Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Cruinnighthe Móra
Title
Na Cruinnighthe Móra
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éadaighe Ban. Nuair do chuireas romham caint a dhéanamh ar an nós nua éadaigh ní raibh aon phioc dá chuimhneamh agam ar a lán dár bhain leis. Dá mba is ná beadh orm acht cur síos ar shaoghal ar mbantracht agus tagairt do gach cor d'fhonn é chasadh ar mhaithe le hÉirinn bheadh slighe mo dhothain agam chun scríobhadh cuir i gcás is ná beadh an beagán céille i ngach iarracht dem chaint. Tá fhios ag an saoghal um an dtaca so ná gabhann ciall le caint na haimsire seo. Ní hé an pobal is cionntach leis sin acht an saoghal atá istigh againn i nÉirinn indiu. Dá bhrigh sin, ní rófhuirist leanamhaint go síor ag cur síos ar an éadach agus is lugha is fuirist leanamhaint ag cur síos ar nós Gaedhealach éadaigh. Dá mbeadh ar mbantracht ag maireach- taint fé shaoghal Ghaedhealach d'eireochadh ar saothar go breagh linn. Acht ní fheicim go bhfuil saoghal Gaedhealach againn. An duine go mbeadh sé de dhánaigheacht innti a mheas go bhfuil, bheadh breall uirthi. Tá lucht brille brealle agus mórchúise againn. I n-éinfheacht leo soin tá lucht an bhadhmainn go flúirseach againn. Is beag tír sa domhan ná baineann a bheag nó a mhór d'uaislibh léi. Níl ar a lán d'uaislibh na tíre seo acht aicme gur cuma leó síos nó suas Éire acht go mbeadh bochtáin na tíre ag féachaint le hurraim dóibh. Dá ndéarfainn an caint sin i n-ogham Bhéarla na haoise seo do thiocfaidís i m'chlipeadh is ag gabháil d'adharcaibh ionaim agus b'fhada an lá go raghadh a dhearmhad orm. Ní heol dam aon tslighe do b'fhearr chun ar mbantracht do chur ag saothar ar an nós nua éadaigh seo, ná faisún an lae indiu do léir do mheas agus do nochtadh san pháipéar so maraon le pé chor Gaedhealach a d'imtheóchaidh ortha le teacht na haimsire. Is féidir le ban leightheóirí an Chlaidhimh a mbreith do thabhairt ortha agus iad do mholadh ná a cháineadh do réir mar is toil leo é. Is beag ná gurab ionann scóp a ghabhann le gach dá chulaith iasachta dá bhfeicim agus is annamh a bheireann aon athrú neamh- choitchianta iad marab ionann is an hobble. Ní háil liom mná na hÉireann do chur i n-aon hobble eile mar ní beag a bhfuil de laindhcisí ortha cheana. Scaoilfeadh leis an dá áileán soin don chor so. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services