Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cad is Litridheacht Ann
Title
Cad is Litridheacht Ann
Author(s)
Beirt Fhear,
Pen Name
Beirt Fhear
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cad is Litridheacht Ann. I dtaobh Shakespeare agus na ndaoine eile úd i n-áireamh Aonghusa Uí Dhuibhne 'sa Claidheamh, tá seachtmhain ón shin, ba mhór le rádh iad gan amhras, gach duine aca n-a dhúthaigh féin agus is mór le rádh anois imeasg aos-léighinn; acht féach dá mbeadh sé d'ughdarás ag Shakespeare iarracht a dhéanamh ar Frainncis a sgríobh nó Frainncis a labhairt leis na Franncaigh agus gan aige acht breac- eolas ar an dteangain, nách amhlaidh a bheadh gach uile Fhranncach ag stealla-mhagadh fé, agus a chúis aca — ba bheag an chabhair do a árd-smaointe, agus gan é bheith na chumas na smaointe úd a chur i gcaint na ndaoine. Agus anois ó is ag trácht ar Shakespeare atáim, ba chiallmhar an chaint a chuir sé i mbéal Pholónius, agus é ag tabhairt comhairle a leasa dá mhac, do Laertes. Cuir Gaedhilg ar an gcomhairle úd agus ciaca is binne agus is ceolmhaire i gcluais an Ghaedhil, caint Pholónius nó an Teagasg flatha a bhí againn-ne i nÉirinn na céadta bliadhan sul ar rugadh Shakespeare? Is minic a léighim-se rud éigin ná taithneann le m'chluais. Tá fhios agam go fíor-mhaith nách glan-Ghaedhilg atá ann, acht dá gcuirfidhe chuige mé ní fheadfainn a rádh cá bhfuil an locht. Is cuma liom-sa cad iad na smaointe a bhíonn istigh i n-aigne an duine, bídís árd nó íseal, mín nó garbh, searbh nó milis má chuireann sé na smaointe úd i nglan-Ghaedhilg deirim-se gur fíor-litridheacht a shaothar, agus molaim-se é. Ní dócha gur ró gheal iad na smaointe a bhí i n-aigne Aodhagáin Uí Rathaille nuair adubhairt an méid seo: Atáid na danair i leabaidh na Leógha, Go seasgair, sámh, go sádhail, seómrach, Bríoghmhar, biadhmhar, briathrach, bórdmhar Coimhtheach, cainteach sainnteach, srónach. Nár dhóigh le duine gurb iad Gaill an lae indiu a bhí na cheann nuair a dubhairt sé go rabhadar Coimhtheach, cainteach, sainnteach, srónach. Ní ró-chneasta na smaointe a bhí n-a cheann ag machtnamh ar Bhás Dhauson: Faoi lár na lice so curtha tá olla-phiast reamhar, Do chráidh le dlíghthibh an fhuirionn ba mhinic riamh teann; Do b'fhearrde mise, is gach nduine atá fulaing pian Gall, An bás dá sciobadh tá tuilleadh is fiche bliadhain ann. Agus féach é seo ó fhile nach fios dom céarbh é féin. Sí Cáit an chaille dhuairc, Caiteach, dealbh, cruaidh, Guidhim ar maidin chun Rígh na n-aingeal Gan í a bheith fada buan. A caoire i ngalar truagh Ag claimhe is ag mada-ruadh; Guidhim, a ba, gan laoigh, gan lacht, 'Sa gheimhreadh lag go luath. B'fhéidir ná raibh ann acht aodhaire bó. Bhí fearg air le Cáit, agus níl aon amhras ná gur chuir se i n-umhail do'n phobul méid agus neart a chuid feirge. Seo sgéal eile arsa Donnchadh Ruadh, agus é i bhfad ó Éirinn. Bíonn barr bog slím ar chaoin chnuic Éireann Bán-Chnoic Éireann ó. 'S is fearr ná an tír-seo dith gach sléibheann Bán-Chnoic Éireann ó. Dob árd a coillte 's ba dhíreach réidh, 's a mbláth mar aol ar mhaoilin géig, Atá grádh mo chroidhe i m'inntin féin do Bhán-chnoic Éireann ó. Nach deas cruinn a chuireann sé a scéal féin agus scéal gach n-aon a bhíonn i ndúthaigh iasachta, i n-umhail dúinn. Ní dóigh liom go raibh smaointe ró-árd i gceann dhonnchadha agus é ag cumadh Cúirt an Mheadhain Oidhche acht mar sin fein nách ró-dheas adeir sé: Doghealadh mo chroidhe nuair a chínn Loch Gréine An talamh 'san tír is íoghair na spéire, Ba thaithneamheach aoibhinn suigheann na sléibhte ag bagairt a gcinn tar druim a chéile. Ní baoghal d'fhear an mhóinteáin na do'n ollamh a bheith amudha i dtaobh aigne Dhonnchadha nuair d'iompaidh sé chun bheith n-a cléireach do mhinistir Ghallda. Do chuir sé féin an sgéal go cruinn, beacht os comhair an phobuil, ar seisean:— Gheabhad ara rugadh leabhar Bhéad im Shasanach reamhar Is aca bhíonn togha agus rogha gach bidh. B'fhéidir go mbeadh greas eile againn ar an obair seo, ó tá lámh istigh againn. Beirt Fhear.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services