Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éireannach san Domhan Thoir

Title
Éireannach san Domhan Thoir
Author(s)
Ua Concheannainn, Tomás,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éireannach san Domhan Thoir.



Miles Insulanus.



Treasna Aigéin na Mara Ciúine, treasna
Mhór-Roinn Mheiriocá, agus fós treasna an
Aigéin Atlantic, tháinig guth chugainn ó
Samóangó. Éistimís lein an nglór! Is
glór ó Chonnradóir, ó Ghaedhilgeóir, agus ó
dheá-charaid a bhfuil aithne agus eólas againn
go léir air. Agus cia hé féin adeir tú?
Tá Micheál Uasal Ó Dochartaigh Easbog
Samboangó ins na hInse Pilipinos.



Táim tar éis léigheadh i bpáipéar ó'n Oileán
Úr leitir uaidh ag tabhairt tuairisg' ar an
deóighise mór atá faoi na chúraim agus ar
stáid na hEáglaise ins na hoileáin. Tá sé
ag soláthar cabhair agus congnadh chun an
obair naomhtha atá idir lámhaibh aige a chur
chun cinn. Seo mar tá aige le rádh:—



Ba mhaith liom, a léightheóir, go dtiubharfá
éisdeachtt do'n méid atá agam le rádh i dtaoibh
an deóighise nuadh seo Sambóangó.



An Chéad Easpog.



'Sé an deóighise is úire agus san am chéadna
an deóighise is mó é faoi bhratach Mheiriocá
is mé féin an chéad Easbog a cuireadh ós a
chionn agus níor ghlac mé seilbh ar go dtí
Meadhon Foghmhair, 1912.



Tá trian de Insí na Philipínos ins an
deóighise. Tá sé sé chéad míle (600) ó'n
taobh thuaidh de go dtí an taobh ó dheas, agus
tá sé sé chéad míle (600) eile ó'n taobh shoir
de go dtí an taobh shiar; agus tá trí chéad
(300) oileán ins an limistéar mór sin.



Págántacht.



Le 300 bliadhain táthar ag troid agus ag
comhrac leis na Mórós, nó Móthamadans.
Is contabhairteach an rud taisdeal a dhéanamh
ann.



Tá iomlán na Mórós-Trodach ó'n Súlú
san deóighise seo agus furmhór Páganaigh na
nInsí go hiomlán.



Ag labhairt go genarálta tá na Caitlicigh
go bocht, agus go han bhocht. Bhíodar níos
cúramaighe dá gcosaint féin ó na Súlús ná
mar bhíodar ag cnuasughadh maoin-shaoghalta,
agus ní gan fáth.



Thugas faoi deara ar a theacht dom annso
gur iompuigh 50,000 caitliceach i n-a
nÉireacacha de'n aicme Aglipayan.



Ó tháinig na hOileáin faoi bhratach Mheiriocá.
tháinig a lán daoine ó'n taobh ó thuaidh de
Inse na Pilipínos go dtí an deóighise seo,
acht níl sagairt againn le cur chuca.



Protastúnaigh atá Carthannach.



Támuid a dtuilleamuighe ar charthanas
na miosionóirí Protostúnach i dtaoibh ósuidéil,
agus caithfimid admháil go leigeann siad
isteach na Caitlicigh go fáilteamhail fonnmhar
ionnta.



Tabhair cabhair dúinn anois i dtús an chatha
spioradálta, agus leis an aimsir le congnamh
Dé béidhmíd i n-ann aire a thabhairt dúinn
féin. Cuir síntiús chugann chun caoi agus
deis a chur ar ár dTighthibh Pobail, chun
Leigheasláin agus tighe fóirthínt a thabhairt
do pháisdí bochta. Acht thar cionn gach nídh
eile, tasduigheann sagairt uainn a chraobh-
sgaoilfeas an creideamh.



Is iomdha sin míle míle fada idir Áth'
Cliath agus Sambóangó agus tá faitchíos
orm nach ndéanaidh Micheál Ó Dochartaigh aon
iarracht ar dhul ar cuairt chuig an Easbog
óg mar rinne sé nuair a bhí a mhac muirneaich
mar Uachdarán ar Shean-Cholaisde Chlúmhal
Salamanaca san Spáinn. Is maith is cuimhneach
liom a léigheadh i bpáipéar Spáinneach seal
bliadhanta ó shoin ar chuairt a thug tuairisgeóir
páipéar chuig an gColáisde, agus an chur síos
gleóidhte a thug se ar an Athair Micheál:
“An sagart óg uasal fionn-ruadh ina
shuidhe ag an bpíano ag imirt ceóil, agus
an tAthair, an fear caol, árd, leigthe uasal,
liath-fhéasógach ag gabhail amhráin i dteanga
na hÉireann,” go dtugaidh Dia neart agus
misneach, saoghal agus sláinte do'n
Éireannach uasal óg, comharba Cholmchille.
“Saighdiúr na nOileán,” chun oibriughadh
ar son glóire Dé agus onóra na hÉireann.



Tomás Ua Concheannainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services