Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dubh-Fhocla na Midhe
Title
Dubh-Fhocla na Midhe
Author(s)
Mac Domhnaill, Aodh,
Compiler/Editor
Uá Tuathail, Éamon
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dubh-Fhocla na Midhe. (Seo thíos dubh-fhocla a rinne Aodh Mac Domhnaill, nó Aodh Gaedhealach mar bheirthí air. Chan fhuil fhios agam cias an t-am a rugadh Aodh, acht déarfainn go bhfuil sé fá thuairim sé sgór bliadhain ó tháinig sé ar an tsaoghal. B'an-chara é do Pheadar Ó Gealacáin, file Midheach a bhí 'n-a comhnuidhe i Maigh nEalta ar an taoibh thiar thuaidh de Chonndae na Mídhe. Rugadh Peadar ins an bhliadhain 1792, agus bhí sé beó sa bhliadhain 1853, — an t-am ar 'sgríobh sé síos abhráin Mhic Dhomhnaill. Bhí Mac Domhnaill i mBéalfeirsde ar feadh tamaill mhaith agus thug sé cuairt ar Thír Chonaill fosta. Is le linn an Dochtúir Ó Doinbhir a bheith i n-a easbog bhí sé i mBéal- feirsde.) Dubhfhocal a hAon. I bhflaitheas na naomh sé fréamhadh is hoileadh mé ar dtús, A's ar thalamh 'n-a dhiaigh sin réab mé geataí A's dúin, Is iomdha sin récsa a théagraidh mise go dlúth, Gidh shladuigh mé an chléir a's d'éignigheas cailleacha dubha. Is iomdha bean bhuadhartha 'mo dhiaigh i gculaidh cumhaidh, Nach bhfaca m'éadan le radharca loinneach a súil; Gach curadh 'gus laoch a bhí i gcéim a nallód 's i gcliú, Rinne mé saidhbhir a's na céadta barún a's diúc Is iomdha sin réagúin tréan a leag mé ar a chúl, Tá mé anois ar mo chéilidhe a's mé tréith-lag tanaidh faoi smúid, 'S ní fhuil casán dá dtéighim nach é an t-éag mo chompánach siubhail. Ba mise chur sgéimh ar mheád a ngaisce 's a lúth. Ní chreidim go bráth i reacht na h-eaglaise nua, Níor chreid mé do AAron ná thrughadh sagairt ó thús; Dá muirbhfinn an Pápa a's dá sárochainn Solamh le drúis, Ní chreidim síol Ádhmha go ndearnas peacadh sa gcúis. Sin Cogadh. Dubhfhocal a Dó. Is giolla beag mé i lámh gach riogh, Is bím i gcéim ag cléir a's ag saoi. Bím ar talamh a's ar toinn, a's ins na spéarthaibh a' méadughadh fuinn. Is iomdha duine (ar ar) chuir mé stró. 'S ní lia ná m'éachta a' brostughadh gleo, Gan ceann gan lámh gan cos nó méar, ithim 's ólaim le mo ladhar. Tá mé balbh bodhar gan glór, Is innsighim fíor a's bréag go leor. Bím 'mo sgraiste cinnte i gcúl, 'S ní cluintear mé le fear gan súil. Má's mór mo spré, mo chéim 's mo dhúigh, Tá mé sochtha a's béad go deoidh, Má's maith le aon bheith in mo dháil, Cuairtigheadh mé le taobh an fháil. Ag tabhairt sgéil do'n tsaoghal ó'n bPápa, Nó ag na bacaigh in a mála. Ceist ar ollamh a's ar a ngaol, Cá tá balbh a's chualaidh an sgéal? Freaga: Cleite (peann). Dubh-Fhocal a Trí. Is teachtaire mise shiubhail an saoghal, Ní fhásann m'fhionnthadh a's tá mé maol, Bím go cinnte ar lár 'ma luidhe, 'S mé a' scoladh an bhealaigh do gach daoi. Ní thig le aonduine theacht in mo dhíth, Ó'n teine go dtí a leabuidh luidhe, Gidh gurb' iomdha cruit a's bain a's gleann, Ó thrácht mo chos go dtí mo cheann. An té choinnigheas mise in a thaoibh, Ní baoghal dó briseadh ar an dlighe, Ar muir a's ar tír is mise a sgiath, Ó ghleann na ndeaor go flaitheas Dé. Sin ceist fó seacht ar éigse an tsaoghail, Ca hainm cruitín an chinn mhaoil? Freagra: Casán Éamonn Uá Tuathail a sholáthruigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services