Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Cruinnighthe Móra

Title
Na Cruinnighthe Móra
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éadaighe Ban.



Nuair do chuireas romham caint a dhéanamh
ar an nós nua éadaigh ní raibh aon phioc dá
chuimhneamh agam ar a lán dár bhain leis.
Dá mba is ná beadh orm acht cur síos ar
shaoghal ar mbantracht agus tagairt do
gach cor d'fhonn é chasadh ar mhaithe le
hÉirinn bheadh slighe mo dhothain agam chun
scríobhadh cuir i gcás is ná beadh an beagán
céille i ngach iarracht dem chaint. Tá fhios
ag an saoghal um an dtaca so ná gabhann
ciall le caint na haimsire seo. Ní hé an
pobal is cionntach leis sin acht an saoghal
atá istigh againn i nÉirinn indiu. Dá bhrigh
sin, ní rófhuirist leanamhaint go síor ag
cur síos ar an éadach agus is lugha is fuirist
leanamhaint ag cur síos ar nós Gaedhealach
éadaigh. Dá mbeadh ar mbantracht ag maireach-
taint fé shaoghal Ghaedhealach d'eireochadh
ar saothar go breagh linn. Acht ní fheicim go
bhfuil saoghal Gaedhealach againn. An
duine go mbeadh sé de dhánaigheacht innti a
mheas go bhfuil, bheadh breall uirthi. Tá
lucht brille brealle agus mórchúise againn.
I n-éinfheacht leo soin tá lucht an bhadhmainn
go flúirseach againn. Is beag tír sa domhan
ná baineann a bheag nó a mhór d'uaislibh léi.
Níl ar a lán d'uaislibh na tíre seo acht aicme
gur cuma leó síos nó suas Éire acht go mbeadh
bochtáin na tíre ag féachaint le hurraim
dóibh. Dá ndéarfainn an caint sin i
n-ogham Bhéarla na haoise seo do thiocfaidís
i m'chlipeadh is ag gabháil d'adharcaibh ionaim
agus b'fhada an lá go raghadh a dhearmhad orm.



Ní heol dam aon tslighe do b'fhearr chun
ar mbantracht do chur ag saothar ar an nós
nua éadaigh seo, ná faisún an lae indiu
do léir do mheas agus do nochtadh san pháipéar
so maraon le pé chor Gaedhealach a
d'imtheóchaidh ortha le teacht na haimsire.
Is féidir le ban leightheóirí an Chlaidhimh a
mbreith do thabhairt ortha agus iad do mholadh
ná a cháineadh do réir mar is toil leo é.
Is beag ná gurab ionann scóp a ghabhann
le gach dá chulaith iasachta dá bhfeicim agus
is annamh a bheireann aon athrú neamh-
choitchianta iad marab ionann is an hobble.
Ní háil liom mná na hÉireann do chur i
n-aon hobble eile mar ní beag a bhfuil de
laindhcisí ortha cheana.



Scaoilfeadh leis an dá áileán soin don
chor so.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services