Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Mháthair

Title
An Mháthair
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Mháthair.



Do bhí comhluadar ban ag sníomhadh bréidín
i dtigh Bhairbre an Droichid oidhche árnéain.
Badh cheol leat bheith ag éisteacht leo agus
a nglórtha ag déanamh comh-bhinnis le dordán
na dtúirní, mar bhíos glór an tseansúir le
crónán na ndos.



Do cluineadh an sgread. An naoidheanán
do labhair trí n-a chodladh.



“Droch-rud a ghabh thar an doras,” arsa
Bairbre. “Eirigh, a Mháire, agus bog an
cliabhán.”



D'éirigh an bhean ar labhruigheadh léithi.
Do bhí sí ina suidhe ar an urlár go dtí sin,
ag cárdáil. Do chuaidh sí anonn go dtí
an cliabhán. Do bhí an naidheanán ina
lándúiseacht roimpi, agus é ag coineachán
go truaighmhéileach. D'ísligh Máire ar a
glúnaibh le hais an chliabháin. Chomh luath
agus do chonnaic an leanbh a haghaidh do stad
sé de'n chaoineachán. Aghaidh fhada fhíor-
ghreannta do bhí uirthi, mala mhín leathain, gruag
dhubh agus í casta ina triopallaibh fada fá
n-a cheann, agus dhá shúil ghlasa aici do
dhearcfadh go mall maordha agus go
buaidheartha brónach ort. Do bhí sé de bhuaidh
ag Máire go gceannsuightí leanbh crosta
nó go gcodluigheadh leanbh breoidhte le
féachaint ar an aghaidh mhín mhánla úd aici agus
ar na súilibh glasa grádhmhara úd aici.



Do thosnuigh Máire ag gabháil Crónáin na
Banaltra de ghlór íseal. Do stad na mná
eile den chomhrádh ionnus go n-éistfidís
léithi. Ba ghearr go raibh an naoidheanán
ina thoirchim shuain. D'éirigh Máire agus do
chuaidh ar ais go dtí an áit ina raibh sí ina
suidhe cheana. Do thosnuigh uirthi ag cárdáil
arís.



“Go raibh maith agat, a Mháire,” arsa
Bairbre. “Níl iongantas ar bith acht an
chaoi a bhfuil tú i n-ann na páistí a chur a
chodladh. Cé gur liom fein an t-oighre óg
sin, bheinn uair a' chluig leis shul 'á gcodlóchadh
sé dom.”



“Tá draoidheacht ag Máire,” arsa bean
eile.



“Is geal le ceoltóiríbh Mheidhbhe é a
chuireadh sluagh fear a chodladh nuair a
ghabhaidís a suantraighe,” adeir sean-Úna
Ní Fhiannachta.



“Nach breagh uaithi Crónán na Banaltra
a rádh?” arsa an dara bean.



“M'anam go gceapá gurab í an
Mhaighdean féin, bheadh 'ghá rádh,” arsa sean-
Úna.



“Meas tú an fíor, a Úna, gurab í an
Mhaighdeán Bheannuighthe (moladh go deo
léi) a rinne an t-amhrán sin?” arsa Bairbre.



“Tá a fhios agam gur fíor. Nach leis an
gcrónán sin a chuireadh sí Mac Dé (míle
glóir len'ainm) a chodladh nuair a bhí ina
naoidheanán?”



“Agus cia an chaoi a mbeadh sé ag na
daoinibh anois, mar sin?” arsa Bairbre.



“A theacht anuas ó shinnsear go sinnsear,
is dóigh, mar tháinig na sgéalta Fiannaidh-
eachta,” adeir bean de na mnáibh.



“Ní headh, a mh'anam,” arsa sean-Úna.
“Na daoine a chuala an t-amhrán ó héal na
Maighdine féin annso sa taoibh tíre seo ní
i bhfad ó shoin.”



“Acht cia an chaoi a bhféadfadh siad é
chloisteál?”



“Nach bhfuil a fhios ag an saoghal go
dtéigheann an Mhaighdean ghlórmhar thart
thimcheall na mbailte 'ch uile Oidhche Nodlag,
í fein agus a Leanbh?”



“Chuala mé na daoine a rádh go dtéigh-
eann.”



“Agus nach bhfuil a fhios agat, má fhágtar
an doras ar osgailt agus coinneall ar
lasadh sa bhfuinneoig, go dtiocfaidh an
Mhaighdean agus a Leanbh isteach sa teach
agus go suidhfidh siad le n-a sgíth a leigeann?”



“M'anam go gcuala mé é sin freisin.”



“Bean i ndúthaigh Sheoighe a d'fhan ina
suidhe Oidhche Nodlag leis an Maighdean
fheiceál a chuala an t-amhrán uaithi de'n chéad
uair agus a mhúin do'n tír é. Is minic a
chuala mé iomrádh fúithi nuair bhí mé i mo
ghearrchaille. Máire na Maighdine a tugtaoi
uirthi. Deirtear gur minic chonaic sé an
Mhaighdean Ghlórmhar. Cailleadh i dTeach
na mBocht i nUachtar Árd í cúpla bliadhain
sul ar pósadh mise. Beannacht Dé le hanmna-
chaibh na marbh.”



“Amén, a Thighearna.” adeir na mná eile.
Acht níor labhair Máire. Do bhí sí agus a
dhá shúil mhóra ghlasa ag dul mar adéarfá
trí éadan shean-Úna, agus í ag innsint an
sgéil. Do labhair sí tar éis tamaill.



“Bhfuil tú cinnte, a Úna, go dtagann an
Mhaighdean agus a Leanbh isteach ins na
tighthibh Oidhche Nodlag?” ar sise.



“Comh cinnte is atá mé beo.”



“An bhfaca tusa riamh í?”



“Ní fhacas, muis'. Acht an Oidhche Nodlag
tar éis ar pósadh mé d'fhan mé im' shuidhe le í
fheiceál, dá ngeallfaidhe dom é. Thuit
néall codalta orm. Dhúisigh torann eicínt
mé agus ar osgailt mo shúl dom b'fhacthas
dom go bhfaca mé mar bheadh bean óg agus
naoidheanán ina hucht ag gluaiseacht amach
an doras.”



Níor labhair aon duine ar feadh i bhfad.
Níor cluineadh sa teach acht dordán na
dtuirní agus pléasgadh na teine agus
ceileabhar na gcriogar. D'éirigh Máire.



“Beidh mé ag giorradh an bhóthair,” ar sise
“go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhíbh, a mhná.”



“Go luathaidh Dia leat, a Mháire,”
d'fheagradar san le chéile. Thug sí an
doras amach uirthi féin.



Do bhí mar do bheadh caor theine i gcroidhe
na mná úd agus í ag dul an bóthar a bhaile
fá dhorchadas na hoidhche. Mór-mhian a hanma
do bhí 'gá creachadh agus 'gá losgadh le
fada .i. mian cloinne. Do bhí sí pósta le
ceithre bliadhnaibh, acht ní raibh aon chlann aici.
Is minic do chaitheadh sí na huaireannta
ar a glúnaibh ag guidhe Dé leanbh do chur
chuici. Is minic d'éirigheadh sí de'n leabaidh
de shiubhal oidhche agus dul ar a dhá glúin
nochtuighthe ar an lic fhuair chruaidh ag déanamh
na hathchuinge céadna. Is iomdha píonós
do chuireadh sí uirthi féin le súil go mbogfadh
crádh a colna croidhe Dé. Is minic nuair
do bhíodh a fear as baile do théigheadh sí do
codladh gan dinnéar gan suipéar. Uair
nó dhó nuair do bhí a fear ina chodladh d'fhág
sí an leaba agus do chuaidh amach agus do
sheas sgathamh fada fá dhrúcht na hoidhche ag
cur a himpdhe go huaigneach chum na
spéar ndorcha. Uair amháin do bhain sí fuil
as a slinneánaibh le buillíbh thug sí di féin
le laisg. Uair eile do sháith sí deala isteach
ina feoil i gcuimhne ar an gcoróin spíonta
do chuaidh ar mhalainn an tSlánuightheora.
Do bhí na píonóis agus an crádh croidhe ag
goilleamhaint ar a sláinte. Níor thuig aon
duine céard do bhí uirthi. Níor thuig a fear
féin, fear macánta modhamhail, an sgéal i
gceart, cé gur minic do chluineadh sé san
oidhche í ag cainnt léithi féin mar do bheadh
máthair ag ainnt le leanbh nuair do mhothóchadh
sí a lámh nó a bhéal le n-a chích. Fairíor géar,
is iomdha bean fháisgeas le n-a croidhe agus
labhruigheas go híseal i gciúin-tráth na hoidhche
le leanbh nach rugadh is nach mbéarfar.



Do b'fhada le Máire go dtáinig Oidhche
Nodlag. Acht mar théigheas caitheamh i ngach
nídh, do chuaidh caitheamh san gcáirde aimsire
sin. Dho b'fhada léithi lá Oidhche Nodlag go
dtáinig an deireadh lae. Do sguab sí urlár
an tighe agus do ghlan sí na cathaoireacha
agus d'fhaduigh sí teine théagartha roimh dhul
do chodladh di. D'fhág sí an doras ar osgailt
agus do leag sí coinneall fhada gheall san
bhfuinneoig. Nuair do shín sí le hais a fir,
níorbh chum codalta é, acht chum faire. Do
b'fhada léithi gur chodail a fear. D'airigh
sí fá dheireadh ar a chiúine is do bhí sé ag
tarraing a anáil go raibh sé ina chodladh.
Annsin d'éirigh sí, do chuir sí uimpi a gúna,
agus do théaluigh amach go dtí an chistin.
Ní raibh aon duine roimpi. Ní raibh fiú na
luiche ag corruighe sa teach. Do bhí na criogair
féin ina gcodladh. Do bhí an teine ina
gríosuigh dheirg. Do bhí an choinneall ag
lonnradh go soillseach. Do chrom sí ar a
glúnaibh i ndoras an tseomra. Ba bhinn
léithi ciúineas an tighe san meadhon oidhche
cé go mb'uathmhar. Tháinig árdughadh aigeanta
uirthi mar do thigeadh uaireannta sa tséipéal
agus í ar tí Corp Chríost do ghlacadh ó lámhaibh
an tsagairt. Do thuig sí ar mhodh éigin
nárbh' fhada uaithi an Mhórdhacht Do-fheicseana
agus gur gearr go gcluinfeadh sí a coiscéim.
D'éist sí go foighdeach. Do bhí an teach féin,
dar léithi, agus a raibh ann idir beo agus
neamh-bheo ag éisteacht freisin. Do bhí na
cnuic ag éisteacht agus clocha na talmhan agus
reanna réaltannacha na spéire.



Do chuala sí an fhuaim. Coiscéim ar lic
an dorais. Do chonnaic sí bean óg ag teacht
isteach agus leanbh fáisgthe le n-a hucht aici.
Do dhruid an bhean óg aníos chum na teineadh.
Do shuidh sí ar an gcathaoir. Do thosnuigh sí
ag crónán ós íseal dá leanbh. D'aithnigh
Máire an ceol. 'Sé an ceol do bhí ann Crónán
na Banaltra.



Tamall dóibh mar sin. An bhean ag fáisgeadh
a leinbh le n-a hucht agus ag crónán go
fíor-bhinn, go fíor-bhog. Máire ar a dhá
glúin fá sgáth an dorais. Ní raibh innti
labhairt ná corruighe. Is ar éigin do bhí
innti a hanál do tharraing.



Sa deireadh d'éirigh an bhean. Is annsin
d'éirigh Máire do chuaidh sí anonn chum na
mná.



“A Mhuire,” ars ise de ghlór íseal.



Do thiontuigh an bhean a haghaidh uirthi.
Aghaidh áluinn mhaordha do b'eadh í.



“A Mhuire,” a deir Máire arís, “impidhe
agam ort.”



“Abair,” ars' an bhean eile.



“Leanbh ag ól bainne mo chích.” arsa
Máire. “Ná diúltuigh mé, a Mhuire.”



“Druid liom, níos goire,” adeir an bhean
eile.



Do dhruid Máire léithi. D'árduigh an
bhean eile a leanbh féin. Do shín an leanbh
a dhá láimh bheaga amach agus do leag lámh
go mín ar gach leacain de dhá leacain Mháire.



“Déanfaidh an bheannacht sin torrthach
thú,” adeir an Mháthair.



“Is maith an bhean thú, a Mhuire,” arsa
Máire. “Is maith é do Mhac.”



“Fágaim beannacht ins an tigh so,” ars
an bhean eile.



D'fháisg sí a leanbh le n-a hucht arís agus
do ghabh an doras amach. Do chuaidh Máire ar a
glúnaibh.



Tá bliadhain caithte ón Oidhche Nodlag sin.
An uair dheiridh do ghabhas thar tigh Mháire,
do bhí leanbh 'na hucht. Do bhí an fheachain úd
uirthi nach mbíonn ar éinne acht ar mháthair
nuair a mhothuigheas sí béal a chéid-mhic le n-a
cích.



“Is fearr le Dia na mná ioná na fir,”
adubhras liom féin. “Is chuca-san chuireas
sé na bróin is mó agus is ortha-san bhronnas
sé an t-aoibhneas is mó.”



Pádraig Mac Piarais.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services