Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dubh-Fhocla na Midhe

Title
Dubh-Fhocla na Midhe
Author(s)
Mac Domhnaill, Aodh,
Compiler/Editor
Uá Tuathail, Éamon
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dubh-Fhocla na Midhe.



(Seo thíos dubh-fhocla a rinne Aodh Mac
Domhnaill, nó Aodh Gaedhealach mar bheirthí
air. Chan fhuil fhios agam cias an t-am a rugadh
Aodh, acht déarfainn go bhfuil sé fá thuairim
sé sgór bliadhain ó tháinig sé ar an tsaoghal.
B'an-chara é do Pheadar Ó Gealacáin, file
Midheach a bhí 'n-a comhnuidhe i Maigh nEalta
ar an taoibh thiar thuaidh de Chonndae na Mídhe.
Rugadh Peadar ins an bhliadhain 1792, agus
bhí sé beó sa bhliadhain 1853, — an t-am ar
'sgríobh sé síos abhráin Mhic Dhomhnaill.
Bhí Mac Domhnaill i mBéalfeirsde ar feadh
tamaill mhaith agus thug sé cuairt ar Thír
Chonaill fosta. Is le linn an Dochtúir Ó
Doinbhir a bheith i n-a easbog bhí sé i mBéal-
feirsde.)



Dubhfhocal a hAon.



I bhflaitheas na naomh sé fréamhadh is hoileadh
mé ar dtús,
A's ar thalamh 'n-a dhiaigh sin réab mé geataí
A's dúin,
Is iomdha sin récsa a théagraidh mise go dlúth,
Gidh shladuigh mé an chléir a's d'éignigheas
cailleacha dubha.



Is iomdha bean bhuadhartha 'mo dhiaigh i gculaidh
cumhaidh,
Nach bhfaca m'éadan le radharca loinneach
a súil;
Gach curadh 'gus laoch a bhí i gcéim a nallód 's
i gcliú,



Rinne mé saidhbhir a's na céadta barún a's diúc
Is iomdha sin réagúin tréan a leag mé ar a
chúl,
Tá mé anois ar mo chéilidhe a's mé tréith-lag
tanaidh faoi smúid,
'S ní fhuil casán dá dtéighim nach é an t-éag mo
chompánach siubhail.
Ba mise chur sgéimh ar mheád a ngaisce 's
a lúth.



Ní chreidim go bráth i reacht na h-eaglaise
nua,
Níor chreid mé do AAron ná thrughadh sagairt
ó thús;
Dá muirbhfinn an Pápa a's dá sárochainn
Solamh le drúis,
Ní chreidim síol Ádhmha go ndearnas peacadh
sa gcúis.



Sin Cogadh.



Dubhfhocal a Dó.



Is giolla beag mé i lámh gach riogh,
Is bím i gcéim ag cléir a's ag saoi.
Bím ar talamh a's ar toinn,
a's ins na spéarthaibh a' méadughadh fuinn.



Is iomdha duine (ar ar) chuir mé stró.
'S ní lia ná m'éachta a' brostughadh gleo,
Gan ceann gan lámh gan cos nó méar,
ithim 's ólaim le mo ladhar.



Tá mé balbh bodhar gan glór,
Is innsighim fíor a's bréag go leor.
Bím 'mo sgraiste cinnte i gcúl,
'S ní cluintear mé le fear gan súil.



Má's mór mo spré, mo chéim 's mo dhúigh,
Tá mé sochtha a's béad go deoidh,
Má's maith le aon bheith in mo dháil,
Cuairtigheadh mé le taobh an fháil.



Ag tabhairt sgéil do'n tsaoghal ó'n bPápa,
Nó ag na bacaigh in a mála.
Ceist ar ollamh a's ar a ngaol,
Cá tá balbh a's chualaidh an sgéal?



Freaga: Cleite (peann).



Dubh-Fhocal a Trí.



Is teachtaire mise shiubhail an saoghal,
Ní fhásann m'fhionnthadh a's tá mé maol,
Bím go cinnte ar lár 'ma luidhe,
'S mé a' scoladh an bhealaigh do gach daoi.



Ní thig le aonduine theacht in mo dhíth,
Ó'n teine go dtí a leabuidh luidhe,
Gidh gurb' iomdha cruit a's bain a's gleann,
Ó thrácht mo chos go dtí mo cheann.



An té choinnigheas mise in a thaoibh,
Ní baoghal dó briseadh ar an dlighe,
Ar muir a's ar tír is mise a sgiath,
Ó ghleann na ndeaor go flaitheas Dé.



Sin ceist fó seacht ar éigse an tsaoghail,
Ca hainm cruitín an chinn mhaoil?



Freagra: Casán



Éamonn Uá Tuathail a sholáthruigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services