Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocla I

Title
Sean-fhocla I
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sean-fhocla.



1.



“Cuir síoda ar ghabhar is béidh sé na
ghabhar i gcomhnuidhe.”



Siopadóir mór do bhí i Leitircheannain
agus é ag iarraidh mhná. Chá raibh sé 'na
shiopadóir mhór i gcomhnuidhe. Tógadh go bocht
é fa'n dtuaith. Ní maith an pór do bhí ann ach
oiread. Lucht bruighne agus meisge a
mhuintear an chuid is mó aca, gan mhacán-
tacht gan mhúnadh. Cuireadh Peadar ar an
margadh go luath i n-aimsir a óige le
fostadh a dhéanamh agus d'fhosduigh sé cúpla
uair ach chan fhanfadh sé 'san áit. Bhí an droch-
thabhairt-suas air agus chár mhaith leis
leanmhaint do chúram ar bith. B'fhearr leis
bheith ag ithe préataí rósta 'sa bhaile ná ag
saothrughadh bidh is éadach dó fein ag obair.
B'fhearr leis an díomhaointeas agus an
t-ocras ná an bhail a b'fhearr a chuirtí air
agus go gcaithfeadh sé saothar do ghlacadh.
Cuireadh chuig táilliúir é na dhiaidh sin leis
an chéird d'fhoghluim ach chár fhan sé ní b'fhuide
leis an táilliúir ná d'fhan sé leis an
fheirmeóir. D'fhan sé sa bhaile seal eile
agus ann sin d'imthigh sé leis agus chár
chualathas mórán fá dtaoibh dé ar feadh
abhfad.



Chas duine ar i nAlbain uair agus
paca ar a mhuin agus é 'na mhangaire. Chas
duine eile air 'na dhiaidh sin i bhFilidelfia
i nAmeriocá agus é gléasta go galánta
ar nós Phoncánaigh ach chár thuig an duine goidé
an teacht isteach do bhíodh aige nó goidé an
céard do bhí is láimh aige. Seal bliadhan
tar éis sin tháinig sé i dtír i nÉirinn arís
agus é gléasta go talamh le héadaigh síoda
agus ornáití óir. Bhí saidhbhreas óir i bhfáinnibh
ar a mhéaraibh amháin agus ó shin go dtí a
bróga 'tchifeá slabhraí óir agus fáinní óir
crochta leis agus búclaí airgid ag trillsiú
'sa' ghréin. An Millúnaidhe tugtaoí air,
agus bhí iongantas an domhain ar dhaoinibh
nuair cheannuigh sé teach i Leitircheannain.
Teach tábhairne fosda do bhí ann agus chuir
sé faoi ann. Chá raibh sé ró óg fá'n am seo,
ach dubhradh go raibh sé óg go leor le pósadh
agus chá raibh sé abhfad ann gur thoisigh sé
dho chuartú mná. Ní'l féidhm a rádh go raibh sé
doshásta go maith agus ba hiad na cailíní ba
bhreaghtha 'sa tír amháin a leagadh sé a shúil
ortha. Bhí na cailíní fá'n bhaile mhór ag
sgríobadh a chéile mar gheall air ach dheamhan a
mhaith do bhí aca ann. Dubhairt sé nár áin
leis cailín as an bhaile mhór, mar chonnaic sé
barraidheacht dá sórt agus é ar a chois ar
fud an domhain agus go mb'fhearr leis
cailín soineannda ón tuaith, dá mbeadh a
leithéad le fágháil, a d'fhóirfeadh dó. Agus
<11>
do bhí a leithéid ann agus dheamhan abhfad a
bhí sé go bhfuair sé amach í.



Inghean fheirmeóra do bhí inntí, .i. i
nGormfhlaith Nic a Bháird. Feirmeoir
measartha láidir do bhí in a hathair, Pádraig
Mac a' Bháird. Chá raibh ach a'n inghin amháin
aige agus ní'l gar damh a rádh go raibh sé
cúramach go maith fá dtaoibh déithe. Cuireadh
ar sgoil í ag na mnáibh riaghalta tamall,
leis an oideachas do chríochnú aici, mar deiridís
an uair sin, agus chá raibh sgolta na mban
riaghalta chomh fairsing an uair sin is tá
siad anois, agus ba mhór an mórtas agus
an maoidheamh d'fheirmeoir a inghean do
bheith ar a leithéid sin de sgoil.



Tháinig sí 'na bhaile arís i gcionn cúpla
bliadhan agus í áithriste go mór in a hiomchur
agus in a cainnt. Nuair d'eirigh sí amach
Dia Domhnaigh ní mó ná gur aithin a sean
cháirde í agus ní mó 'na gur aithin sise iad,
nó leig sí uirthi nár aithin. Chuir Paidí
Bhrídhde forán uirthi, ar ndóighe, agus d'fhreag-
air sí go múinte é ach sin a raibh ann. Chan
amhlaidh do labhradh sí leis sul deachaidh sí
ar sgoil. Bhí seandáimh eadar í féin agus
Paidí sul ar eirigh sí ró-ghalánta dó. Níorbh
fheirmeoir Paidí nó duine dá mhuintir.
Saor cloiche do bhí in a athair agus lean
seiseann do chéird a athar. Ach ba mhacánta
múinte an bhuachaill é, guaillne leathna air
agus d'iomchuireadh sé é féin go fearamhail
agus go héasgaidh i gcomhnuidhe. Bhíodh sé
ar sgoil tamall le Gormfhlaith agus bhíodh
sé ar chéilidhthibh léithe agus chasadh sé uirthi
ag an teach phobail Dia Domhnaigh nó ar
mhargadh i Leitircheannain. Bhíodh siad go
suailcmhar agus go báidheamhail le chéile.
Sin a raibh ann má tá, agus chá leigfeadh
an eagla do Phaidí gabhail níos fuide leis an
sgéal. Bhí a fhios aige go maith nach mbeadh
Pádraig Mór Mac a Bháird sásta leis
mar chliamhain agus bhí eagla air nach mbeadh
Gormfhlaith sásta leis mar fhear. Annsin
cuireadh ar sgoil í 'sa Chonbhint. Bhí sí na
cailín fásta san am, agus chan fhaca Paidí
ní ba mhó í go raibh an dá bhliadhain caithte.
Nuair chonnaic, bhaigge, níor bfheairrde dó
é. Ní rinneadh a dhath agus níor labhradh
focal eatortha ach an focal amháin a labhradh
ag doras an toighe phobail, acht thuig Paidí
go rí-mhaith go raibh athrú inntinne ar
Ghormfhlaith agus gur mhéaduigh an bród
agus an mórtas uirthi ó d'fhág sí an baile.
Ba bhrónach an tuigsint dó é ach cha raibh
neart ar agus chuaidh sé 'na bhaile an lá sin
agus a chroidhe i sálaibh a mbróg aige.



Mar d'órduigh Dia é, nó b'fhéidir gur
tugadh cumhacht do'n mhac mallachtain an
chúis d'órdú fá'n am sin, ba hí oidhche an
lae sin tháinig an Milliúnaidhe go toigh
Phádraig Mhóir d'iarraidh a ingne air le
n-a pósadh. Má tá chár iarr sé í le pósadh
an oidhche sin ar fad; chá dearn sé ach cuairt
do thabhairt ar Phádraig, mar dh'eadh, acht
thuig gach uile dhuine fáth a thurais. Thuig sé
féin é. Thuig Pádraig Mór é. Thuig Gorm-
fhlaith é. Thuig na comharsana é. Chaith sé
cúpla oidhche eile ar cuairt ann sul ar
rinneadh an cleamhnas, ach bhí sé socruidhthe
i n-aigne gach duine ó'n chéad oidhche chuir an
Milliúnaidhe a chos thar tharsaigh Phádraig
Mhóir. Agus bhí sin an chéad uair leag sé
súil ar Ghormfhlaith nó gur leag sí súil air.
Cleamhnas míonádúrdha do bhí ann nár
thaitean le Gormfhlaith go ró-mhaith, ach
chuir síoda agus ór an Mhilliúnaidhe dallóg
dhraoidheacht ar a súilibh agus ghlac sí leis an
chleamhnas.



Gheall Pádraig Mór cúpla céad punta
spré le Gormfhlaith. Mheasfadh duine go
mba cuma le milliúnaidhe fá cúpla céad
punta ach ní hamhlaidh do bhí ag mo dhuine.
Mhaoidheamh sé a shaidhbhreas féin agus go
mbudh cheart do Phádraig díol dá réir.
cibé ar bith socruigheadh an cleamhnas agus
chuaidh Peadar 'un an tsagairt le cead
pósda fhághail. Bhí deifir air adubhairt sé
agus budh mhaith leis cead speisialta fhághail
agus mhaoidheamh sé go ndíolfadh sé go maith
as. Cha dtiubhradh an sagart dó é maseadh:
chaithfeadh sgéala fhághail ó'n Oileán Úr, adubh-
airt sé, nach raibh sé pósda cheana féin.
Ghlac an Milliúnaidhe go holc an rádh sin,
ach dubhairt an sagart nach raibh ann ach riaghail
na hEaglaise: ní ghlacfadh sé níos mó ná
cúpla seachtmhain le freagairt fhagháil ar ais
ó'n sagart pharáisde thall. Do shocruigh mo
dhuine síos leis sin. Thug seoladh sagairt
i bhFiladelfia dó agus cuireadh an pósadh
siar seal.



Bhí an sgéal mar sin nuair a tháinig Seumus,
Mac Suibhne oidhche go toigh Phádraig Mhóir
Mhic a' Bháird. Bhí gaol éighinteach eadar é
féin agus Pádraig agus iad go muinteardha
le chéile.



“Cluinim,” arsa Seumus, “go bhfuil
cleamhnas ar cois eadar Gormfhlaith s'agat-sa
agus an Milliúnaidhe?”



“Ní maith an mhaise duitse, a Sheumais
leasainm do thabhairt ar dhuine uasal a bhfuil
mise ar tí m'inghean do thabhairt dó mar
mhnaoi, agus is iongantach liom go ndéanfá
a leithéid.” Labhair sé seo go searbh le
Seumas.



“Duine uasal, mar dheadh!” arsa
Seumus go droth-mhúinteach. “Nach bhfuil
aithne mhaith agam air féin agus ar an bhunadh
ó a dtáinig sé. Droch-phór atá ann, agus
dá mbeadh inghean agamsa cha dtiubhrainn
do mhac a athar í.”



“Dá mbeadh fiche inghean agat, cha n-iarrfadh
sé ceann aca agus is iomarcach an rud duitse
a leithéid a rádh leis. Cibé ar bith mar bhí
a athair tá Peadar na dhuine uasal, rud nach
bhfuil tusa, agus do theanga nimhneach.”



“Cuir síoda ar ghabhar is béidh sé na ghabhar
i gcomhnuidhe. Tá an droch-phór agus an
droch-bhraon ann, siúd is go bhfuil sé crochta
anuas le hór. Béidh aithreachas ortsa má
phósann Gormfhlaith é. Casadh orm fear
n-aonach na Brocaidhe an lá fá dheireadh a
raibh aithne aige air i nAlbain agus dubhairt
sé go raibh bean phósda aige annsin.
B'fhéidir go bhfuil bean phósda aige i n-áit
éighinteach go fóill.”



“Is droch mhúinte an rud duit a leithéid
a rádh, go bpósfadh sé m'inghean-sa agus bean
eile aige. Chan éistfidh mé níos mó leat agus
má's é sin do ghnó liomsa fág mo theach anois.”



“Fágfaidh agus fáilte, má ghlacann tú
mar sin é” agus gan focal eile d'imthigh
Seumas amach ar an doras.



“Na diabhlaidhtheoirí!” arsa Pádraig leis
féin, agus é ar buile, “cuireann siad amach
ráflaí mar sin ar dhuine ar bith a d'eirigh
sa tsaoghal agus nach luigheann sa' chlábar
leobhtha féin,” ach nuair tháinig sé chuige féin
ar ball chuir an sgéal imnidhe air. Ach char
innis sé focal de do Ghormfhlaith ar eagla go
gcuirfeadh sé samhnas uirthí leis an chleamhnas.



Bhí boi-theach le tógáil ag Seumus Mac
Suibhne agus bhuail sé isteach i dtoigh an
tsaoir cloiche. Bhí an oiread feirge air is
bhí ar Phádraig Mhór, agus thoisigh sé ag cur
dá ghoile. Ní fada go raibh an sgéal uilig
ag Paidí Bhrighde, agus chan fhuil féidhm a rádh
gur chuir sé suim ann.



“An bhfuil fhios agat?” adeir sé le
Seumus, “ca'n áit a raibh an Milliúnaidhe 'na
chomhnuidhe i nAlbain nuair bhí sé ann sin?”



“Chan fhuil fhios agam i gceart ach go
mbíodh sé ag mangaireacht fá Dúndaoi i
n-oirthear Alban. An fear a raibh mise ag
cainnt leis chá raibh aithne ró-mhaith aige air
ach chuala sé go raibh sé 'na fhear-phósda.
Chan fhaca sé an bhean agus chá raibh sé in a
thoigh ariamh.”



Chá rachadh Paidí Bhrídhge le Seumas dho
thógáil an bhoi-thighe, téidheadh a athair. Bhí
sé a smuaineadh ar imtheacht as baile tamall,
rud do chuir iongantas ar a athair.



Cúpla lá na dhiaidh sin shiúbhail sé isteach 'un
tsean-shagairt i nDúndaoi i nAlbain, agus
d'innis dó, gan murab 'é 'sa sgéul, fáth
a thurais.



“Bhí aithne agam ar a leithéid,” arsan
sagart, nuair d'innis Paidí dó ce'n cineál
duine an Milliúnaidhe, “agus má's é an
duine ceudna é bhí sé pósda ar chailín nach
dearn mórán maithe dó annso nó éisean
déithe. Ba chailín í do bhíodh ag obair i
muileann cnáibe sul ar pósadh í. Tar éis
a pósda chuir sí spéis 'sa bhraoin, agus ní
maith a tháinig sí féin agus an mangaire le
chéile,” chuala mé. Chá raibh aithne ag an
sagart uirthi, óir níor thuig sé gur Catoiliceach
í. Fá dheireadh d'imithigh an mangaire leis
agus chuala sé gur fhág sé an bhean in a dhéidh.



Níl fhios aige an bhfuil sí beo go fóill ach is
dóigh leis go bhfuil. Níor mhór an ais do bhí
uirthi nuair pósadh í. Is dóighthe go bhfuil
sí ag obair i monachra arís ór sin do bhí de
chéird aici. Níorbh fhuras í a fhághail, b'éidir,
ach bhí fear tuigseanach a raibh teach lóisdín aige
in a leithéid seo d'áit agus má bhí sí ós cionn
talmhan gheobhaidh an fear sin eolas uirthi, agus
mar sin.



D'imthigh Paidí agus trí lá na dhéidh san
tugadh é go dtí an teach in a raibh bean
Pheadair agus bhí comhrádh fada aige léithe.
Tháinig sé 'na bhaile i gcionn seachtmhaine
agus char innis a dhath dár eirigh dhó d'aonduine.
Mheas daoine gur ar shiúbhal ag cuartú oibre
do bhí sé agus nár eirigh leis agus char chuir
siad suim fán cheist ní ba mhó.



Tháinig litir ó'n tsagart san Oileán Úr.
Dubhairt go raibh duine do leithéid an
Mhilliúnaidhe 'n-a chomhnuidhe in a pharáisde
ar feadh tamaill: nach raibh aithne ró-mhaith
aige air: nach ró-mhaith an tuairisg fuair sé
air ach oiread: ach nár chuala sé riamh go
raibh bean phósda aige. Bhí an sagart 'sa'
bhaile sásta leis sin agus thug cead pósda
do Pheadar. Socruigheadh an pósadh do bheith
ann lá éigin agus chuaidh Gormfhlaith agus a
muinntir 'un an toigh phobail agus lean an
Milliúnaidhe agus buidhean dá chuid féin iad.
Chuaidh sé do mharcuigheacht ar chóisde ceithre
capall, siúd is nach raibh ach fá thuairim leath-
mhíle siubhail air 'un an teampuill. Bhí a
lán daoine i láthair d'fheiceáil an phósta
agus an bhean Albanach chomh maith le duine.
Shuidh sí go socair ar leathtaoibh go dtáinig
an sagart amach ar an altóír le hiad do
phósadh. Annsin d'éirigh sí agus teine ina
súilibh. “Gabhaim maitheamhnas,” arsa sí i
gcanmhain Bhéarla Alban, “is liomsa an fear
seo.”. Baineadh preab as a raibh i láthair
Baineadh preab as an tsagart féin. “Goidé
sin adeir tú, a bhean chóir?” ar seisean agus
mheas sé gur bhean í a bhí éadtrom in a ceann.
“Is liomsa an fear seo a bhfuil tú ar tí
pósadh. Is é m'fhear pósda féin é. Tháinig
mé fá n-a dhéin agus amharc an lúthgháir atá
air romham,” agus shín sí a méar i dtro
Pheadair. D'amharc an sagart agus
d'amharc gach uile dhuine 'sa treo ceudna.
Chá raibh measc ann ach é na sheasamh ar nós
deilbhe i lár an urláir agus gan braon fola
ina chorp, shílfeá, bhí sé comh bán sin. Thuig
an sagart ó'n bhomaite sin go raibh an
fhírinne ag an mhnaoi, ach cheisnigh sé arís í.
“Is trom, tairbheach an rud atá tú a chur
i leith an duine seo, a bhean? An bhfuil
cruthú ar bith agat ar do sgéal?”



“Tá gach uile chruthú,” ar sí, agus
tharraing sí páipéar gorm as a brollach, agus
do shín chuig an tsagart é. D'amharc seisean
siar air. “Tá cuma ar seo, go bhfuil sé i
gceart,” ar sé: “A Pheadair, an fíor an
méid adeir an bhean seo?”



“Is fíor faraoir!” arsa Peadar, go
briste.



“Maiseadh! Imthigh léithe agus fág an teach
seo, a dhuine mhíofhortúnaigh. Hobair duit
coir uathbhásach do chríochnú agus coir do
chuirfeadh thú féin faoi ghlas chomh maith.”



“Chan imthigheann sé as an áit seo,” arsa
Pádraig Mór, ag teacht 'un tosaigh agus
cruth thairbh fhiadháin air, “go mbainfidh mise
sásamh as ar son m'ingne do mhaslú, agus
sgannail agus dí mheas do thabhairt anuas
uirthi.”



Léim an sagart amach roimh Phádraig.
“Cosgaim ort, i n-ainm Dé agus Mhuire,
bruighin dho thógáil san áit bheannuighthe seo.
Cosgaim ort fosda méar do leagan ar an
duine dona sin i n-áit ar bith. Tá an t-ádh
ort féin agus ar t-inghin nach deachaidh an
gnó níos fuide. Agus cogar in do chluais,
a Phádraig! Chan fhuil tú fein saor ó locht
ins an chás. Gabh 'na bhaile agus sgrúdaigh do
chongubhas agus bíodh ciall níos fearr agat
uair eile. Agus tusa, a chailín óig!”
ar sé le Gormfhlaith, “tá brón orm ar do
shon-sa. Tá tú óg soineannda agus ní
fheudfá cleasaidheacht an tsaoghail do thuig-
bheáil. Tuillean an fear do mheall thú
smachtú éigin agus is dóigh liom go bhfuighbhe
sé sin. Fágamaois faoi Dhia é — agus faoi
na mhnaoi. Ní dhéarfainn,” ar seisean agus
bhris meanga gáire air “ná go mbainfear
cúitiughadh as ar an tsaoghal seo féin.”



Sgaip an sluagh. D'imthigh an Milliúnaidhe
agus a bhean ar thraen an tráthnóna sin agus
chan facthas iad i Leitircheannain ó shoin.
Thiomáin Pádraig Mór leis 'na bhaile agus
Gormfhlaith leis ar an charr. Chá raibh méid
circe inntí an chréatúir bhocht! Bhí sé
bliadhanta in dhéidh sin sul ar thóg sí a ceann.
Ach fuair Paidí Bhríghde aiméar ar labhairt
léithe anois agus arís agus pósadh iad 'sa'
deireadh. Chá raibh Pádraig Mór sásta leis
an chleamhnas agus chá dtug sé pighinn ruadh
mar spé dá inghin. Ba chuma le Paidí:
buachaill miotalach aigeantach do bhí ann,
lean sé dá chéird, d'eirigh leis go maith agus
tá sé ag teach i dtír fá láthair níos láidre
na Pádraig Mór féin.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services