Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tréith Brioghmhar
Title
Tréith Brioghmhar
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tréith Brioghmhar. Nach áluinn an ní é neamhspeadhachas. Nach iongantach an chuideachta é. Nach bríoghmhar an tréith é. A rabhais-se riamh amuigh ar thaobh cnuic lá breagh earraigh — guna it' láimh agus gadhar let' chois, agus tú go sláinteamhail meanmnach misneamhail agus gan neach fé'n ngréin chum smacht do chur ort ná cosg do chur leat? A rabhais riamh a' siubhal chois fhairrge i bhfad ó bhailtí móra agus tamall maith ó ionad comhnaighthe daoine, an aimsear go haoibhinn an fhairrge go draoidheachtach do chroidhe go héadtrom, do bhall beatha go fuinneamhail agus do mheabhair go aibidh agus go socair? A rabhais aon uair bhog úr ag fuara do chínn, gan tuirse, gan teinneas at'chrádh; gan brón gan buairt ort agus a fhios go daingeann agat gur tú do mháighistir fein sa saoghal so? Má bhís riamh i n-aon chuma aca san nár bhreagh leat mar shaoghal é an fhaid do sheasaimh sé. Bhí Draoidheacht Éigin a' Baint leis a chuir gatha an áthais a rith tríd 'chorp. Mhothuigis féin go sásta agus go misneamhail agus go groidhe. Deirim leat gur ní anabhreagh ar fad an neamhspeádhachas céadna, agus gur bhfiú mórán an saothar a thuillfeadh dhuit é. An té nárbh mhian leis bheith neamh-spleádhach ní fiú puinn é. An té arbh mhaith leis bheith neamh-spleádhach agus ná saothróchadh chuige tá droch-ghalar greamaighthe ann. Is truagh Mhuire a leithéid sin. An té a dheineann iarracht nó dhó ar bheith neamh- spleádhach agus eirigheann tuirseach dá ghnó muna ritheann leis san chúpla iarracht san níor mhisde féachaint chuige sin mar tá laige éigin ag baint dá stuaim. Ach mo ghraidhn go deo an té a leanann dhá shaothar go dtí go n-eirigheann leis a shaoirse do bhaint amach, go mór mhór, má caithtear achrann sa tslighe air, agus má bhíonn a namhaid go gnóthach agus go dána ghá chiapadh. Más áluinn an ní an neamh-spleádhachas is grádna an ní smacht na daoirse. Tá daoine ann agus iad fén smacht san ach ní thuigeann siad féin go bhfuilid. Ní fheacadar agus níor mhothuigheadar a mhalairt de shaoghal riamh ach an saoghal atá acu. Dá bhfeicidís agus dá mhothuighidís ní fhanfaidís go socair agus an smacht an ortha. Do chromfaidís ar ghníomharthaibh éigin do dheánamh do cuirfeadh eagla ar an té do chomeádann fé smacht na daoirse iad. Dá dtuigtí don dream is meathta ar domhan an tairbhe do thagann de bhárr. Smacht na Daoirse do Raobadh. Ní féidir go bhfanfaidís go socair i bhfad. Dá dtuigtí do threibh ná do chine ar bith atá fé smacht gur dhual dhóibh bheith misneamhail an deifiridheacht atá idir smacht agus saoirse, is cuma cad é an fhaid do bheadh an smacht san ortha do dhéanfaidís deagh-iarracht dána díograsach ar a saoirse do bhaint amach i n-aimhdeoin gach cómhachta saoghalta do bheadh na gcoinnibh. Ba dhual do Chlanna Gaedheal bheith misneamhail. Ba dhual dóibh bheith go dána ag cosaint a gcirt, agus ba dhual dóibh gan ghéille dá namhaid. Thuigeadar san cad ba shaoirse agus cad ba neamh-speádhachas ann agus ba mhór leo iad. Ba mhithid iad ag dortadh a gcuid fola ar son na saoirse do thaithin leo. Ba bhreagh leo bheith neamh-spleádhach, agus b'shin fé ndeara dhóibh dul i gcontabhairt a n-anama chun gan leigint d'aon chine eile iad do chur fé smacht na daoirse. De'n chine uasal neamh-eaglach tusa agus mise, agus dá bhithin sin ba chóir dúinn gan bheith sásta más cuid na ndaor ár gcuid-ne de'n tsaoghal so. Ní bheidh againn ach cuid na ndaor an fhaid atá cine ar bith eile mar mháighistirí orainn. Tá a leithéidí mar mháighistirí orainn fós. An fada a bheidh? An lá ná beidh a fhios againn gur bhfiú fuil do dhórtadh, dá mba ghádh é, chun an saoghal nua san do bhaint amach. Dein-se cion Gaedhil chun go mbéarfaidh an saoghal breagh san orainn agus déanfaidh céad míle Gaedheal nách tú a ndícheall. Peadar Ó hAnnracháin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services