Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-fhocla I
Title
Sean-fhocla I
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sean-fhocla. 1. “Cuir síoda ar ghabhar is béidh sé na ghabhar i gcomhnuidhe.” Siopadóir mór do bhí i Leitircheannain agus é ag iarraidh mhná. Chá raibh sé 'na shiopadóir mhór i gcomhnuidhe. Tógadh go bocht é fa'n dtuaith. Ní maith an pór do bhí ann ach oiread. Lucht bruighne agus meisge a mhuintear an chuid is mó aca, gan mhacán- tacht gan mhúnadh. Cuireadh Peadar ar an margadh go luath i n-aimsir a óige le fostadh a dhéanamh agus d'fhosduigh sé cúpla uair ach chan fhanfadh sé 'san áit. Bhí an droch- thabhairt-suas air agus chár mhaith leis leanmhaint do chúram ar bith. B'fhearr leis bheith ag ithe préataí rósta 'sa bhaile ná ag saothrughadh bidh is éadach dó fein ag obair. B'fhearr leis an díomhaointeas agus an t-ocras ná an bhail a b'fhearr a chuirtí air agus go gcaithfeadh sé saothar do ghlacadh. Cuireadh chuig táilliúir é na dhiaidh sin leis an chéird d'fhoghluim ach chár fhan sé ní b'fhuide leis an táilliúir ná d'fhan sé leis an fheirmeóir. D'fhan sé sa bhaile seal eile agus ann sin d'imthigh sé leis agus chár chualathas mórán fá dtaoibh dé ar feadh abhfad. Chas duine ar i nAlbain uair agus paca ar a mhuin agus é 'na mhangaire. Chas duine eile air 'na dhiaidh sin i bhFilidelfia i nAmeriocá agus é gléasta go galánta ar nós Phoncánaigh ach chár thuig an duine goidé an teacht isteach do bhíodh aige nó goidé an céard do bhí is láimh aige. Seal bliadhan tar éis sin tháinig sé i dtír i nÉirinn arís agus é gléasta go talamh le héadaigh síoda agus ornáití óir. Bhí saidhbhreas óir i bhfáinnibh ar a mhéaraibh amháin agus ó shin go dtí a bróga 'tchifeá slabhraí óir agus fáinní óir crochta leis agus búclaí airgid ag trillsiú 'sa' ghréin. An Millúnaidhe tugtaoí air, agus bhí iongantas an domhain ar dhaoinibh nuair cheannuigh sé teach i Leitircheannain. Teach tábhairne fosda do bhí ann agus chuir sé faoi ann. Chá raibh sé ró óg fá'n am seo, ach dubhradh go raibh sé óg go leor le pósadh agus chá raibh sé abhfad ann gur thoisigh sé dho chuartú mná. Ní'l féidhm a rádh go raibh sé doshásta go maith agus ba hiad na cailíní ba bhreaghtha 'sa tír amháin a leagadh sé a shúil ortha. Bhí na cailíní fá'n bhaile mhór ag sgríobadh a chéile mar gheall air ach dheamhan a mhaith do bhí aca ann. Dubhairt sé nár áin leis cailín as an bhaile mhór, mar chonnaic sé barraidheacht dá sórt agus é ar a chois ar fud an domhain agus go mb'fhearr leis cailín soineannda ón tuaith, dá mbeadh a leithéad le fágháil, a d'fhóirfeadh dó. Agus <11> do bhí a leithéid ann agus dheamhan abhfad a bhí sé go bhfuair sé amach í. Inghean fheirmeóra do bhí inntí, .i. i nGormfhlaith Nic a Bháird. Feirmeoir measartha láidir do bhí in a hathair, Pádraig Mac a' Bháird. Chá raibh ach a'n inghin amháin aige agus ní'l gar damh a rádh go raibh sé cúramach go maith fá dtaoibh déithe. Cuireadh ar sgoil í ag na mnáibh riaghalta tamall, leis an oideachas do chríochnú aici, mar deiridís an uair sin, agus chá raibh sgolta na mban riaghalta chomh fairsing an uair sin is tá siad anois, agus ba mhór an mórtas agus an maoidheamh d'fheirmeoir a inghean do bheith ar a leithéid sin de sgoil. Tháinig sí 'na bhaile arís i gcionn cúpla bliadhan agus í áithriste go mór in a hiomchur agus in a cainnt. Nuair d'eirigh sí amach Dia Domhnaigh ní mó ná gur aithin a sean cháirde í agus ní mó 'na gur aithin sise iad, nó leig sí uirthi nár aithin. Chuir Paidí Bhrídhde forán uirthi, ar ndóighe, agus d'fhreag- air sí go múinte é ach sin a raibh ann. Chan amhlaidh do labhradh sí leis sul deachaidh sí ar sgoil. Bhí seandáimh eadar í féin agus Paidí sul ar eirigh sí ró-ghalánta dó. Níorbh fheirmeoir Paidí nó duine dá mhuintir. Saor cloiche do bhí in a athair agus lean seiseann do chéird a athar. Ach ba mhacánta múinte an bhuachaill é, guaillne leathna air agus d'iomchuireadh sé é féin go fearamhail agus go héasgaidh i gcomhnuidhe. Bhíodh sé ar sgoil tamall le Gormfhlaith agus bhíodh sé ar chéilidhthibh léithe agus chasadh sé uirthi ag an teach phobail Dia Domhnaigh nó ar mhargadh i Leitircheannain. Bhíodh siad go suailcmhar agus go báidheamhail le chéile. Sin a raibh ann má tá, agus chá leigfeadh an eagla do Phaidí gabhail níos fuide leis an sgéal. Bhí a fhios aige go maith nach mbeadh Pádraig Mór Mac a Bháird sásta leis mar chliamhain agus bhí eagla air nach mbeadh Gormfhlaith sásta leis mar fhear. Annsin cuireadh ar sgoil í 'sa Chonbhint. Bhí sí na cailín fásta san am, agus chan fhaca Paidí ní ba mhó í go raibh an dá bhliadhain caithte. Nuair chonnaic, bhaigge, níor bfheairrde dó é. Ní rinneadh a dhath agus níor labhradh focal eatortha ach an focal amháin a labhradh ag doras an toighe phobail, acht thuig Paidí go rí-mhaith go raibh athrú inntinne ar Ghormfhlaith agus gur mhéaduigh an bród agus an mórtas uirthi ó d'fhág sí an baile. Ba bhrónach an tuigsint dó é ach cha raibh neart ar agus chuaidh sé 'na bhaile an lá sin agus a chroidhe i sálaibh a mbróg aige. Mar d'órduigh Dia é, nó b'fhéidir gur tugadh cumhacht do'n mhac mallachtain an chúis d'órdú fá'n am sin, ba hí oidhche an lae sin tháinig an Milliúnaidhe go toigh Phádraig Mhóir d'iarraidh a ingne air le n-a pósadh. Má tá chár iarr sé í le pósadh an oidhche sin ar fad; chá dearn sé ach cuairt do thabhairt ar Phádraig, mar dh'eadh, acht thuig gach uile dhuine fáth a thurais. Thuig sé féin é. Thuig Pádraig Mór é. Thuig Gorm- fhlaith é. Thuig na comharsana é. Chaith sé cúpla oidhche eile ar cuairt ann sul ar rinneadh an cleamhnas, ach bhí sé socruidhthe i n-aigne gach duine ó'n chéad oidhche chuir an Milliúnaidhe a chos thar tharsaigh Phádraig Mhóir. Agus bhí sin an chéad uair leag sé súil ar Ghormfhlaith nó gur leag sí súil air. Cleamhnas míonádúrdha do bhí ann nár thaitean le Gormfhlaith go ró-mhaith, ach chuir síoda agus ór an Mhilliúnaidhe dallóg dhraoidheacht ar a súilibh agus ghlac sí leis an chleamhnas. Gheall Pádraig Mór cúpla céad punta spré le Gormfhlaith. Mheasfadh duine go mba cuma le milliúnaidhe fá cúpla céad punta ach ní hamhlaidh do bhí ag mo dhuine. Mhaoidheamh sé a shaidhbhreas féin agus go mbudh cheart do Phádraig díol dá réir. cibé ar bith socruigheadh an cleamhnas agus chuaidh Peadar 'un an tsagairt le cead pósda fhághail. Bhí deifir air adubhairt sé agus budh mhaith leis cead speisialta fhághail agus mhaoidheamh sé go ndíolfadh sé go maith as. Cha dtiubhradh an sagart dó é maseadh: chaithfeadh sgéala fhághail ó'n Oileán Úr, adubh- airt sé, nach raibh sé pósda cheana féin. Ghlac an Milliúnaidhe go holc an rádh sin, ach dubhairt an sagart nach raibh ann ach riaghail na hEaglaise: ní ghlacfadh sé níos mó ná cúpla seachtmhain le freagairt fhagháil ar ais ó'n sagart pharáisde thall. Do shocruigh mo dhuine síos leis sin. Thug seoladh sagairt i bhFiladelfia dó agus cuireadh an pósadh siar seal. Bhí an sgéal mar sin nuair a tháinig Seumus, Mac Suibhne oidhche go toigh Phádraig Mhóir Mhic a' Bháird. Bhí gaol éighinteach eadar é féin agus Pádraig agus iad go muinteardha le chéile. “Cluinim,” arsa Seumus, “go bhfuil cleamhnas ar cois eadar Gormfhlaith s'agat-sa agus an Milliúnaidhe?” “Ní maith an mhaise duitse, a Sheumais leasainm do thabhairt ar dhuine uasal a bhfuil mise ar tí m'inghean do thabhairt dó mar mhnaoi, agus is iongantach liom go ndéanfá a leithéid.” Labhair sé seo go searbh le Seumas. “Duine uasal, mar dheadh!” arsa Seumus go droth-mhúinteach. “Nach bhfuil aithne mhaith agam air féin agus ar an bhunadh ó a dtáinig sé. Droch-phór atá ann, agus dá mbeadh inghean agamsa cha dtiubhrainn do mhac a athar í.” “Dá mbeadh fiche inghean agat, cha n-iarrfadh sé ceann aca agus is iomarcach an rud duitse a leithéid a rádh leis. Cibé ar bith mar bhí a athair tá Peadar na dhuine uasal, rud nach bhfuil tusa, agus do theanga nimhneach.” “Cuir síoda ar ghabhar is béidh sé na ghabhar i gcomhnuidhe. Tá an droch-phór agus an droch-bhraon ann, siúd is go bhfuil sé crochta anuas le hór. Béidh aithreachas ortsa má phósann Gormfhlaith é. Casadh orm fear n-aonach na Brocaidhe an lá fá dheireadh a raibh aithne aige air i nAlbain agus dubhairt sé go raibh bean phósda aige annsin. B'fhéidir go bhfuil bean phósda aige i n-áit éighinteach go fóill.” “Is droch mhúinte an rud duit a leithéid a rádh, go bpósfadh sé m'inghean-sa agus bean eile aige. Chan éistfidh mé níos mó leat agus má's é sin do ghnó liomsa fág mo theach anois.” “Fágfaidh agus fáilte, má ghlacann tú mar sin é” agus gan focal eile d'imthigh Seumas amach ar an doras. “Na diabhlaidhtheoirí!” arsa Pádraig leis féin, agus é ar buile, “cuireann siad amach ráflaí mar sin ar dhuine ar bith a d'eirigh sa tsaoghal agus nach luigheann sa' chlábar leobhtha féin,” ach nuair tháinig sé chuige féin ar ball chuir an sgéal imnidhe air. Ach char innis sé focal de do Ghormfhlaith ar eagla go gcuirfeadh sé samhnas uirthí leis an chleamhnas. Bhí boi-theach le tógáil ag Seumus Mac Suibhne agus bhuail sé isteach i dtoigh an tsaoir cloiche. Bhí an oiread feirge air is bhí ar Phádraig Mhór, agus thoisigh sé ag cur dá ghoile. Ní fada go raibh an sgéal uilig ag Paidí Bhrighde, agus chan fhuil féidhm a rádh gur chuir sé suim ann. “An bhfuil fhios agat?” adeir sé le Seumus, “ca'n áit a raibh an Milliúnaidhe 'na chomhnuidhe i nAlbain nuair bhí sé ann sin?” “Chan fhuil fhios agam i gceart ach go mbíodh sé ag mangaireacht fá Dúndaoi i n-oirthear Alban. An fear a raibh mise ag cainnt leis chá raibh aithne ró-mhaith aige air ach chuala sé go raibh sé 'na fhear-phósda. Chan fhaca sé an bhean agus chá raibh sé in a thoigh ariamh.” Chá rachadh Paidí Bhrídhge le Seumas dho thógáil an bhoi-thighe, téidheadh a athair. Bhí sé a smuaineadh ar imtheacht as baile tamall, rud do chuir iongantas ar a athair. Cúpla lá na dhiaidh sin shiúbhail sé isteach 'un tsean-shagairt i nDúndaoi i nAlbain, agus d'innis dó, gan murab 'é 'sa sgéul, fáth a thurais. “Bhí aithne agam ar a leithéid,” arsan sagart, nuair d'innis Paidí dó ce'n cineál duine an Milliúnaidhe, “agus má's é an duine ceudna é bhí sé pósda ar chailín nach dearn mórán maithe dó annso nó éisean déithe. Ba chailín í do bhíodh ag obair i muileann cnáibe sul ar pósadh í. Tar éis a pósda chuir sí spéis 'sa bhraoin, agus ní maith a tháinig sí féin agus an mangaire le chéile,” chuala mé. Chá raibh aithne ag an sagart uirthi, óir níor thuig sé gur Catoiliceach í. Fá dheireadh d'imithigh an mangaire leis agus chuala sé gur fhág sé an bhean in a dhéidh. Níl fhios aige an bhfuil sí beo go fóill ach is dóigh leis go bhfuil. Níor mhór an ais do bhí uirthi nuair pósadh í. Is dóighthe go bhfuil sí ag obair i monachra arís ór sin do bhí de chéird aici. Níorbh fhuras í a fhághail, b'éidir, ach bhí fear tuigseanach a raibh teach lóisdín aige in a leithéid seo d'áit agus má bhí sí ós cionn talmhan gheobhaidh an fear sin eolas uirthi, agus mar sin. D'imthigh Paidí agus trí lá na dhéidh san tugadh é go dtí an teach in a raibh bean Pheadair agus bhí comhrádh fada aige léithe. Tháinig sé 'na bhaile i gcionn seachtmhaine agus char innis a dhath dár eirigh dhó d'aonduine. Mheas daoine gur ar shiúbhal ag cuartú oibre do bhí sé agus nár eirigh leis agus char chuir siad suim fán cheist ní ba mhó. Tháinig litir ó'n tsagart san Oileán Úr. Dubhairt go raibh duine do leithéid an Mhilliúnaidhe 'n-a chomhnuidhe in a pharáisde ar feadh tamaill: nach raibh aithne ró-mhaith aige air: nach ró-mhaith an tuairisg fuair sé air ach oiread: ach nár chuala sé riamh go raibh bean phósda aige. Bhí an sagart 'sa' bhaile sásta leis sin agus thug cead pósda do Pheadar. Socruigheadh an pósadh do bheith ann lá éigin agus chuaidh Gormfhlaith agus a muinntir 'un an toigh phobail agus lean an Milliúnaidhe agus buidhean dá chuid féin iad. Chuaidh sé do mharcuigheacht ar chóisde ceithre capall, siúd is nach raibh ach fá thuairim leath- mhíle siubhail air 'un an teampuill. Bhí a lán daoine i láthair d'fheiceáil an phósta agus an bhean Albanach chomh maith le duine. Shuidh sí go socair ar leathtaoibh go dtáinig an sagart amach ar an altóír le hiad do phósadh. Annsin d'éirigh sí agus teine ina súilibh. “Gabhaim maitheamhnas,” arsa sí i gcanmhain Bhéarla Alban, “is liomsa an fear seo.”. Baineadh preab as a raibh i láthair Baineadh preab as an tsagart féin. “Goidé sin adeir tú, a bhean chóir?” ar seisean agus mheas sé gur bhean í a bhí éadtrom in a ceann. “Is liomsa an fear seo a bhfuil tú ar tí pósadh. Is é m'fhear pósda féin é. Tháinig mé fá n-a dhéin agus amharc an lúthgháir atá air romham,” agus shín sí a méar i dtro Pheadair. D'amharc an sagart agus d'amharc gach uile dhuine 'sa treo ceudna. Chá raibh measc ann ach é na sheasamh ar nós deilbhe i lár an urláir agus gan braon fola ina chorp, shílfeá, bhí sé comh bán sin. Thuig an sagart ó'n bhomaite sin go raibh an fhírinne ag an mhnaoi, ach cheisnigh sé arís í. “Is trom, tairbheach an rud atá tú a chur i leith an duine seo, a bhean? An bhfuil cruthú ar bith agat ar do sgéal?” “Tá gach uile chruthú,” ar sí, agus tharraing sí páipéar gorm as a brollach, agus do shín chuig an tsagart é. D'amharc seisean siar air. “Tá cuma ar seo, go bhfuil sé i gceart,” ar sé: “A Pheadair, an fíor an méid adeir an bhean seo?” “Is fíor faraoir!” arsa Peadar, go briste. “Maiseadh! Imthigh léithe agus fág an teach seo, a dhuine mhíofhortúnaigh. Hobair duit coir uathbhásach do chríochnú agus coir do chuirfeadh thú féin faoi ghlas chomh maith.” “Chan imthigheann sé as an áit seo,” arsa Pádraig Mór, ag teacht 'un tosaigh agus cruth thairbh fhiadháin air, “go mbainfidh mise sásamh as ar son m'ingne do mhaslú, agus sgannail agus dí mheas do thabhairt anuas uirthi.” Léim an sagart amach roimh Phádraig. “Cosgaim ort, i n-ainm Dé agus Mhuire, bruighin dho thógáil san áit bheannuighthe seo. Cosgaim ort fosda méar do leagan ar an duine dona sin i n-áit ar bith. Tá an t-ádh ort féin agus ar t-inghin nach deachaidh an gnó níos fuide. Agus cogar in do chluais, a Phádraig! Chan fhuil tú fein saor ó locht ins an chás. Gabh 'na bhaile agus sgrúdaigh do chongubhas agus bíodh ciall níos fearr agat uair eile. Agus tusa, a chailín óig!” ar sé le Gormfhlaith, “tá brón orm ar do shon-sa. Tá tú óg soineannda agus ní fheudfá cleasaidheacht an tsaoghail do thuig- bheáil. Tuillean an fear do mheall thú smachtú éigin agus is dóigh liom go bhfuighbhe sé sin. Fágamaois faoi Dhia é — agus faoi na mhnaoi. Ní dhéarfainn,” ar seisean agus bhris meanga gáire air “ná go mbainfear cúitiughadh as ar an tsaoghal seo féin.” Sgaip an sluagh. D'imthigh an Milliúnaidhe agus a bhean ar thraen an tráthnóna sin agus chan facthas iad i Leitircheannain ó shoin. Thiomáin Pádraig Mór leis 'na bhaile agus Gormfhlaith leis ar an charr. Chá raibh méid circe inntí an chréatúir bhocht! Bhí sé bliadhanta in dhéidh sin sul ar thóg sí a ceann. Ach fuair Paidí Bhríghde aiméar ar labhairt léithe anois agus arís agus pósadh iad 'sa' deireadh. Chá raibh Pádraig Mór sásta leis an chleamhnas agus chá dtug sé pighinn ruadh mar spé dá inghin. Ba chuma le Paidí: buachaill miotalach aigeantach do bhí ann, lean sé dá chéird, d'eirigh leis go maith agus tá sé ag teach i dtír fá láthair níos láidre na Pádraig Mór féin. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services