Cad is Litridheacht Ann.
I dtaobh Shakespeare agus na ndaoine
eile úd i n-áireamh Aonghusa Uí Dhuibhne 'sa
Claidheamh, tá seachtmhain ón shin, ba mhór le
rádh iad gan amhras, gach duine aca n-a
dhúthaigh féin agus is mór le rádh anois imeasg
aos-léighinn; acht féach dá mbeadh sé
d'ughdarás ag Shakespeare iarracht a dhéanamh
ar Frainncis a sgríobh nó Frainncis a labhairt
leis na Franncaigh agus gan aige acht breac-
eolas ar an dteangain, nách amhlaidh a bheadh
gach uile Fhranncach ag stealla-mhagadh fé,
agus a chúis aca — ba bheag an chabhair do a
árd-smaointe, agus gan é bheith na chumas
na smaointe úd a chur i gcaint na ndaoine.
Agus anois ó is ag trácht ar Shakespeare
atáim, ba chiallmhar an chaint a chuir sé i
mbéal Pholónius, agus é ag tabhairt
comhairle a leasa dá mhac, do Laertes.
Cuir Gaedhilg ar an gcomhairle úd agus
ciaca is binne agus is ceolmhaire i gcluais an
Ghaedhil, caint Pholónius nó an Teagasg
flatha a bhí againn-ne i nÉirinn na céadta
bliadhan sul ar rugadh Shakespeare? Is minic
a léighim-se rud éigin ná taithneann
le m'chluais. Tá fhios agam go fíor-mhaith
nách glan-Ghaedhilg atá ann, acht dá gcuirfidhe
chuige mé ní fheadfainn a rádh cá bhfuil an
locht.
Is cuma liom-sa cad iad na smaointe a
bhíonn istigh i n-aigne an duine, bídís árd
nó íseal, mín nó garbh, searbh nó milis má
chuireann sé na smaointe úd i nglan-Ghaedhilg
deirim-se gur fíor-litridheacht a shaothar,
agus molaim-se é.
Ní dócha gur ró gheal iad na smaointe a bhí
i n-aigne Aodhagáin Uí Rathaille nuair
adubhairt an méid seo:
Atáid na danair i leabaidh na Leógha,
Go seasgair, sámh, go sádhail, seómrach,
Bríoghmhar, biadhmhar, briathrach, bórdmhar
Coimhtheach, cainteach sainnteach, srónach.
Nár dhóigh le duine gurb iad Gaill an lae
indiu a bhí na cheann nuair a dubhairt sé go
rabhadar
Coimhtheach, cainteach, sainnteach, srónach.
Ní ró-chneasta na smaointe a bhí n-a cheann
ag machtnamh ar Bhás Dhauson:
Faoi lár na lice so curtha tá olla-phiast
reamhar,
Do chráidh le dlíghthibh an fhuirionn ba mhinic
riamh teann;
Do b'fhearrde mise, is gach nduine atá fulaing
pian Gall,
An bás dá sciobadh tá tuilleadh is fiche
bliadhain ann.
Agus féach é seo ó fhile nach fios dom
céarbh é féin.
Sí Cáit an chaille dhuairc,
Caiteach, dealbh, cruaidh,
Guidhim ar maidin chun Rígh na n-aingeal
Gan í a bheith fada buan.
A caoire i ngalar truagh
Ag claimhe is ag mada-ruadh;
Guidhim, a ba, gan laoigh, gan lacht,
'Sa gheimhreadh lag go luath.
B'fhéidir ná raibh ann acht aodhaire bó.
Bhí fearg air le Cáit, agus níl aon amhras ná
gur chuir se i n-umhail do'n phobul méid agus
neart a chuid feirge.
Seo sgéal eile arsa Donnchadh Ruadh, agus
é i bhfad ó Éirinn.
Bíonn barr bog slím ar chaoin chnuic Éireann
Bán-Chnoic Éireann ó.
'S is fearr ná an tír-seo dith gach sléibheann
Bán-Chnoic Éireann ó.
Dob árd a coillte 's ba dhíreach réidh,
's a mbláth mar aol ar mhaoilin géig,
Atá grádh mo chroidhe i m'inntin féin
do Bhán-chnoic Éireann ó.
Nach deas cruinn a chuireann sé a scéal
féin agus scéal gach n-aon a bhíonn i ndúthaigh
iasachta, i n-umhail dúinn.
Ní dóigh liom go raibh smaointe ró-árd i
gceann dhonnchadha agus é ag cumadh Cúirt
an Mheadhain Oidhche acht mar sin fein nách
ró-dheas adeir sé:
Doghealadh mo chroidhe nuair a chínn Loch
Gréine
An talamh 'san tír is íoghair na spéire,
Ba thaithneamheach aoibhinn suigheann na sléibhte
ag bagairt a gcinn tar druim a chéile.
Ní baoghal d'fhear an mhóinteáin na do'n
ollamh a bheith amudha i dtaobh aigne
Dhonnchadha nuair d'iompaidh sé chun bheith n-a
cléireach do mhinistir Ghallda. Do chuir sé
féin an sgéal go cruinn, beacht os comhair an
phobuil, ar seisean:—
Gheabhad ara rugadh leabhar
Bhéad im Shasanach reamhar
Is aca bhíonn togha agus rogha gach bidh.
B'fhéidir go mbeadh greas eile againn ar
an obair seo, ó tá lámh istigh againn.
Beirt Fhear.