Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mháthair
Title
An Mháthair
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Mháthair. Do bhí comhluadar ban ag sníomhadh bréidín i dtigh Bhairbre an Droichid oidhche árnéain. Badh cheol leat bheith ag éisteacht leo agus a nglórtha ag déanamh comh-bhinnis le dordán na dtúirní, mar bhíos glór an tseansúir le crónán na ndos. Do cluineadh an sgread. An naoidheanán do labhair trí n-a chodladh. “Droch-rud a ghabh thar an doras,” arsa Bairbre. “Eirigh, a Mháire, agus bog an cliabhán.” D'éirigh an bhean ar labhruigheadh léithi. Do bhí sí ina suidhe ar an urlár go dtí sin, ag cárdáil. Do chuaidh sí anonn go dtí an cliabhán. Do bhí an naidheanán ina lándúiseacht roimpi, agus é ag coineachán go truaighmhéileach. D'ísligh Máire ar a glúnaibh le hais an chliabháin. Chomh luath agus do chonnaic an leanbh a haghaidh do stad sé de'n chaoineachán. Aghaidh fhada fhíor- ghreannta do bhí uirthi, mala mhín leathain, gruag dhubh agus í casta ina triopallaibh fada fá n-a cheann, agus dhá shúil ghlasa aici do dhearcfadh go mall maordha agus go buaidheartha brónach ort. Do bhí sé de bhuaidh ag Máire go gceannsuightí leanbh crosta nó go gcodluigheadh leanbh breoidhte le féachaint ar an aghaidh mhín mhánla úd aici agus ar na súilibh glasa grádhmhara úd aici. Do thosnuigh Máire ag gabháil Crónáin na Banaltra de ghlór íseal. Do stad na mná eile den chomhrádh ionnus go n-éistfidís léithi. Ba ghearr go raibh an naoidheanán ina thoirchim shuain. D'éirigh Máire agus do chuaidh ar ais go dtí an áit ina raibh sí ina suidhe cheana. Do thosnuigh uirthi ag cárdáil arís. “Go raibh maith agat, a Mháire,” arsa Bairbre. “Níl iongantas ar bith acht an chaoi a bhfuil tú i n-ann na páistí a chur a chodladh. Cé gur liom fein an t-oighre óg sin, bheinn uair a' chluig leis shul 'á gcodlóchadh sé dom.” “Tá draoidheacht ag Máire,” arsa bean eile. “Is geal le ceoltóiríbh Mheidhbhe é a chuireadh sluagh fear a chodladh nuair a ghabhaidís a suantraighe,” adeir sean-Úna Ní Fhiannachta. “Nach breagh uaithi Crónán na Banaltra a rádh?” arsa an dara bean. “M'anam go gceapá gurab í an Mhaighdean féin, bheadh 'ghá rádh,” arsa sean- Úna. “Meas tú an fíor, a Úna, gurab í an Mhaighdeán Bheannuighthe (moladh go deo léi) a rinne an t-amhrán sin?” arsa Bairbre. “Tá a fhios agam gur fíor. Nach leis an gcrónán sin a chuireadh sí Mac Dé (míle glóir len'ainm) a chodladh nuair a bhí ina naoidheanán?” “Agus cia an chaoi a mbeadh sé ag na daoinibh anois, mar sin?” arsa Bairbre. “A theacht anuas ó shinnsear go sinnsear, is dóigh, mar tháinig na sgéalta Fiannaidh- eachta,” adeir bean de na mnáibh. “Ní headh, a mh'anam,” arsa sean-Úna. “Na daoine a chuala an t-amhrán ó héal na Maighdine féin annso sa taoibh tíre seo ní i bhfad ó shoin.” “Acht cia an chaoi a bhféadfadh siad é chloisteál?” “Nach bhfuil a fhios ag an saoghal go dtéigheann an Mhaighdean ghlórmhar thart thimcheall na mbailte 'ch uile Oidhche Nodlag, í fein agus a Leanbh?” “Chuala mé na daoine a rádh go dtéigh- eann.” “Agus nach bhfuil a fhios agat, má fhágtar an doras ar osgailt agus coinneall ar lasadh sa bhfuinneoig, go dtiocfaidh an Mhaighdean agus a Leanbh isteach sa teach agus go suidhfidh siad le n-a sgíth a leigeann?” “M'anam go gcuala mé é sin freisin.” “Bean i ndúthaigh Sheoighe a d'fhan ina suidhe Oidhche Nodlag leis an Maighdean fheiceál a chuala an t-amhrán uaithi de'n chéad uair agus a mhúin do'n tír é. Is minic a chuala mé iomrádh fúithi nuair bhí mé i mo ghearrchaille. Máire na Maighdine a tugtaoi uirthi. Deirtear gur minic chonaic sé an Mhaighdean Ghlórmhar. Cailleadh i dTeach na mBocht i nUachtar Árd í cúpla bliadhain sul ar pósadh mise. Beannacht Dé le hanmna- chaibh na marbh.” “Amén, a Thighearna.” adeir na mná eile. Acht níor labhair Máire. Do bhí sí agus a dhá shúil mhóra ghlasa ag dul mar adéarfá trí éadan shean-Úna, agus í ag innsint an sgéil. Do labhair sí tar éis tamaill. “Bhfuil tú cinnte, a Úna, go dtagann an Mhaighdean agus a Leanbh isteach ins na tighthibh Oidhche Nodlag?” ar sise. “Comh cinnte is atá mé beo.” “An bhfaca tusa riamh í?” “Ní fhacas, muis'. Acht an Oidhche Nodlag tar éis ar pósadh mé d'fhan mé im' shuidhe le í fheiceál, dá ngeallfaidhe dom é. Thuit néall codalta orm. Dhúisigh torann eicínt mé agus ar osgailt mo shúl dom b'fhacthas dom go bhfaca mé mar bheadh bean óg agus naoidheanán ina hucht ag gluaiseacht amach an doras.” Níor labhair aon duine ar feadh i bhfad. Níor cluineadh sa teach acht dordán na dtuirní agus pléasgadh na teine agus ceileabhar na gcriogar. D'éirigh Máire. “Beidh mé ag giorradh an bhóthair,” ar sise “go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhíbh, a mhná.” “Go luathaidh Dia leat, a Mháire,” d'fheagradar san le chéile. Thug sí an doras amach uirthi féin. Do bhí mar do bheadh caor theine i gcroidhe na mná úd agus í ag dul an bóthar a bhaile fá dhorchadas na hoidhche. Mór-mhian a hanma do bhí 'gá creachadh agus 'gá losgadh le fada .i. mian cloinne. Do bhí sí pósta le ceithre bliadhnaibh, acht ní raibh aon chlann aici. Is minic do chaitheadh sí na huaireannta ar a glúnaibh ag guidhe Dé leanbh do chur chuici. Is minic d'éirigheadh sí de'n leabaidh de shiubhal oidhche agus dul ar a dhá glúin nochtuighthe ar an lic fhuair chruaidh ag déanamh na hathchuinge céadna. Is iomdha píonós do chuireadh sí uirthi féin le súil go mbogfadh crádh a colna croidhe Dé. Is minic nuair do bhíodh a fear as baile do théigheadh sí do codladh gan dinnéar gan suipéar. Uair nó dhó nuair do bhí a fear ina chodladh d'fhág sí an leaba agus do chuaidh amach agus do sheas sgathamh fada fá dhrúcht na hoidhche ag cur a himpdhe go huaigneach chum na spéar ndorcha. Uair amháin do bhain sí fuil as a slinneánaibh le buillíbh thug sí di féin le laisg. Uair eile do sháith sí deala isteach ina feoil i gcuimhne ar an gcoróin spíonta do chuaidh ar mhalainn an tSlánuightheora. Do bhí na píonóis agus an crádh croidhe ag goilleamhaint ar a sláinte. Níor thuig aon duine céard do bhí uirthi. Níor thuig a fear féin, fear macánta modhamhail, an sgéal i gceart, cé gur minic do chluineadh sé san oidhche í ag cainnt léithi féin mar do bheadh máthair ag ainnt le leanbh nuair do mhothóchadh sí a lámh nó a bhéal le n-a chích. Fairíor géar, is iomdha bean fháisgeas le n-a croidhe agus labhruigheas go híseal i gciúin-tráth na hoidhche le leanbh nach rugadh is nach mbéarfar. Do b'fhada le Máire go dtáinig Oidhche Nodlag. Acht mar théigheas caitheamh i ngach nídh, do chuaidh caitheamh san gcáirde aimsire sin. Dho b'fhada léithi lá Oidhche Nodlag go dtáinig an deireadh lae. Do sguab sí urlár an tighe agus do ghlan sí na cathaoireacha agus d'fhaduigh sí teine théagartha roimh dhul do chodladh di. D'fhág sí an doras ar osgailt agus do leag sí coinneall fhada gheall san bhfuinneoig. Nuair do shín sí le hais a fir, níorbh chum codalta é, acht chum faire. Do b'fhada léithi gur chodail a fear. D'airigh sí fá dheireadh ar a chiúine is do bhí sé ag tarraing a anáil go raibh sé ina chodladh. Annsin d'éirigh sí, do chuir sí uimpi a gúna, agus do théaluigh amach go dtí an chistin. Ní raibh aon duine roimpi. Ní raibh fiú na luiche ag corruighe sa teach. Do bhí na criogair féin ina gcodladh. Do bhí an teine ina gríosuigh dheirg. Do bhí an choinneall ag lonnradh go soillseach. Do chrom sí ar a glúnaibh i ndoras an tseomra. Ba bhinn léithi ciúineas an tighe san meadhon oidhche cé go mb'uathmhar. Tháinig árdughadh aigeanta uirthi mar do thigeadh uaireannta sa tséipéal agus í ar tí Corp Chríost do ghlacadh ó lámhaibh an tsagairt. Do thuig sí ar mhodh éigin nárbh' fhada uaithi an Mhórdhacht Do-fheicseana agus gur gearr go gcluinfeadh sí a coiscéim. D'éist sí go foighdeach. Do bhí an teach féin, dar léithi, agus a raibh ann idir beo agus neamh-bheo ag éisteacht freisin. Do bhí na cnuic ag éisteacht agus clocha na talmhan agus reanna réaltannacha na spéire. Do chuala sí an fhuaim. Coiscéim ar lic an dorais. Do chonnaic sí bean óg ag teacht isteach agus leanbh fáisgthe le n-a hucht aici. Do dhruid an bhean óg aníos chum na teineadh. Do shuidh sí ar an gcathaoir. Do thosnuigh sí ag crónán ós íseal dá leanbh. D'aithnigh Máire an ceol. 'Sé an ceol do bhí ann Crónán na Banaltra. Tamall dóibh mar sin. An bhean ag fáisgeadh a leinbh le n-a hucht agus ag crónán go fíor-bhinn, go fíor-bhog. Máire ar a dhá glúin fá sgáth an dorais. Ní raibh innti labhairt ná corruighe. Is ar éigin do bhí innti a hanál do tharraing. Sa deireadh d'éirigh an bhean. Is annsin d'éirigh Máire do chuaidh sí anonn chum na mná. “A Mhuire,” ars ise de ghlór íseal. Do thiontuigh an bhean a haghaidh uirthi. Aghaidh áluinn mhaordha do b'eadh í. “A Mhuire,” a deir Máire arís, “impidhe agam ort.” “Abair,” ars' an bhean eile. “Leanbh ag ól bainne mo chích.” arsa Máire. “Ná diúltuigh mé, a Mhuire.” “Druid liom, níos goire,” adeir an bhean eile. Do dhruid Máire léithi. D'árduigh an bhean eile a leanbh féin. Do shín an leanbh a dhá láimh bheaga amach agus do leag lámh go mín ar gach leacain de dhá leacain Mháire. “Déanfaidh an bheannacht sin torrthach thú,” adeir an Mháthair. “Is maith an bhean thú, a Mhuire,” arsa Máire. “Is maith é do Mhac.” “Fágaim beannacht ins an tigh so,” ars an bhean eile. D'fháisg sí a leanbh le n-a hucht arís agus do ghabh an doras amach. Do chuaidh Máire ar a glúnaibh. Tá bliadhain caithte ón Oidhche Nodlag sin. An uair dheiridh do ghabhas thar tigh Mháire, do bhí leanbh 'na hucht. Do bhí an fheachain úd uirthi nach mbíonn ar éinne acht ar mháthair nuair a mhothuigheas sí béal a chéid-mhic le n-a cích. “Is fearr le Dia na mná ioná na fir,” adubhras liom féin. “Is chuca-san chuireas sé na bróin is mó agus is ortha-san bhronnas sé an t-aoibhneas is mó.” Pádraig Mac Piarais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services