i n-aon
toigh amháin agus mar tá an teach cuid mhaith
ar leath-taoibh is beag buachaill théid an fhaid
sin agus is annamh eirigheann siad amach.
Tugaim fá deara fosda go mbíonn faitchíos
ar bhuachaillibh briseadh ar sgat cailín mar
sin siúd is gur fearr sicí as áilín nó sicín
aonránach. Má théidhmíd ann sí an cailín
is sine a chaithfeas muid iarraidh gan
brusgar a dhéanamh do'n sguaine.”
“Goidé'n seort cailín í, agus goidé
'n aois atá uirthi?”
“Tá sí amach is isteach fá'n deich is fiche
agus dá mbéinn ag piocadh mná as an
chúigear is í bheadh liom. Cailín macánta,
modhamhail, gnaoidheamhaol atá innti.”
“Siubhlamaois!” arsa Pádraig, agus
thionntuigh sé ar a sháil.
“Go socair, a dhuine” arsa mise, “caith-
fimid na chnuic do shlacadh orainn féin,
agus char mhaith liomsa iad d'aimsiú gan deoch
do bheith againn.”
“Is túisge deoch nó sgéal,” arsa Pádraig
agus tharraing sé amach buidéal agus bhí
deoch againn. Bhuaileamar trasna na
bpáirceanna annsin go dtáinig muid ar an
chasán agus leanamar an casán chomh maith
is d'fheudamar. Ach is iomdha poll agus
díog do bhí ann. Bhí an salachar ar ar gcuid
éadaigh, agus glugán an uisge i n-ar
mbrógaibh an t-am a rangamar teach Sheumais.
Bhí an teaghlach uilig istigh mar b'annamh
dobhtha bogadh amach de shiúbhal oidhche bhí an
casán chomh fada agus chomh hanasta sin. Bhí
teine bhreagh mhónadh ar an teallach agus
cuma shuailcmhar ar ghach uile dhuine. Cha
rabhmar abhfad ‘nár shuidhe gur chuir mé i
n-umhal do Sheumas fáth ar dturais, — bhí mé
ag iarraidh a inghine do'n bhuachaill mhacánta
seo do bhí liom. Chuir Seamas roinnt
cheasteann fá dtaoibh dé agus bhí sé sásta
do'n chleamhnas daichead púnta do bhí ceaptha
aige thabhiert do ghach duine dá ingeanacha,
dubhair sé, agus mheas mé fein gur leor
dó sin ná chá raibh aige ach móinteán mór
fheirm. Thug Pádraig an buidéal amach agus
d'ólamar bolgam maith, sé sin, na fir, mar
ní bhlaisfeadh na cailíní deor. Rinne siadsan
an tae agus bhí gach uile rud ag gabhail ar
aghaidh go maith nuair chogar Pádraig mo
chluais nuair fuair sé fhaill orm, “an cailín
bán atá in mo cheann, bíodh fhios agat.” “An
diabhal,” arsa mise ar ais leis. Bhí an cailín
a b'óige an cailín bán: tuairim is fiche
bliadhain d'aois do bhí uirthi. B'í an cailín
a ba ghraoidheamhla díobhtha í gan amhrus, ach
chá raibh innti ach páisde agus peata nach
bpósfadh fear ciallmhar.
“Bhí Pádraig ar bhog-mheisce fá'n am seo
agus é go meidhreach. Bhog sé a chathaoir i
n-aice leis an chailín bhán agus chuir spraic
uirthi. Dhruid sise amach uaidh agus las a
gruaidh. Bhog séisean a chathaoir arís agus thug
gach uile dhuine fá deara é. Labhair Seumas:
“Is í Brighid an giorsach is sine,” ar sé ag
sméideadh a chinn le Brighid agus í ag nigheadh
soitheach an tae. D'amharc Pádraig uirthi
go mall agus leig leamh-gháire as.
“Is cuma liom-sa chiaca is sine nó is
óige ach sí an cailín bán mo thaisge.”
“Chroith Seumas a ghuailne go mí-shásta.”
“Ag deanamh grinn atá tú a dhuine
mhacánta. Tá ceachdar aca ó go leor agat-
sa.”
“Bhí a fhios agam anois go raibh an t-im
thríd an bhrochán ach thug mé iarraidh ar fhearg
Sheumais do mhaolú.”
“Chan fhuil ann ach greann, a Sheumais.
Sí Brighid a tháinig muid dh'iarraidh, ar ndóighe.”
Chuir Pádraig cluas air féin. Annsin
thionntuigh sé thart orainn go dána. “Má
seadh,” ar seisean, “chan fhaca mé an cailín
bán go dtí anocht. Is í mo ghrádh í agus cha
phósaim ach í.”
“Agus dar brigh m'fhocal chá phósann tú
ise, a dhuine, dí-mhúinte. Má sé sin an
cineál duine thug tú leat, a Mhichil, dho iarraidh
leathola do dheunamh ar mo ingheanachaibh
ní mór mo bhuidheachas duit, agus ná déanaidh
moill in mo theach-sa.”
Rinne mé mo dhíchioll síothcháin agus
eadarsgain do dheunamh eadar an bheirt aca
ach cha raibh gar domh ann. Bhí siad mí-réasúnta
ar ghach taoibh agus bhí beagan ólta aca agus
chá raibh gar a bheith leobhtha. D'fhágamar
an teach gan mhairg gan bheannacht.”
“Goidé an diabhal a tháinig ort, a
Phádraig. Nach raibh Brighid óg go leor
duit gan a bheith ag brath ar bhábóig na
gruaige báine?”
“A Mhichil,” ar sé, “tá Brighid chomh
buidhe le cois lachan agus an bhfaca tú na
súla atá ag an mhnaoi eile.”
“Chan fhaca mé a súla,’ arsa mise go
tur agus chár labhramar focal eile go
rabhamar ar an bhealach mór arís.”
Bhí am go leor agam sa meabhrú ar an
chasán agus dubhairt mé im' aigne féin nach
rachainn le Pádraig arís i n-aon teach a
raibh sgaifte cailín. Go dearbhtha bhí mé
ag cailleadh meisnigh fán am seo go n-eireochadh
liom ar chor ar bith ach tháinig beagán
diabhlaidheacht in mo cheann agus smuainigh
me ar inghean an Mháirnéalaigh.
Tuile.
Cú Uladh.