Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éireannach san Domhan Thoir
Title
Éireannach san Domhan Thoir
Author(s)
Ua Concheannainn, Tomás,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éireannach san Domhan Thoir. Miles Insulanus. Treasna Aigéin na Mara Ciúine, treasna Mhór-Roinn Mheiriocá, agus fós treasna an Aigéin Atlantic, tháinig guth chugainn ó Samóangó. Éistimís lein an nglór! Is glór ó Chonnradóir, ó Ghaedhilgeóir, agus ó dheá-charaid a bhfuil aithne agus eólas againn go léir air. Agus cia hé féin adeir tú? Tá Micheál Uasal Ó Dochartaigh Easbog Samboangó ins na hInse Pilipinos. Táim tar éis léigheadh i bpáipéar ó'n Oileán Úr leitir uaidh ag tabhairt tuairisg' ar an deóighise mór atá faoi na chúraim agus ar stáid na hEáglaise ins na hoileáin. Tá sé ag soláthar cabhair agus congnadh chun an obair naomhtha atá idir lámhaibh aige a chur chun cinn. Seo mar tá aige le rádh:— Ba mhaith liom, a léightheóir, go dtiubharfá éisdeachtt do'n méid atá agam le rádh i dtaoibh an deóighise nuadh seo Sambóangó. An Chéad Easpog. 'Sé an deóighise is úire agus san am chéadna an deóighise is mó é faoi bhratach Mheiriocá is mé féin an chéad Easbog a cuireadh ós a chionn agus níor ghlac mé seilbh ar go dtí Meadhon Foghmhair, 1912. Tá trian de Insí na Philipínos ins an deóighise. Tá sé sé chéad míle (600) ó'n taobh thuaidh de go dtí an taobh ó dheas, agus tá sé sé chéad míle (600) eile ó'n taobh shoir de go dtí an taobh shiar; agus tá trí chéad (300) oileán ins an limistéar mór sin. Págántacht. Le 300 bliadhain táthar ag troid agus ag comhrac leis na Mórós, nó Móthamadans. Is contabhairteach an rud taisdeal a dhéanamh ann. Tá iomlán na Mórós-Trodach ó'n Súlú san deóighise seo agus furmhór Páganaigh na nInsí go hiomlán. Ag labhairt go genarálta tá na Caitlicigh go bocht, agus go han bhocht. Bhíodar níos cúramaighe dá gcosaint féin ó na Súlús ná mar bhíodar ag cnuasughadh maoin-shaoghalta, agus ní gan fáth. Thugas faoi deara ar a theacht dom annso gur iompuigh 50,000 caitliceach i n-a nÉireacacha de'n aicme Aglipayan. Ó tháinig na hOileáin faoi bhratach Mheiriocá. tháinig a lán daoine ó'n taobh ó thuaidh de Inse na Pilipínos go dtí an deóighise seo, acht níl sagairt againn le cur chuca. Protastúnaigh atá Carthannach. Támuid a dtuilleamuighe ar charthanas na miosionóirí Protostúnach i dtaoibh ósuidéil, agus caithfimid admháil go leigeann siad isteach na Caitlicigh go fáilteamhail fonnmhar ionnta. Tabhair cabhair dúinn anois i dtús an chatha spioradálta, agus leis an aimsir le congnamh Dé béidhmíd i n-ann aire a thabhairt dúinn féin. Cuir síntiús chugann chun caoi agus deis a chur ar ár dTighthibh Pobail, chun Leigheasláin agus tighe fóirthínt a thabhairt do pháisdí bochta. Acht thar cionn gach nídh eile, tasduigheann sagairt uainn a chraobh- sgaoilfeas an creideamh. Is iomdha sin míle míle fada idir Áth' Cliath agus Sambóangó agus tá faitchíos orm nach ndéanaidh Micheál Ó Dochartaigh aon iarracht ar dhul ar cuairt chuig an Easbog óg mar rinne sé nuair a bhí a mhac muirneaich mar Uachdarán ar Shean-Cholaisde Chlúmhal Salamanaca san Spáinn. Is maith is cuimhneach liom a léigheadh i bpáipéar Spáinneach seal bliadhanta ó shoin ar chuairt a thug tuairisgeóir páipéar chuig an gColáisde, agus an chur síos gleóidhte a thug se ar an Athair Micheál: “An sagart óg uasal fionn-ruadh ina shuidhe ag an bpíano ag imirt ceóil, agus an tAthair, an fear caol, árd, leigthe uasal, liath-fhéasógach ag gabhail amhráin i dteanga na hÉireann,” go dtugaidh Dia neart agus misneach, saoghal agus sláinte do'n Éireannach uasal óg, comharba Cholmchille. “Saighdiúr na nOileán,” chun oibriughadh ar son glóire Dé agus onóra na hÉireann. Tomás Ua Concheannainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services