Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féachaint Amach Romhainn
Title
Féachaint Amach Romhainn
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Féachaint Amach Romhainn. Tá Seán Réamonn tar éis a rádh ná fuil ann ach áireamh míos agus seacht- mhainí go mbeidh Riaghaltas Éireannach i nÉirinn. Tá Ascuit tar éis a rádh ná léigfidh a Riaghaltas féin d'aoinne cosg a chur leo fá'n Riaghaltas Éireannach san a chur ar bun. Ní mór gurbh fhéidir aon sgéal a bheith níos deimhnighe, agus ní miste, is dócha, súil a bheith leis an rud a gheallaid an bheirt aca. Fágaimís an sgéal mar sin. An lá cuirfear an Riaghaltas Nua ar bun i nÉirinn beidh furmhór dár gcúraimí féin ar ar ngualainn féin againn. Ní bheidh Seán Buidhe a thuille mar Fhear Bodhar againn chun milleán gach aon ruda a chur air. Orainn féin a bheidh an moladh nó an milleán. Tá a lán againn á cheapadh go mbeidh gnó Chonnartha na Gaedhilge déanta nuair a bheidh Riaghaltas Éireannach i nÉirinn mar go ndéanfaidh an Riaghaltas san, adeirtear, cúram Stáit de'n Ghaedhilg. Ba thaithneamhach an sgéal é sin dá mb'fhíor. Ar machtnamh dúinn go mion ar an sgéal, ámhthach, agus ar gach rud ba riachtanach chun an chríoch thaithneamhach san a bheith ar ár gcuid oibre, ní féidir linn a rádh, ós árd ná ós íseal, go bhfuil an ionntaoibh sin go láidir againn. Na daoine atá i mbun polaitidheachta Éireann anois is iad na daoine céadna a bheidh i mbun riaghluighthe Éireann ar theacht Hóm Rúil. Táid siad- san ag déanamh an díchill a tuigtear dóibh chun, mar adeirid, “Náisiún do dhéanamh d'Éirinn arís,” Cuir i gcás go bhfaghaid siad an Hóm Rúil atáid (agus sinn-ne chomh maith leo) a lorg, agus go mbeidh déanamh an Náisiúin ar a lámhaibh agus ar a dtoil féin aca, an bhfuil aoinne dhíobh a thuigeann a bhfuil d'adhbhar Náisiúin ar a dheis cheana aige i nÉirinn? Aoinne aca a thuigeann é, an gcuireann an tuisgint sin aon dúthracht na chroidhe chun an t-adhbhar san a bhailiú agus a mhéadú agus a chur mar bhonn fé'n Náisiún. Cá bhfuil an duine aca ná beadh sásta le Náisiún a dhéanfaí as achtanna agus as dlighthe. An bhfuil aoinne aca a raghadh chomh fada linn-ne agus adéarfadh nach Náisiún Éire go bhfillidh sí ar a dúthchas Gaedhealach? Sé faid agus leithead na ceiste — an bhfuil aoinne de'n lucht pholaitidheacht atá againn dáiríribh i dtaobh an teagaisg seo atáimíd-ne a chraobhsgaoileadh, ná a dhéanfaidh aon dícheall uaidh féin ar bhrighe an teagaisg sin a chur i bhfeidhm ar ball nuair a bheidh an chomhacht ar a lámhaibh. Níl aon fhear mór polaitidheachta i nÉirinn anois go mbeadh aon bhrón mór air dá mbeadh an Ghaedhilg chomh marbh le hArt; agus is deimhin ná fuil aoinne aca ann atá ceapaithe ar sgéal na Gaedhilge a ghlacadh chuige agus ceist poiblighe a dhéanamh di agus troid pholaiticeach a dhéánamh ar a son. Tá dhá chúis leis sin (1) Níor dhein cúis na Gaedhilge a lucht polaitidheachta féin fós; agus (2) an lucht polaitidheachta atá cheana i nÉirinn, níl ionnta ach lucht polaitidheachta i gcroidhe agus i dteagasg. Níl sprid na sean-Ghaedheal i n-ao' chor ionnta. Bheadh Seán Réamonn nó Éamonn Cearson nó Seán Dilliún nó Liam Ó Briain chomh coigcríochach indiu i nUibh Ráthach nó i Ros Muc le hAscuit nó le Balfúr. Comhaireadh eolais atá aca ar a bhfuil d'adhbhar Ghaedhealach Náisiúin fós i nÉirinn. An oiread céadna áthais agus díograis a mhúsgluigheann sé i gcroidhe gach duine aca mar a gcéadna. Sin é ár laige. Ar an taoibh eile tugaid lucht polaitidheachta furmhór Éireann a ndeagh- ghuidhe do'n teangain fé mar thugann furmhór muinntire Éireann. Ba mhaith leo go raghadh sí ar aghaidh. Má iarrtar síntiús i gcóir Ciste an Teangan ortha, tugaid uatha é do réir a bhféile nó a neimh-fhéile agus deirid “go n-éirighidh libh” díreach mar a deir muinntir na tíre go léir. Sé an “go n-éirighidh libh” sin an taca is treise atá ag an nGaedhilg anois chun tabhairt fé'n saoghal nua so atá ag teacht. Is ana-láidir nó is ana-lag an chabhair í sin, do réir mar bainfear feidhm aisti. Sé an t-imshníomh atá orainnn-ne ná an ndéanfaidh an deagh-ghuidhe sin agus an aigne fé ndéara an deagh-ghuidhe - an ndéanfaidh sé spreagadh go leór ar na daoine a bheidh i gceannas ar ball chun gníomh a dhéanamh a chuirfidh an Ghaedhilg ó bhaoghal? An ndéanfaidh siad uatha féin an gníomh san nó an gcaithfear troid leo chun a chur d'fhiachaibh ortha é dhéanamh? An ndéanfaidh an Riaghaltas Nua cúram Stáit de'n Ghaedhilg nó an dá n-aindheoin a chuirfidh siad comaoin uirthi? Ní dhéanfaidh aon duine de'n lucht polaitidheachta atá anois ann cúram Stáit ná aon chúram eile ar fóghnamh de'n Ghaedhilg — muna gcaithidh sé é dhéanamh. Neamh-shuim fé ndéara dho san. Táid siad go léir beagnach deach- ghuidhtheach go leór, ach níl feidhm fútha agus seachnóchaidh an sgéal muna mbrúightear an sgéal ortha i dtreo ná féadfaidh dul tháirstí ná i leath-taoibh uaithe. Caithfear an sgéal a bhrúghadh ortha mar sin agus annsan déanfar sgéal polaitidheachta de'n Ghaedhilg. Níl aon dul eile as an sgéal ach ceist phoiblighe pholaitidheachta a dhéanamh de chúis na teangan sula fada. Caithfidh an Ghaedhilg dul ar aghaidh ná bás d'fhagháil agus ní raghaidh sí ar aghaidh i gceart muna gcuiridh Riaghaltas Éireannach mar chuspóir rómpa í d'aith-bheodhadh agus do shaothrú. Ní fhéadfar san a dhéanamh gan troid pholaitidheachta, óir ní bheidh an tír go léir ar a son. Beidh Cearson éigin i n-áit éigin, agus lucht Cobhaininte n-a theannta, ag troid go madramhail righin ar son Sheáin Bhuidhe i nÉirinn, agus b'fhéidir nach i gCúige Uladh amháin a bheidís sin. Níl aithne ár gcarad ná ár námhad fós againn ná ní bheidh go dtiocaidh lá na troda. Cad é an córú atá orainn-ne i gcóir an lae sin? Ba dhóigh le duine orainn go bhfuilimíd chun fanacht ciúin agus ár n-ionntaoibh a chur as an lucht polaitidheachta a bhéas ann fé Hóm Rúil, go ndéanfaidh siad-san, gan aon “cur isteach” uainn-ne, an gnó atá le déanamh. Ba mhaith linn a chur na luighe orainn féin go ndéanfaidís, nó fiú amháin, go dtuigid siad cad ba cheart a dhéanamh, nó cad chuige gur cheart aon ní a dhéanamh. Ní ionntaoibh gan amhras againn é — Sin é ár súil i láthair na huaire seo. Agus má theipeann an lucht polaitidheachta orainn cionnus a bheidh an sgéal annsan? An bhfuilimíd i seilbh chomh daingean san i dtoil agus i gcaradas muinntire na hÉireann go bhféadfaimíd a chur d'fhiachaibh ar lucht polaitidheachta ar dteagasg a ghlacadh chúca agus a chur i gcrích. Nílimid fós, b'fhéidir. “An Seabhac.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services