Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tréith Brioghmhar

Title
Tréith Brioghmhar
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tréith Brioghmhar.



Nach áluinn an ní é neamhspeadhachas. Nach iongantach an chuideachta é.
Nach bríoghmhar an tréith é. A rabhais-se riamh amuigh ar thaobh cnuic lá
breagh earraigh — guna it' láimh agus gadhar let' chois, agus tú go sláinteamhail
meanmnach misneamhail agus gan neach fé'n ngréin chum smacht do chur ort ná
cosg do chur leat? A rabhais riamh a' siubhal chois fhairrge i bhfad ó
bhailtí móra agus tamall maith ó ionad comhnaighthe daoine, an aimsear go
haoibhinn an fhairrge go draoidheachtach do chroidhe go héadtrom, do bhall beatha go
fuinneamhail agus do mheabhair go aibidh agus go socair? A rabhais aon uair
bhog úr ag fuara do chínn, gan tuirse, gan teinneas at'chrádh; gan brón gan
buairt ort agus a fhios go daingeann agat gur tú do mháighistir fein sa
saoghal so?



Má bhís riamh i n-aon chuma aca san nár bhreagh leat mar shaoghal é an
fhaid do sheasaimh sé.



Bhí Draoidheacht Éigin a' Baint leis
a chuir gatha an áthais a rith tríd 'chorp. Mhothuigis féin go sásta agus go
misneamhail agus go groidhe. Deirim leat gur ní anabhreagh ar fad an neamhspeádhachas
céadna, agus gur bhfiú mórán an saothar a thuillfeadh dhuit é. An té nárbh
mhian leis bheith neamh-spleádhach ní fiú puinn é. An té arbh mhaith leis
bheith neamh-spleádhach agus ná saothróchadh chuige tá droch-ghalar greamaighthe ann.
Is truagh Mhuire a leithéid sin. An té a dheineann iarracht nó dhó ar bheith neamh-
spleádhach agus eirigheann tuirseach dá ghnó muna ritheann leis san chúpla
iarracht san níor mhisde féachaint chuige sin mar tá laige éigin ag baint dá
stuaim. Ach mo ghraidhn go deo an té a leanann dhá shaothar
go dtí go n-eirigheann leis a shaoirse do bhaint amach, go mór mhór, má
caithtear achrann sa tslighe air, agus má bhíonn a namhaid go gnóthach agus go
dána ghá chiapadh.



Más áluinn an ní an neamh-spleádhachas is grádna an ní smacht na daoirse.
Tá daoine ann agus iad fén smacht san ach ní thuigeann siad féin go bhfuilid.
Ní fheacadar agus níor mhothuigheadar a mhalairt de shaoghal riamh ach an saoghal
atá acu. Dá bhfeicidís agus dá mhothuighidís ní fhanfaidís go socair agus an
smacht an ortha. Do chromfaidís ar ghníomharthaibh éigin do dheánamh do
cuirfeadh eagla ar an té do chomeádann fé smacht na daoirse iad. Dá
dtuigtí don dream is meathta ar domhan an tairbhe do thagann de bhárr.



Smacht na Daoirse do Raobadh.



Ní féidir go bhfanfaidís go socair i bhfad. Dá dtuigtí do threibh ná do chine
ar bith atá fé smacht gur dhual dhóibh bheith misneamhail an deifiridheacht atá
idir smacht agus saoirse, is cuma cad é an fhaid do bheadh an smacht san ortha
do dhéanfaidís deagh-iarracht dána díograsach ar a saoirse do bhaint amach i
n-aimhdeoin gach cómhachta saoghalta do bheadh na gcoinnibh.



Ba dhual do Chlanna Gaedheal bheith misneamhail. Ba dhual dóibh bheith go
dána ag cosaint a gcirt, agus ba dhual dóibh gan ghéille dá namhaid.
Thuigeadar san cad ba shaoirse agus cad ba neamh-speádhachas ann agus ba
mhór leo iad. Ba mhithid iad ag dortadh a gcuid fola ar son na saoirse do
thaithin leo. Ba bhreagh leo bheith neamh-spleádhach, agus b'shin fé ndeara dhóibh
dul i gcontabhairt a n-anama chun gan leigint d'aon chine eile iad do chur fé
smacht na daoirse.



De'n chine uasal neamh-eaglach
tusa agus mise,
agus dá bhithin sin ba chóir dúinn gan bheith sásta más cuid na ndaor ár
gcuid-ne de'n tsaoghal so. Ní bheidh againn ach cuid na ndaor an fhaid atá
cine ar bith eile mar mháighistirí orainn. Tá a leithéidí mar mháighistirí
orainn fós. An fada a bheidh? An lá ná beidh a fhios againn gur bhfiú
fuil do dhórtadh, dá mba ghádh é, chun an saoghal nua san do bhaint amach.
Dein-se cion Gaedhil chun go mbéarfaidh an saoghal breagh san orainn agus
déanfaidh céad míle Gaedheal nách tú a ndícheall.



Peadar Ó hAnnracháin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services